Buaiteoirí ghradaim leabhar na bliana fógartha ag an Oireachtas

Is é Noel Ó Gallchóir a scríobh agus a d’fhoilsigh an leabhar ‘Aisteoirí Ghaoth Dobhair’ a bhuaigh Gradam Uí Shúilleabháin 2021

Buaiteoirí ghradaim leabhar na bliana fógartha ag an Oireachtas

An Conallach Noel Ó Gallchóir a thug leis Gradam Uí Shúilleabháin 2021 dá shaothar Aisteoirí Ghaoth Dobhair 1931-1981.

Bronnann an tOireachtas Gradam Uí Shúilleabháin ar leabhar na bliana don léitheoir fásta.

Tabharfaidh Ó Gallchóir leis an duais €2,500 don údar agus an duais €5,000 don fhoilsitheoir agus an leabhar féinfhoilsithe aige.

Déantar cur síos in Aisteoirí Ghaoth Dobhair 1931-1981 ar bhunú agus stair an chompántais aitheanta drámaíochta a bhfuil Ó Gallchóir féin mar chuid de.

Tá Ó Gallchóir i mbun oibre ar leabhar eile faoi Aisteoirí Ghaoth Dobhair a inseoidh stair an chompántais ó thús na 1980idí go dtí an lá atá inniu ann.

Seacht leabhar ar fad a bhí san iomaíocht do Ghradam Uí Shúilleabháin i mbliana.

Is í Bridget Bhreathnach agus an comhlacht foilsitheoireachta Futa Fata a thug leo Gradam Réics Carló don leabhar Cluasa Capaill ar an Rí.

Bronnfar €1,250 ar Bhreathnach, tabharfar €1,250 d mhaisitheoir an leabhair, Shona Shirley MacDonald agus bronnfar €5,000 ar Futa Fata.

Is iad Gabriel Rosenstock agus an foilsitheoir Dalen Éireann a thug leo Gradam de Bhaldraithe, leabhar na bliana do shaothar aistrithe go Gaeilge ó theanga eile. Taisce Raga Rua, scéal in eachtraí Tintin, an saothar a ghnóthaigh an duais agus €500 le bronnadh ar Rosenstock agus €1,500 buaite ag an bhfoilsitheoir Dalen Éireann.

Thréaslaigh Máirín Nic Dhonnchadha, Stiúrthóir Gníomhach an Oireachtais leis na foilsitheoirí, na scríbhneoirí agus na healaíontóirí a bhí san iomaíocht do ghradaim na bliana seo.

“Bliain de scoth í seo do léitheoirí óga agus lánfhásta araon i bhfianaise na dteideal úrnua ar shárchaighdeán a tháinig ar an margadh. Tá réimse fairsing ábhar agus seánraí i measc na leabhar ar na gearrliostaí chomh maith leis na cinn bhuacacha agus guím gach rath ar na céimeanna eile sa bpróiseas – margaíocht, díolachán agus léamh na leabhar.”

Foras na Gaeilge a dhéanann urraíocht ar na gradaim leabhar agus rinne Príomhfheidhmeannach an Fhorais, Seán Ó Coinn, comhghairdeachas leo siúd a bhain áit amach ar an ngearrliosta i mbliana.

“Tá éacht déanta ag ár bhfoilsitheoirí a choinnigh sruth de leabhair Ghaeilge d’ardchaighdeán ag teacht chugainn, agus a thug ábhar léitheoireachta, lón machnaimh agus siamsaíocht do phobal na Gaeilge, idir pháistí agus daoine fásta le linn laethanta dorcha na paindéime. Thar ceann phobal na Gaeilge ba mhaith ár mbuíochas a ghabháil leo agus tréaslú leo as a saothar.”

Duaischiste iomlán €17,000 a fógraíodh do na gradaim leabhar.

Fág freagra ar 'Buaiteoirí ghradaim leabhar na bliana fógartha ag an Oireachtas'

  • Micheál Ó Máirtín

    An-obair/taighde déanta ag Noel Ó Gallchóir leis an Leabhar Aisteoirí Ghaoth Dobhair. Taifead iontach tábhachtach ar shaol na Gaeltachta agus Ar an drámaíocht atá sa Leabhar. Tréaslaím a dhúthracht le Noel agus Tá mé iontach sásta gur bronnadh an Graham luachmhar seo Ar an Leabhar. Tá mé ag dúil leis an chéad saothar eile le Noel.