‘Cuid den fhoirfeacht é an cruinneas ach ceartaíonn sí é, leis’

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: aontaíonn ár gcolúnaí go hiomlán le frása a chonaic sé ar an mballa i stáisiún meitreo

‘Cuid den fhoirfeacht é an cruinneas ach ceartaíonn sí é, leis’

Agus mé ag athrú ó thraein faoi thalamh amháin go traein faoi thalamh eile an lá faoi dheireadh ag stáisiún Saldanha i Liospóin na Portaingéile, chonaic mé ráiteas faoin scríbhneoireacht chruthaitheach ar bhalla an ardáin trasna uaim a thug orm mo ghuthán póca a thógáil amach agus grianghraf a ghlacadh.

A perfeição contém

e corrige

a exactidão 

a bhí scríofa i mbloclitreacha dubha ar na tíleanna bána,

‘Cuid den fhoirfeacht

é an cruinneas

ach ceartaíonn sí é, leis’

I dtosach báire: nach iontach an smaoineamh é dearadh intí stáisiún meitreo iomlán a bhunú ar an scríbhneoireacht? Bhí na ballaí breac le frásaí lán gaoise faoin bpróiseas cruthaitheach agus faoin litríocht i gcoitinne – gan údar luaite le ceann ar bith acu, rud a threisigh a n-údarás uilíoch dar liom. Ar a laghad ar bith tá ardmholadh tuillte ag Metropolitano de Lisboa as an léitheoireacht a spreagadh. Tá cuma na scríbe ar na traenacha féin agus bhí mórchuid staighrí beo briste, ach chonaic mé níos mó paisinéirí agus a súile sáite i leabhair (chlóite! Ar pháipéar!) acu ná mar a chonaic mé ar aon mheitreo eile riamh i mo shaol.

Ach ar ais chuig an bhfrása sin agus an chúis gur shocraigh mé pictiúr a ghlacadh den cheann sin seachas d’aon cheann eile.

Bhí an ceart ar fad ag an údar anaithnid a dúirt gur cuid den fhoirfeacht é an cruinneas, ach go gceartaíonn sí é, leis.

Coincheap diamhair agus nach mór dobhainte amach í an fhoirfeacht a bhfuil sé de mhí-ádh ar fhoirfeoirí cosúil liom féin agus go leor scríbhneoirí eile a bheith seasta ar a tóir.

Is é an chaoi nach mbíonn ‘foirfe’ riamh go hiomlán foirfe.

Leamh a bhíonn an rud gan locht.

Cuma phlaisteach air.

Mhínádúrtha.

Cheartódh ceartaitheoir díograiseach an abairtín beag thuas, b’fhéidir. An abairt í, fiú? Níl inti ach focal amháin. Mhínadúrtha.

Mínádurtha, ar ndóigh, abairt i nGaeilge agus séimhiú ar an gcéad fhocal gan aon chúis san abairt féin a d’éileodh séimhiú. Mínadúrtha agus míchruinn!

Ach breathnaigh ar an gcaoi a bhfuil an t-alt seo leagtha amach ar an scáileán:

Is é an chaoi nach mbíonn ‘foirfe’ riamh go hiomlán foirfe.

Leamh a bhíonn an rud gan locht.

Cuma phlaisteach air.

Mhínádúrtha.

Nílim cinnte faoi ghuthán póca, ach más ar scáileán ríomhaire atá tú á léamh seo, beidh cuma thaitneamhach ar an leagan amach a mheallfaidh do shúile i dtreo an fhocail is tábhachtaí – Mhínádúrtha – nach mór go huathoibríoch.

Léigh an pár sin amach os ard anois agus cloisfidh tú go n-éilíonn an chluas an séimhiú ar ‘Mhí-nádurtha’, d’ainneoin gur fhág an phoncaíocht chruthaitheach an focal sin in abairt ar leith leis féin. Tagraíonn sé d’fhocal baininscneach.

Sampla fánach atá sna ceithre abairtí sin thuas a rith liom anois díreach agus mé ag scríobh liom, ach i gcónaí i gcónaí, cé go mbíonn ardchruinneas ag teastáil ó shaothar le go mbainfidh sé staid chomh gar agus is féidir don fhoirfeacht amach, cuireann an róchruinneas saothar ar bith ó mhaith.

Fág freagra ar '‘Cuid den fhoirfeacht é an cruinneas ach ceartaíonn sí é, leis’'