Buille tubaisteach do May agus a margadh imeachta in Westminster

Vótáil 432 feisire i gcoinne an mhargaidh Bhreatimeachta i bparlaimint na Breataine anocht agus ní raibh ar a shon ach 202

Buille tubaisteach do May agus a margadh imeachta in Westminster

Vótáil móramh de bhreis is 200 feisire i bparlaimint Westminster anocht i gcoinne mhargadh Breatimeachta Theresa May anocht, buille tubaisteach don Phríomh-Aire.

Vótáil 432 feisire i gcoinne an mhargaidh agus ní raibh ar a shon ach 202, an buille is mó fós do chur chuige Breatimeachta an Phríomh-Aire agus ceannaire na gCaomhach, an buille parlaiminte is measa a buaileadh ar aon Phríomh-Aire sa Bhreatain ó cuireadh tús leis an daonlathas parlaiminteach ansin.

Fágann toradh na hoíche anocht go bhfuil níos mó éiginnteachta ná riamh ann faoina bhfuil i ndán don Bhreatimeacht, atá in ainm is tarlú ar an 29 Márta.

Dúirt ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre Jeremy Corbyn go raibh vóta mímhuiníne sa Rialtas curtha síos aige don lá amárach. Tá ráite ag Corbyn go dteastaíonn olltoghchán uaidh, ach meastar gur ar éigean a éireoidh lena vóta mímhuiníne toisc go mbeadh doicheall mór ar Thóraithe agus ar an DUP tacú le rún a chuirfeadh rialtas caomhach dá bhoinn.

Mhaígh Theresa May féin níos túisce tráthnóna gur ionann vóta i gcoinne a margaidh agus vóta ar son “na héiginnteachta” agus “na scoilte” agus gurb é an toradh a bheadh air nach mbeadh margadh “ar bith” ann.

Fágann an móramh ollmhór a vótáil i gcoinne phlean May, áfach, go bhfuil an oiread céanna éiginnteachta anois ann faoina  bhfuil i ndán di féin agus gur lú seans go mbeidh ar a cumas filleadh ar an bparlaimint le margadh eile.

Dúirt urlabhraí thar ceann  Donald Tusk, uachtarán na Comhairle Eorpaí gur oth leis an Aontas Eorpach toradh na vótála i Londain. “Is oth linn toradh na vótála agus iarraimid ar Rialtas na Ríochta Aontaithe soiléiriú a dhéanamh a luaithe agus is féidir ar a bhfuil i gceist acu a dhéanamh maidir leis na céad chéimeanna eile s’acu,” arsa urlabhraí Tusk.

Fág freagra ar 'Buille tubaisteach do May agus a margadh imeachta in Westminster'