Dath an bhainne é dath na bliana 2026
Tá sé oifigiúil, is é dath na bliana seo ná ‘Cloud Dancer’, ainm galánta ar dhath an bhainne. Dath é atá chomh leamh agus chomh neamhurchóideach gur ar éigean go bhféadfá dath a thabhairt air ar chor ar bith. Easpa datha, neamhdhath atá i gceist, cé gur beag rud sa saol seo a thabharfas sólás don chroí mar a thabharfas bolgam bainne. Seans gurb in é an pointe atá leis.
Cé a shocraíonn na rudaí seo? Is iad Pantone a dhéanann an fógra (ná measc suas iad le Pantene, an branda seampú). Comhlacht is ea Pantone a shocraíonn cóid shainiúla do dhathanna. Nuair a cheannaíonn tú péint, carr nó geansaí nua, is iad Pantone a shocraigh cén cód a chuaigh leis an dath a roghnaigh tú. Cuirtear cóid ar leith le dathanna le go mbeidh leanúnachas ag dearthóirí agus táirgeoirí ar fud an domhain.
Ní leor bánghorm a rá, mar shampla. Caithfidh tú a bheith soiléir má bhíonn táirge á dhéanamh agat cé acu bánghorm ar leith atá i gceist agat. An Pantone 291-C atá i gceist agat (dath na spéire lá breá) nó b’fhéidir gur Pantone 3125-C atá tú a iarraidh (dath na farraige ar oileán trópaiceach).
An cuma cén dath a fhógraíonn siad mar dhath na bliana? Is cuma, is dóigh, ach ar bhealach eile tugann sé tomhas ar dhearcadh nó ar an atmaisféar cultúrtha i Meiriceá go háirithe agus ar fud an domhain ina dhiaidh sin.
Tá a fhios againn go mbíonn tionchar ag dathanna ar mhothúcháin agus ar an spiorad go ginearálta. Tá siombalachas láidir ag baint le dathanna a thrasnaíonn cultúir agus teorainneacha tíreolaíocha agus a mbíonn comhthuiscint ag daoine orthu, beag beann ar a gcúlra náisiúnach.
Mar shampla, cuireann an dath dearg an fhuil i gcuimhne dúinn, tine, beocht agus baol. Tá ardú croí i gceist leis an dath buí mar go gcuireann sé an ghrian i gcuimhne dúinn agus tá suaimhneas agus síocháin ceangailte leis an dath glas. Déanann muid nasc i ngan fhios dúinn féin idir na dathanna atá thart orainn agus an chaoi a n-airíonn muid.
Faoi láthair, d’fhéadfá a rá gur tráth míshuaimhneach éiginnte ar bhonn domhanda é seo agus nach trí thimpiste go bhfuil dath neamhurchóideach roghnaithe ag an eagraíocht Pantone, eagraíocht idirnáisiúnta, ach atá lonnaithe i Meiriceá. Ní fhéadfadh nach mbeadh tionchar ag an atmaisféar polaitiúil sa tír ar an rogha atá déanta acu.
Is é an chéad uair acu dath bán a roghnú, cé nach dath bán amach is amach atá ann. B’fhéidir go mbeadh an dath bán féin róchontúirteach mar rogha. Ar comhartha é an ‘Cloud Dancer’ go bhfuiltear ag iarraidh an tsíocháin a chur chun cinn? Nó an é go bhfuil an dath chomh neamhurchóideach sin go bhfuiltear ag súil nach gcuirfidh sé as d’aon duine?
Dath é a spreagann ceist, má chaitheann muid geansaí bán agus treabhsar bán agus hata bán agus bratach bhán, an leor sin? An gcoinneoidh sé sin happy iad? An bliain í seo ina mbeifear in ann na cloigne a choinneáil síos, ‘Cloud Dancer’ a bhualadh ar an ballaí agus a theacht slán?
***
Méadú ar líon na seandaoine atá gan dídean in Éirinn
D’fhoilsigh Pobal Síomóin tuairisc an tseachtain seo inar léiríodh go bhfuil ardú ag teacht ar líon na seandaoine atá gan dídean sa tír seo. De réir na bhfigiúirí is deireanaí, tá isteach is amach le 17,000 duine gan dídean in Éirinn nó ag baint úsáid as lóistín éigeandála faoi láthair. Tá os cionn 5,300 páiste san áireamh sa bhfigiúr sin. Anois leis an tuairisc is deireanaí atá eisithe ag Pobal Síomóin, léirítear go bhfuil méadú ag teacht ar líon na seandaoine atá gan dídean, ceann de na grúpaí is leochailí inár sochaí.
Déantar cur síos sa tuairisc ar na cúiseanna atá leis an ardú seo agus is iad na daoine a bhí ar phá íseal i gcaitheamh a saoil is measa atá buailte ag an ngéarchéim seo. Cíos ard, fadhbanna infreastruchtúir agus teacht isteach íseal iad na cúinsí atá ag cur leis an bhfadhb seo.
Nach brónach an rud é sa lá atá inniu ann in Éirinn agus neart airgid sa tír mar a insítear dúinn go r ialta, go mbeadh daoine ag deireadh a saoil ag streachailt le heaspa dídine. Ba chóir go mbeadh na bunriachtanais ar fáil do phobal aosta na tíre go mbeadh siad in ann a saol a chaitheamh le dínit agus go suaimhneach.
Tá go leor cloiste againn faoin bhflúirse a bhí sa státchiste in 2025 agus os cionn billiún euro tugtha isteach ag na coimisinéirí ioncaim. An mbeidh a leithéid ann i bhfad eile?
Chuala muid go leor sna meáin an tseachtain seo faoin mbaol atá ann do chúrsaí eacnamaíochta in Éirinn má dhéantar géarú ar an aighneas trádála idir Meiriceá agus an tAontas Eorpach de bharr na conspóide faoin nGraonlainn. Anois an t-am le hinfheistíocht éigeandála a dhéanamh i gcúrsaí tithíochta sula dtiocfaidh aon athrú ar chúrsaí airgeadais. Ba cheart an deis a thapú anois gníomh misniúil, dána a dhéanamh leis an bhfadhb a réiteach, agus ar a laghad bheadh an méid sin déanta go náisiúnta, beag beann ar athrú na gaoithe i gcúrsaí eacnamaíochta idirnáisiúnta.
***
Ag éisteacht le…
Clár raidió An Chóisir Cheoil le Dónall Mac Ruairí ar RTÉ Raidió na Gaeltachta
Fág freagra ar 'An gcoinneoidh dath an bhainne ‘happy’ iad?'