Aire na Gaeltachta fós le cuairt a thabhairt ar Ghaeltacht Dhún na nGall, Chiarraí, Chorcaí agus Phort Láirge

Tá Dara Calleary bliain ina phost mar aire an tseachtain seo ach níor thug sé cuairt mar aire go fóill ach ar Ghaeltacht na Gaillimhe, Mhaigh Eo agus na Mí

Aire na Gaeltachta fós le cuairt a thabhairt ar Ghaeltacht Dhún na nGall, Chiarraí, Chorcaí agus Phort Láirge

Níor thug Aire na Gaeltachta Dara Calleary aon chuairt mar aire go fóill ar Ghaeltacht Dhún na nGall, Chiarraí, Chorcaí ná Phort Láirge.

Beidh Calleary bliain ina phost mar aire amárach, Dé hAoine.

Léiríonn scagadh atá déanta ag Tuairisc ar dhialann oifigiúil an Aire gur thug sé 14 cuairt ar an nGaeltacht ó ceapadh é ar an 23 Eanáir 2025. Bhain seacht gcinn de na cuairteanna sin le Gaeltacht Mhaigh Eo, contae dúchais Calleary, agus sé chuairt a thug sé ar Ghaeltacht na Gaillimhe. Ráth Chairn, i nGaeltacht na Mí an t-aon cheantar eile gur thug Dara Calleary cuairt air le bliain anuas.

Cuairt amháin a thug sé ar Ráth Cairn, d’oscailt Chomórtas Peile na Gaeltachta, Dé hAoine, deireadh seachtaine na Cincíse.

Tá cuairt tugtha aige ar thrí cinn de na hOileáin Ghaeltachta, Árainn, Inis Oírr agus Acaill.

Dúirt Roinn na Gaeltachta le Tuairisc go raibh sé i gceist ag an Aire Calleary a chéad chuairt a thabhairt go luath ar Ghaeltacht Dhún na nGall, Chiarraí, Chorcaí agus Phort Láirge.

“Tá i gceist aige [An tAire] cuairteanna a thabhairt ar na ceantair eile Ghaeltachta luath in 2026.

“Cheana féin ina chéad bhliain mar Aire, tá éirithe leis an Aire Calleary an méadú is mó riamh a fháil don Ghaeltacht, don Ghaeilge agus do na hOileáin i mBuiséad 2026 – rud a léiríonn tiomantas an Aire don earnáil agus a chuirfidh ar chumas a Roinne roinnt de na tograí caipitil is mó riamh a fhorbairt sa Ghaeltacht agus leanúint ar aghaidh leis an obair luachmhar atá ar bun chun an fhorbairt theangeolaíoch, phobail, eacnamaíoch agus shóisialta a chur chun cinn sna réigiúin Ghaeltachta uile.”

Tá Dara Calleary ina aire in dhá roinn – tá sé ina Aire Coimirce Sóisialaí chomh maith le bheith ina Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta.

Is é an chéad aire sinsearach ar leagadh príomhchúram na Gaeltachta air ó 2011.

Fág freagra ar 'Aire na Gaeltachta fós le cuairt a thabhairt ar Ghaeltacht Dhún na nGall, Chiarraí, Chorcaí agus Phort Láirge'

  • Donncha O hEallaithe

    Is fíor gur éirigh leis an Aire Dara Calleary ardú suntasach a fháil don chaiteachas anuraidh ach bheadh amhras orm arbh é ‘an méadú is mó riamh’. I gcás an chaiteachais ar an nGaeltacht bhí ardú £12,300,ooo ann i meastúchán na bliana seo, idir caiteachas reatha is caipitil: b’shin ardú +21%, tá mé ag déanamh amach. Níl tada mí-cheart le sin. Ach an méadú ba mhó riamh? Níl a fhios agam. Bhí ardú £13,659,000 (+41%) i 2021 ar an gcaiteachas sa nGaeltacht.

    Níor mhiste a mheabhrú don Roinn gur caitheadh £51,741,000 in airgead caipitil ar thogra Gaeltachta i 2006, 20 bliain ó shin, le caitheamh sa nGaeltacht, €3,584,000 de sin ar thithíocht. I mbliana níl ach €24,204,000 de airgead caipitil le cur ar fáil le caitheamh sa nGaeltacht, níos lú ná leath den méid a cuireadh ar fáil 20 bliain ó shin: níl pinghin amháin féin den airgid sin le caitheamh ar thithíocht! Sin é an fhadhb.

    Diúltaíonn Aire na Gaeltachta agus Roinn na Gaeltachta AON airgead caipitil a iarraidh ón lár-chiste le caitheamh ar tithíocht, do réir mar atá ceadaithe ag Acht na Tithíochta Gaeltachta 2001. Ach cén mhaith an chumacht faoin Acht a bheith ag an Aire Gaeltachta, mura gcuireann sé airgead caipitil ar fáil sna meastúcháin le caitheamh ar thithíocht a chur ar fáil do chainteoirí Gaeilge atá ag iarraidh cur futhu sa nGaeltacht.