Pointí CAO ‘á gceilt’ ar dhaltaí Ardteiste 2026 i scoileanna lán-Ghaeilge

Tá imní léirithe go mbeidh cuid de dhaltaí Ardteiste na bliana seo fágtha faoi mhíbhuntáiste agus é fógartha ag an Roinn Oideachais nach dtiocfaidh an córas faoina mbronnfar marcanna bónais d’obair a dhéantar trí Ghaeilge i bhfeidhm go dtí 2027

Pointí CAO ‘á gceilt’ ar dhaltaí Ardteiste 2026 i scoileanna lán-Ghaeilge

Tá sé ráite go bhfuil faillí agus éagóir á ndéanamh ar dhaltaí Gaeltachta agus Gaelcholáistí a bheidh ag déanamh na hArdteiste i mbliana agus cinneadh déanta gan marcanna bónais a thabhairt dóibh d’obair bhreise a dhéantar trí Ghaeilge.

D’fhógair an Roinn Oideachais an tseachtain seo caite go mbronnfar, ó 2027 ar aghaidh, marcanna bónais ar dhaltaí Ardteiste a thugann faoi thograí measúnaithe breise agus obair chúrsa i nGaeilge, ach ní bheidh na marcanna ar fáil do dhaltaí atá i mbun na hArdteiste i mbliana, cinneadh atá ag déanamh imní do scoláirí, tuismitheoirí, múinteoirí agus grúpaí eile.

Tá an chomhpháirt mheasúnaithe bhreise le tabhairt isteach do gach ábhar ar bhonn céimnithe agus cé go mbeidh daltaí i roinnt ábhar ag tabhairt faoin gcomhpháirt breise i mbliana, níl na marcanna bónais le tabhairt do dhaltaí a dhéanann an obair trí Ghaeilge.

I dtuarascáil a réitigh ionadaithe ó scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge éagsúla, dúradh go mbeadh rang na hArdteiste 2026 fágtha “faoi mhíbhuntáiste suntasach” ag an scéal.

De réir na tuarascála, a cuireadh faoi bhráid na Roinne Oideachais sular fógraíodh an cinneadh, d’fhéadfadh gurbh fhiú suas le 43 pointe CAO na marcanna bónais do dhaltaí na bliana seo, pointí atá “á gceilt” ar dhaltaí Ardteiste 2026 ach a bheidh ar fáil ag daltaí an bhliain seo chugainn.

Chuir Conradh na Gaeilge fáilte roimh an scéal go bhfuil marcanna bónais le cur ar fáil do dhaltaí a thugann faoin gcomhpháirt mheasúnaithe bhreise ó 2027 ar aghaidh ach dúradh go raibh sé “éagórach” go mbeadh daltaí na bliana seo fágtha faoi mhíbhuntáiste.

“Fágann an cinneadh seo Rang na hArdteistiméireachta in 2026 faoi mhíbhuntáiste suntasach. D’fhéadfadh dalta atá ag déanamh scrúdú na hArdteistiméireachta i mbliana suas le 43 pointe CAO a chailleadh i gcomparáid leo siúd in 2027, in ainneoin an iarracht chéanna a dhéanamh. Tá sé sin éagórach amach is amach agus d’fhéadfadh tionchar mór a bheith aige ar a ndeiseanna san ardoideachas,” a dúirt Kate Ní Dhúbhlaoich ó Chonradh na Gaeilge.

“Táimid ag iarraidh ar an Aire Oideachais Hildegarde Naughton aghaidh a thabhairt air seo láithreach agus a chinntiú go bhfaighidh rang 2026 aitheantas ceart as an obair atá ar siúl acu sa Ghaeilge.”

Tá ceist curtha ag Tuairisc ar an Roinn Oideachais faoin gcúis nach mbeidh na marcanna bónais ar fáil do dhaltaí Ardteiste 2026 ach níl freagra curtha ar fáil go fóill.

Bronntar marcanna bónais ar dhaltaí a thugann faoi scrúdú na hArdteiste i nGaeilge in ábhair seachas Gaeilge agus Béarla. Má fhaigheann dalta níos lú ná 75% de líon iomlán na marcanna atá ar fáil in ábhar amhail Stair nó Tíreolaíocht, bronntar ar an dalta marcanna breise ar fiú 10% iad de na marcanna a fuair sé.  Laghdaíonn an bónas má bhíonn 75% nó níos mó ag dalta.

Marcanna bónais ar fiú 5% iad atá i gceist le hábhair eile, amhail an Mhatamaitic agus an Chuntasaíocht, ina bhfuil béim níos mó ar fhigiúirí.

Aithnítear na marcanna bónais i scoileanna lán-Ghaeilge mar chúiteamh ar an obair bhreise a bhaineann le hábhar a staidéar trí Ghaeilge, idir aistriúchán ó théacsleabhair Bhéarla agus easpa acmhainní teagaisc agus foghlama i nGaeilge.

Fág freagra ar 'Pointí CAO ‘á gceilt’ ar dhaltaí Ardteiste 2026 i scoileanna lán-Ghaeilge'

  • Tadhgh

    Fág ag an Department of Education and Youth é agus an State Examinations Commission a bhfuath don Ghaeilge a léiriú!

  • Tomás Mac Pháidín

    Níl i bhfógra na Roinne an tseachtain seo caite ach cur i bhfeidhm an athuair, ó 2027, gach a raibh i bhfeidhm ó na 1970daí go dtí 2006, nuair a thosaigh creimeadh de réir a chéile ar mharcanna bónais, nuair a tháinig obair thaighde isteach sna hábhair Stair agus Tíreolaíocht. Tharla sin i 2006 gan aon athrú polasaí, dealraíonn sé, ach curtha i bhfeidhm ar bhonn riaracháin ag feidhmeannach éigin, agus sin ag teacht salach ar dhearbhú poiblí a thug Mícheál Ó Máirtín mar Aire Oideachais i 1999, nuair a foilsíodh Report of Commission on Points System.
    Ó shin tá líon na n-ábhar a bhfuil an dara comhpháirt leo fásta ón 2 ábhar mar a bhí i 2006, agus i 2026 beidh circa 10 nábhair éagsúla i gceist, rud a imreoidh míbhuntáiste ar AT 2026 go leibhéal nach raibh ann sna blianta roimhe sin.
    Mar theip rialachais, is ait go ndearbhaíonn Rules and Programmes for Secondary Schools, a d’fhoilsigh an Roinn Oideachais go mbeidh ma marcanna bónais bronnta ar iomlán na marcanna aimsithe ag iarrthóir san ábhar sin, agus ní ar chuid de na marcanna mar atá á bheartú d’Ardteist 2026. Mar Chathaoirleach ar Bhord Bainistíochta iar-bhunscoile agus mar thuismitheoir AT 2026, níl sin sásúil.

  • Shane

    Éagóir eile na Roinne Oideachais ar chearta óige i scoileanna lán-Ghaeilge agus ceannairí scoile ina gcodladh ar an ábhar mar is gnáth!