‘Níl dabht ar bith gurb iad na haisteoirí, thar dhream ar bith eile, a chuir Gaoth Dobhair i mbéal an phobail’

Deir údar leabhar nua nach mbeadh Gaoth Dobhair aitheanta ar cheann de na príomhcheantair Ghaeltachta sa tír murach an compántas drámaíochta

‘Níl dabht ar bith gurb iad na haisteoirí, thar dhream ar bith eile, a chuir Gaoth Dobhair i mbéal an phobail’

Na hAisteoirí ag cleachtadh don dráma 'Oíche Fhéile Míchíl' sa Damer i 1956. Seán Ó Gallchóir, Niall Ó Dubhthaigh, Máire Nic Eachmharcaigh, Máire Nic Giolla Easbuic, Tomás Mac Giolla Bhríghde, Conall Ó Fearraigh agus Áine Nic Giolla Bhríde

Ní féidir luach agus tionchar Aisteoirí Ghaoth Dobhair a thomhas le coirn agus gradaim amháin, cé gur bhuaigh siad neart acusan, a deir údar leabhar nua.

Murach an compántas drámaíochta seo a bunaíodh ag tús na 1930idí, ní bheadh Gaoth Dobhair aitheanta ar cheann de na príomhcheantair Ghaeltachta agus Gaeilge sa tír, a deir údar Aisteoirí Ghaoth Dobhair 1931-1981, Noel Ó Gallchóir.

“Níl dabht ar bith fá dtaobh d’Aisteoirí Ghaoth Dobhair, thar dream ar bith eile, a chuir Gaoth Dobhair i mbéal na ndaoine,” a deir Noel Ó Gallchóir, iarphríomhoide sa cheantar agus fear atá sáite sa chompántas freisin.

“Déarfá leat féin, cén fáth gur i nGaoth Dobhair a bunaíodh eastát tionsclaíochta i 1966? Cén fáth gur anseo atá oifigí ag Roinn na Gaeltachta, ag Raidió na Gaeltachta? Sílim go raibh baint mhór ag Aisteoirí Ghaoth Dobhair le hainm Ghaoth Dobhair a chur in airde.”

Aisteoirí Ghaoth Dobhair i mBaile Átha Cliath i mí Dheireadh Fómhair 1952 ag an Oireachtas. Fuair siad an chéad áit leis an dráma Na Trí Achaine (The Monkey’s Paw). Niall Ó Dubhthaigh, Proinsias Ó Maonaigh, Áine Nic Giolla Bhríde, Seán Mac Aodha, Áine Nic Gairbheith (Uí Ghallchóir) agus Seán Ó Gallchóir

Deir Ó Gallchóir go dtagadh busanna ó Bhéal Feirste agus ar fud Uladh chun taispeántais a fheiceáil in Amharclann Ghaoth Dobhair agus go mbíodh cuairt chun na hamharclainne ina buaicphointe acu siúd a bhíodh ar na cúrsaí Gaeilge sa cheantar.

Measadh go raibh Aisteoirí Ghaoth Dobhair chomh maith leis na cumainn ab fhearr a bhí i mbun drámaí Béarla ag an am, nó níos fearr b’fhéidir. ‘The Premiere Dramatic Society in the County’ a thug an Derry Journal orthu i 1955, moladh atá ar chúl an leabhair, Aisteoirí Ghaoth Dobhair 1931-1981, a d’fhoilsigh Ó Gallchóir féin.

Bhí baint mhór ag tionchar mhuintir Mhic Giolla Bhríde leis an rath a bhí ar na hAisteoirí agus bheartaigh Ó Gallchóir díriú ar dtús ar an gcéad 50 bliain de stair an chompántais mar gurbh í sin an tréimhse a chaith Áine Nic Giolla Bhríde i mbun léirithe agus aisteoireachta leo.

“Seo an chéad leathchéad bliain agus an leathchéad bliain a chaith Áine ag stiúradh na nAisteoirí.

“Deartháir le hÁine, Eoghan Mac Giolla Bhríde a bhunaigh na hAisteoirí ar dtús agus nuair a fuair seisean bás go hóg i 1939, ghlac sise ceannas ar na hAisteoirí agus ba í siúd a bhí i gceannas ar na hAisteoirí go dtí 1981.”

Col ceathrair le hÁine, Tomás Mac Giolla Bhríghde a bhí i mbun na nAisteoirí go dtí go bhfuair sé bás in 2013 agus deir Ó Gallchóir go bhfuil an chéad leabhar eile atá á scríobh aige dírithe ar na blianta sin agus tionchar Thomáis ar an gcumann drámaíochta agus ar cheantar Ghaoth Dobhair trí chéile.

Niall Ó Maolagáin agus Proinsias Ó Maonaigh i nGaillimh i 1954.

Deir Ó Gallchóir gur bhunaigh Eoghan Mac Giolla Bhríde na hAisteoirí ar mhaithe leis an drámaíocht ach deir sé go raibh “díghalldú” na hÉireann ar cheann de na haidhmeanna a bhí aige fosta.

