An Ghaeltacht agus An Daingean cáilithe do chluichí ceannais na hÉireann ar lá draíochta do mhuintir Chorca Dhuibhne

Dráma go deireadh a bhí ann cois Laoi agus ba ghá am breise a imirt sa dá chluiche leathcheannais

An Ghaeltacht agus An Daingean cáilithe do chluichí ceannais na hÉireann ar lá draíochta do mhuintir Chorca Dhuibhne

Beidh An Ghaeltacht agus an Daingean ag triall ar Pháirc an Chrócaigh do chluichí ceannais na hÉireann agus lá dá saol ag muintir Chorca Dhuibhne i bPáirc Uí Chaoimh i gCorcaigh tráthnóna.

Dráma go deireadh a bhí ann cois Laoi agus ba ghá am breise a imirt sa dá chluiche leathcheannais.

An Ghaeltacht ba thúisce a chinntigh go mbeidís ag triall ar Pháirc an Chrócaigh nuair a fuair siad an ceann is fearr i gcluiche leathcheannais chraobh idirmheánach na hÉireann ar na Solláin, 0-18 in aghaidh 0-17.

Eipic eile a bhí romhainn i gcluiche leathcheannais na sinsear agus an ceann is fearr faighte ag an Daingean ar Bhaile Buadáin, 1-26 in aghaidh 1-24, a bhuíochas cuid mhór do Paul Geaney nach raibh aclaí a dhóthain chun tosú ach a d’athraigh an cluiche ó bhonn nuair a tháinig sé itseach i ndiaidh leath ama.

Beidh geansaí Chumann Caide na Gaeltachta le feiceáil i bPáirc an Chrócaigh den chéad uair le 22 bliain agus iad cáilithe do chluiche ceannais Chraobh Idirmheánach na hÉireann an Domhnach seo chugainn.

Agus an dara leath d’am breise nach mór caite in aghaidh na Sollán, bhí an chuma ar chúrsaí nach mbeadh i ndán do bhuachaillí na Gaeltachta ach an briseadh croí céanna a bhí rompu nuair a chaill siad déanach san imirt i gcluiche leathcheannais an chomórtais chéanna in 2018.

Cuireadh den ghort an lá céanna Éanna Ó Conchúir ach ba é inniu lá an tslánaithe d’fhear Bhaile na nGall agus a leathbhádóirí.

Agus an t-am cúitimh ag deireadh an dara leath d’am breise nach mór caite, chinn an réiteoir nár scaoil Emmet Ralph na Sollán leis an liathróid agus bhronn sé cic saor ar an nGaeltacht i lár páirce.

Agus curaidh Chill Dara agus Chúige Laighean pointe chun cinn, tugadh an liathróid 50 méadar suas an pháirc agus bhí cinneadh mór le déanamh ag an nGaeltacht agus Ó Conchúir – an pointe bog a thógáil agus dul i muinín chrannchur na gciceanna pionóis nó tabhairt faoin scór dá phointe.

Níor chaill fear an mhisnigh riamh é agus sheol cic ard diamhair Uí Chonchúir curaidh Chiarraí go dtí cluiche ceannais na hÉireann agus chuir sé muintir na Gaeltachta le báiní.

Ba chóir go mbeadh an cluiche buaite ag an nGaeltacht sa ghnátham imeartha. Agus gan ach ocht nóiméad fágtha fuair Aodhna Ó Beaglaoich pointe a chuir ceithre phointe chun cinn iad, 0-14 in aghaidh 0-10. Bhí a mbeirt imreoirí sinsir idirchontae, Brian Ó Beaglaoich agus Cathal Ó Beaglaoich, nach raibh aclaí a ndóthain chun tosú, tagtha isteach ón mbinse agus an chuma ar an nGaeltacht go raibh smacht ar an imirt acu. Faoin 42ú nóiméad bhí ocht bpointe aimsithe ag Ruairí Ó Beaglaoich, laoch na himeartha. Ansin sa 52ú nóiméad fuair Stevie Kelly na Sollán cúl a d’athraigh cúrsa an chluiche.

