‘Buille mór’ do Scoil Cheoil an Earraigh agus gan aon mhaoiniú ón gComhairle Ealaíon aici do 2016

Beidh impleachtaí móra ag ‘drochscéal’ seo don bhféile bhliantúil a bhíonn ar siúl i gCorca Dhuibhne, a deir duine de Chomh-Stiúrthóirí na Scoile Ceoil

Fiddle
Pictiúr:scoilcheoil.com

‘Buille mór’ é do Scoil Cheoil an Earraigh an scéala nach mbeidh aon mhaoiniú á chur ar fáil ag an gComhairle Ealaíon di sa bhliain amach romhainn.

Fuair stiúrthóirí na Scoile Ceoil an scéal inniu nach mbeadh an Chomhairle Ealaíon ag tacú leo i 2016 mar a rinne siad le blianta fada roimhe seo.

Is i mBaile an Fheirtéaraigh a bhíonn Scoil Cheoil an Earraigh ar siúl gach bliain agus beidh sí dhá bhliain déag ar an bhfód an bhliain seo chugainn.

Is faoi Scéim na bhFéilte Beaga a bhíodh Scoil Cheoil an Earraigh á maoiniú ag an gComhairle Ealaíon agus €9,000 a ceadaíodh di i 2015.

I ráiteas a d’eisigh lucht na Scoile Ceoil tráthnóna, dúradh nár thug an Chomhairle Ealaíon le fios go raibh aon “mhíshástacht” ann maidir leis an bhféile.

Is é is aidhm leis an bhFéile bhliantúil ná ceol agus cultúr Chorca Dhuibhne a chur chun cinn.

Dúirt Niamh Ní Bhaoill, duine de stiúrthóirí na Scoile, tráthnóna go gcuirfeadh an gearradh siar seo isteach go mór ar imeachtaí na bliana seo chugainn.

“Beidh impleachtaí ag an drochscéal seo ar chlár na n-imeachtaí agus ar líon na n-ealaíontóirí ar féidir linn cuireadh a thabhairt dóibh, ach leanfaidh an Scoil Cheoil ar aghaidh ar na dátaí a bhí beartaithe, idir an an 17 agus an 21 Feabhra 2016’, a dúirt Ní Bhaoill, Comh-Stiúrthóir na Scoile Ceoil.

“Scéal an-dhíomách is ea é, ní hamháin don Scoil Cheoil, ach do na healaíona traidisiúnta i gcoitinne agus do shaol na n-ealaíon i gCorca Dhuibhne,” a dúirt Niamh Ní Bhaoill.

Fág freagra ar '‘Buille mór’ do Scoil Cheoil an Earraigh agus gan aon mhaoiniú ón gComhairle Ealaíon aici do 2016'