Chuaigh na hAisteoirí chun stáitse den chéad uair mí Eanáir 1932 sna Doirí Beaga agus míníonn Ó Gallchóir go raibh sé de nós ag grúpaí drámaí Béarla a dhéanamh agus iad ar camchuairt sa cheantar agus bheartaigh Aisteoirí Ghaoth Dobhair dráma Béarla a dhéanamh roimh an dráma Gaeilge a bhí acu féin.

“Sa tuairisc a bhí sa pháipéar áitiúil an Satharn ina dhiaidh sin,” a deir Ó Gallchóir, “tugadh cuntas don dráma Béarla, ‘A very successful play was staged in the Derrybeg Hall on Sunday night when a cast of local artistes presented ‘Mrs Mulligan’s Millions’ to a house filled to capacity’.

“Níl tagairt ar bith den dráma Gaeilge. Cé gur ócáid stairiúil a bhí ann, an tús le hAisteoirí Ghaoth Dobhair, níor luadh an dráma Gaeilge a léiríodh! Taispeánann sé an meon a bhí in Éirinn sna tríochaidí. Ní raibh traidisiún drámaíochta ar bith anseo seachas drámaí Béarla.”

Ceapann Ó Gallchóir gur “fórsa láidir ó thaobh na Gaeilge” a bhí in Aisteoirí Ghaoth Dobhair cé nach bhfuair siad an t-aitheantas sin i gcónaí.

“Fuair cuid mhór daoine locht orthu siocair nár léirigh siad an oiread sin bundrámaí Gaeilge, gur aistriúcháin is mó a léirigh siad agus tá sé sin fíor,” arsa Ó Gallchóir.

Siobhán Nic Cionnaith agus Áine Nic Giolla Bhríde ag oscailt Amharclann Ghaoth Dobhair

“Cé gur aistriúcháin a bhí iontu, chuir siad a gcóiriú féin ar na drámaí sin agus sin an sórt drámaí a thaitin le daoine.”

Mheall Aisteoirí Ghaoth Dobhair na sluaite agus iad ar chamchuairteanna ar fud na tíre. Ba mhinic iad ar stáitse i mBéal Feirste, in Amharclann an Damer agus in Amharclann na Mainistreach i mBaile Átha Cliath. Chuaigh siad sall chuig Glaschú faoi dhó freisin.

Bhí ionad dá gcuid féin ag teastáil ó na hAisteoirí go fóill agus i 1955 fuair siad deontas £12,000 ón Rialtas chun Amharclann Ghaoth Dobhair a thógáil. Tar éis dóibh drámaí a chur ar bun ag féilte ar fud na tíre chun an chuid eile den airgead a bhí ag teastáil a bhailiú, osclaíodh an amharclann i 1961.

“Fuair mé amach go ndearna dreamanna Gaeilge i mBaile Átha Cliath dhá iarracht amharclann cosúil le hAmharclann Ghaoth Dobhair a bhunú ach theip ar an dá iarracht,” a deir Ó Gallchóir.

Léiríonn sé sin don údar an cumas a bhí sna hAisteoirí, go rabhadar in ann amharclann a thógáil in iarthuaisceart Dhún na nGall nuair a theip faoi dhó ar iarrachtaí den chineál céanna sa phríomhchathair.

“Agus cúrsaí eacnamaíochta go holc ag an am, bhí rudaí go holc in Éirinn ag deireadh na gcaogaidí, tús na seascaidí ach mar sin féin, d’éirigh le hAisteoirí Ghaoth Dobhair an amharclann bhreá seo a thógáil le cuidiú deontais.”

Thug an amharclann sin a n-áit féin d’Aisteoirí Ghaoth Dobhair agus chomh maith leis an gceantar a chur chun cinn, bhí tionchar nach beag ag an amharclann agus ag an gcompántas ar chúrsaí cultúrtha freisin, a deir Ó Gallchóir. Tá an tionchar sin fós le feiceáil sa lá atá inniu ann, a deir sé.

“Tá sé léirithe sa leabhar freisin ó thaobh dreamanna cosúil le Clannad, Enya agus Altan, seo an áit ar thosaigh siad in Amharclann Ghaoth Dobhair. Bhí clann Uí Dhúgáin agus clann Uí Bhraonáin in Aisteoirí Ghaoth Dobhair ag scríobh, ag léiriú, ag aisteoireacht. Sin an t-ardán a bhí acu ar dtús.”

Fág freagra ar '‘Níl dabht ar bith gurb iad na haisteoirí, thar dhream ar bith eile, a chuir Gaoth Dobhair i mbéal an phobail’'

  • Iarla Mac Aodha Bhuí

    An cuimhin le duine ar bith eile Clannad ag casadh ‘San Bernardino’ san Amharclann am éigin sna 70í?

  • S. Mac Muirí

    Tá tusa ró-óg le cuimhneamh ar an ré órga soin a Iarla. 😉