Tá Conradh na Gaeilge ag lorg cruinniú leis an gCoiste Comhairleach a réitigh plean gníomhartha an Rialtais do sheirbhísí poiblí i nGaeilge “le soiléiriú a lorg ar roinnt de na gníomhartha” atá sa phlean.
Foilsíodh an Plean Gníomhaíochta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2026-2028 an tseachtain seo, cáipéis a bhfuil “uaillmhian le feiceáil” i gcuid di, dar leis an gConradh.
Ach tá imní léirithe ag an eagraíocht teanga freisin faoin “mbaol” go gcuirfidh “easnaimh thábhachtacha” sa phlean isteach ar sprioc an Rialtais go mbeadh 20% de státseirbhísigh “inniúil” sa Ghaeilge faoin mbliain 2030 – ceithre bliana uainn.
“Tá Conradh na Gaeilge ag lorg cruinniú leis an gCoiste Comhairleach, a bhí i mbun an phlean gníomhartha a chur le chéile, le soiléiriú a lorg ar roinnt de na gníomhartha, an t-amlíne den chur i bhfeidhm, agus le moltaí a dhéanamh ar na heasnaimh atá sa phlean,” a dúirt urlabhraí de chuid an Chonartha.
Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, go bhfuil “go leor tacaíochtaí, deiseanna oiliúna, agus struchtúir nua” sa phlean gníomhaíochta ach go bhfuil na rudaí sin uilig “ag brath ar staidéar féidearthachta” agus go bhfuil “ceist ann” faoin uair a bheadh na beartais i bhfeidhm.
“Tá cuma ar an scéal nach bhfuil gníomhartha uaillmhianacha intomhaiste leagtha amach don Roinn Oideachais agus Óige agus an Roinn Ardoideachais, go háirithe, leis an gcóras oideachais a ailíniú leis Comhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha le cinntiú go mbeidh dóthain daoine ann amach anseo leis an inniúlacht chuí chun seirbhísí a chur ar fáil as Gaeilge,” a dúirt de Spáinn.
Chuir Uachtarán an Chonartha, Ciarán Mac Giolla Bhéin, fáilte roimh fhoilsiú an phlean agus dúirt gur “rud dearfach” é go bhfuil “uaillmhian luaite i gcuid de na spriocanna”.
“Mar sin féin, ní bhainfidh uaillmhian amháin na spriocanna atá leagtha amach in Acht na dTeangacha Oifigiúla amach. Gan cur chuige soiléir, comhtháite agus an maoiniú cuí beidh sé deacair ar an Stát na spriocanna céanna a bhaint amach,” a dúirt Mac Giolla Bhéin.
Fág freagra ar 'Cruinniú á lorg ag Conradh na Gaeilge leis an gcoiste a réitigh Plean Gníomhaíochta na seirbhíse poiblí'