Dhá nóiméad ina dhiaidh sin fuair Luke Kelly a chúigiú pointe do na Solláin agus bhí comhscór ann. Fuair Éanna Ó Conchúir scór álainn ó uillinn ghéar chun an Ghaeltacht a chur chun tosaigh arís agus gan ach dhá nóiméad fágtha. Ina dhiaidh sin bhí imreoirí, lucht leanúna agus lucht bainistíochta na Gaeltachta oiriúnach le ceangal nuair a sháraigh na Solláin an riail triúr chun tosaigh. Níor gearradh aon phionós orthu, áfach, agus thapaigh James Dalton an deis na foirne a tharraingt cothrom agus am breise a chinntiú.

B’éigean ceithre athrú a dhéanamh roimh thús na himeartha ar fhoireann na Gaeltachta de dheasca gortuithe agus faoin am gur cuireadh tús leis an am breise bhí an chosúlacht air go raibh siad ábhairín tugtha agus gur mhó an fuinneamh a bhí fágtha i bhfoireann na Sollán.

Sa chéad nóiméad den chéad tréimhse am breise chuaigh fir Chill Dara chun tosaigh den chéad uair ón naoú nóiméad. Bheidís chun cinn arís sna soicindí deireanacha den dara tréimhse ach ní raibh deireadh ráite fós ag an nGaeltacht ná ag Éanna Ó Conchúir.

Níorbh é Ó Conchúir an t-aon ghaiscíoch ag na Duibhnigh, ná baol air. Má bhí cuid dá gceannairí móra in easnamh orthu ag an tús, ní raibh aon easpa ceannaireachta i measc na n-imreoirí a chuaigh chun páirce.

Bhí Aidan Walsh ar fheabhas lár an ghoirt agus é ag imirt ar a phaiste dúchais agus léirigh imreoirí amhail Seán Ó Gairbhí, Aodhna Ó Beaglaoich agus Cian Ó Murchú an spiorad agus an cumas a bhí ag teastáil chun na deacrachtaí go léir a bhí ag an nGaeltacht a shárú chun áit a bhaint amach i gcluiche ceannnais na hÉireann an Domhnach seo chugainn in aghaidh Ghleann an Iolair ó Dhoire.

Bhí an dara cluiche a imríodh i bPáirc Uí Chaoimh tráthnóna ar a laghad chomh drámatúil céanna. Bhain Daingean Uí Chúis amach áit amach i gcluiche ceannais chraobh shinsir na gclub nuair a bhuaigh siad ar éigean ar Bhaile Buadáin. B’fhearr go mór Baile Baodáin sa chéad leath agus an lámh in uachtar acu ar fud na páirce, cé go raibh mí-ádh ar Conor Flannery an Daingin gur cuireadh a shárchúl ar ceal go héagórach. Bhí an Daingean d’uireasa a bpríomhcheannaire agus a bpríomhnaoscaire,Paul Geaney,sa chéad leath agus bhí siad naoi bpointe chun deiridh faoin am gur tháinig sé ar an bpáirc don dara leath.

Pictiúr: ©INPHO/Nick Elliott

Thug Geaney taispeántas dochreidte uaidh agus faoin am a séideadh an fheadóg dheireanach in am breise bhí ocht bpointe agus gradam laoch na himeartha faighte aige. Ba é a fuair an scór dhá phointe a tharraing an Daingean cothrom chun am breise a chinntiú agus ba é a fuair an scór dhá phointe a chuir an Daingean chun cinn den chéad uair sa chluiche go léir sa 77ú nóiméad. Thug a chomhghleacaí ó fhoireann na Ríochta, Tom O’Sullivan, sarthaispeántas uaidh chomh maith sa dara leath agus sé phointe aimsithe aige.

Pictiúr: ©INPHO/Nick Elliott

Fág freagra ar 'An Ghaeltacht agus An Daingean cáilithe do chluichí ceannais na hÉireann ar lá draíochta do mhuintir Chorca Dhuibhne'