Buaigh agus bog suas, caill agus sleamhnaigh síos

Cuirfear tús leis an aicsean i Roinn 1A na sraithe iománaíochta anocht i Staid Semple agus an Ghaillimh ar cuairt ar Thiobraid Árann

Buaigh agus bog suas, caill agus sleamhnaigh síos

Comhghairdeas le Baile Gunnair, seaimpíní club na hÉireann arís a bhuíochas le taispeántas a bhí lán de spiorad, luas, neart agus ealaín. Bhí ardchluiche againn. Bhí Baile Locha Riach an-iomaíoch ach an iomad curtha amú acu sa chéad leath.

An Ghaillimh 1-16, Baile Átha Cliath 2-13 (bhuaigh Gaillimh ar phionóis). Bhí cluiche cothrom i bPáirc Parnell an Satharn seo caite, agus leaideanna an iarthair a thug abhaile leo Corn an Bhreatnaigh. Bhí Gaillimh níos cruinne i gcrannchur na gciceanna pionóis.

An tráthnóna céanna i gcluiche ceannais Shraith Iománaíochta na Mumhan bhuaigh Luimneach 0-23 i gcoinne Phort Láirge 0-15 i Mala, agus 0-11 scóráilte ag Aidan O’Connor.

Cuirtear tús an deireadh seachtaine seo le ceann de na príomhchomórtais iománaíochta, an tSraith Allianz. Ach ná bíodh aon dabht faoi, is é seo an tríú comórtas ar liosta na mbonn nó na gcomórtas is mian le himreoirí idirchontae a bhuachan.

Is é Corn Liam Mhic Cárthaigh agus na boinn a ghabhann leis, mar a bhí riamh, uimhir a haon. Is iad boinn na gcúigí, Cúige Mumhan agus Cúige Laighean, an dara sprioc is mó. Agus sa tríú háit tá Sraith Allianz. Dáiríre is é an t-aon dáta a bhíonn ar intinn ag bainisteoirí agus imreoirí ná deireadh seachtaine an 18-19 d’Aibreán, nuair a thosaíonn an chraobh.

Ach tosóidh sraith 2026 anocht agus go bunúsach seo mar a bheidh.

Sa phríomhroinn, Roinn 1A, beidh na foirne ag imirt le craobh na Sraithe Náisiúnta Iomána a bhuachan, agus imreoidh an dá fhoireann is fearr sa chluiche ceannais. Is iad torthaí bhabhtaí na ngrúpaí, dar ndóigh, a shocraíonn sin. Tá seacht gcontae i ngach grúpa.

Maidir le hardú agus ísliú céime, i Ranna 1B, 2, 3 agus 4, imríonn an chéad dá fhoireann cluiche ceannais na roinne agus téann an péire acu go dtí an roinn os a gcionn. Ar an taobh eile den scéal, titeann an dá fhoireann is ísle i Ranna 1A, 1B, 2 agus 3 síos go dtí an roinn thíos fúthu. Sin é an scéal, buaigh agus bog suas, caill agus sleamhnaigh síos.

Cuirfear tús leis an aicsean in 1A anocht i Staid Semple agus an Ghaillimh ar cuairt ar Thiobraid Árann.

Is é seo an dara bliain ag Micheál Donoghue mar bhainisteoir ar na Gaillimhigh, agus tá cuma nua ar an bhfoireann bhainistíochta agus iad ag tabhairt faoin dúshlán atá rompu. Más aon chomhartha é teip na bliana anuraidh, dúshlán mór atá rompu ach nach amhlaidh an scéal le foirne sinsir na Gaillimhe le blianta fada.

Tá Eamon O’Shea imithe óna ról mar chóitseálaí foirne. Tá athrú déanta freisin ó thaobh cúrsaí nirt agus folláine agus Barry O’Brien, a bhíodh ina chóitseálaí sinsearach feidhmíochta lúthchleasaíochta le Rugbaí Chonnacht, ag teacht isteach in áit iar-imreoir rugbaí na hÉireann, Johnny O’Connor.

Chomh maith leis sin, tá Daragh Sheridan curtha leis an bhfoireann. Bhí sé roimhe seo ina cheannaire ar fhorbairt cóitseálaithe ardfheidhmíochta leis an IRFU, agus beidh sé ag obair leis na hiománaithe chomh maith le peileadóirí na Gaillimhe in 2026. Ach ag deireadh an lae, is iad na himreoirí a bhuafaidh nó a chaillfidh na cluichí. Feicfimid conas mar atá acu anocht. An t-am seo anuraidh is beag duine a bhí ag tabhairt aon seans do Thiobraid Árann aon chraobh a bhuachan ach ag deireadh na bliana bhí an duais is mó acu. Feicfimid anocht conas atá na comharthaí do 2026.

As na foirne atá ag feidhmiú sa phríomhroinn, bheinn ag ceapadh go mbeidh an brú is mó ar Phort Láirge agus Uíbh Fhailí.

Beidh Uíbh Fhailí ag taisteal go Páirc Uí Nualláin amárach agus bí cinnte nach bhfaighidh siad aon ‘rud bog’ ansan. Is cois Laoi a bheidh an cluiche deireanach i roinn a haon agus Port Láirge mar fhreasúra. Dar ndóigh, tá an-suim sa chontae seo, go háirithe leis an bhfoireann nua bainistíochta faoi stiúir Ben O’Connor. Bhí cuid mhaith díospóireachta ar líne nuair a ainmníodh an painéal don chomórtas sraithe agus gan aon imreoir ann ó na Sáirséalaigh, seaimpíní an chontae anuraidh. Mar is amhlaidh an cás le Tiobraid Árann, feicfimid conas atá na comharthaí níos luaithe amárach.

Níl aon chluiche ag Luimneach an deireadh seachtaine seo agus imreoidh an Clár ( sa bhaile) agus Áth Cliath sa chluiche is mó spéise i roinn 1B.

Fág freagra ar 'Buaigh agus bog suas, caill agus sleamhnaigh síos'