Chinntigh gaiscí an Daingin, na Gaeltachta agus Bhaile Mhic Eileagóid i gcraobhacha na gclubanna gur lean ‘bliain na caide’ isteach i mí Eanáir ach, agus na sraitheanna náisiúnta peile ag tosú inniu, beidh chuile chontae eile sa tír ag súil gur scéal nua a bheidh againn in 2026.
Bliain den scoth a bhí ag Ciarraí anuraidh agus craobh shinsir na hÉireann tugtha leo ag fir Jack O’Connor, chomh maith le craobh an chúige agus Roinn 1 na sraithe. Shíl go leor, O’Connor ina measc, go raibh deireadh déanta ag fear na Dromad, tar éis dó Chorn Mhig Uidhir a bhuachan den chúigiú huair mí Iúil seo caite ach tá O’Connor tagtha ar ais agus ní don chraic atá an cinneadh sin déanta.
An chraobh an rud is tábhachtaí acu sa Ríocht ach más duine piseogach é O’Connor, beidh sé dírithe ar phríomhroinn na sraithe a bhuachan chomh maith. Gach uair a bhfuil Corn Mhig Uidhir buaite ag O’Connor, thug sé leis an tsraith an bhliain chéanna. Is léir go gcreideann sé gur mar a chuirfeas tú a bhainfeas tú.
Ní bheidh captaen nua na foirne, Paul Geaney, ar fáil do Chiarraí do thús na sraithe ar a laghad agus é ag iarraidh teacht chuige féin ó ghortuithe. Beidh leaids Chorca Dhuibhne uile, Brian Ó Beaglaoich, a bhuaigh gradam All Star anuraidh, Cathal Ó Beaglaoich, Tom O’Sullivan, Dylan Geaney agus tuilleadh cráite go maith i ndiaidh a ngaiscí lena gcumainn agus Barry Dan O’Sullivan fós le teacht ar ais ón ngortú glúine a baineadh dó anuraidh chomh maith.
Beidh Ruaidhrí Ó Beaglaoich na Gaeltachta ina measc siúd a bheidh ag súil gur leor na taispeántais iontacha uathu i rith an gheimhridh chun seans a fháil ar fhoireann an chontae ach beidh sé deacair an briseadh tríd a dhéanamh agus cruthaithe chomh maith sin ag Ciarraí anuraidh.
Cé gur léir gur bhain David Clifford an-leas as an mbriseadh a tugadh dó ag tús na bliana seo caite – níor fhill sé ar an bhfoireann go dtí an tríú babhta den tsraith – tá sé feicthe cheana féin i mbliana i gcluiche ceannais Chorn Mhic Craith an deireadh seachtaine seo caite. Má fheiceann muid Imreoir na Bliana 2026 ag dul chun páirce go minic as seo go ceann cúpla mí, beidh a fhios againn cé chomh dáiríre is atá Jack O’Connor faoin tsraith.
Ar ndóigh is ar Dhún na nGall a fuair Ciarraí an ceann is fearr i gcluiche ceannais na hÉireann anuraidh agus tá na Conallaigh ag cur tús le sraith na bliana seo i gcoinne Átha Cliath i bPáirc an Chrócaigh anocht, ceann de chluichí móra an deireadh seachtaine.
Beidh an-díomá ar Jim McGuinness leis an gcaoi gur tháinig deireadh le feachtas 2026 agus an bua sin tuillte go maith ag Ciarraí agus beidh le feiceáil an ndéanfaidh McGuinness aon athrú ar a chur chuige dá bharr. Chloígh Dún na nGall le stíl imeartha níos coimeádaí sa gcluiche ceannais, stíl atá b’fhéidir níos deacra a chur i bhfeidhm faoi rialacha leasaithe na peile, ach tá dornán imreoirí óga tugtha isteach ar an bpainéal i mbliana a d’fhéadfadh rogha eile a thabhairt do Dhún na nGall, Conor McCahill agus Shea Malone ina measc. Bhí Malone ar fheabhas do Naomh Conaill in 2025 agus é fillte ar an bpeil tar éis dó a bheith ag imirt sacair le Sligo Rovers. Má éiríonn leath chomh maith leis ina chéad bhliain leis an gcontae is a d’éirigh lena leathbhádóir Finbarr Roarty, a bhuaigh gradam Imreoir na Bliana, beidh leis.
Tá cluiche mór eile i mBóthar na Trá amárach agus Gaillimh agus Maigh Eo ag tabhairt aghaidh ar a chéile. Tá bainisteoir nua acu i Maigh Eo agus Andy Moran tugtha isteach in áit Kevin McStay agus súil go mbeidh Moran in ann deireadh a chur le ceannas na nGaillimheach i gConnachta agus ceithre chraobh as a chéile buaite ag foireann Phádraic Joyce.
Tá imreoirí a bhfuil a lán taithí acu, leithéidí Cillian O’Connor, Rob Hennelly agus Conor Loftus, tar éis filleadh ar an bhfoireann ach tharlódh go dtógfadh sé tamaillín ar Moran teacht isteach ar a phost nua, go háirithe agus cluichí i gcoinne Átha Cliath agus Dhún na nGall le teacht sna seachtainí seo romhainn. Ní fhéadfadh sé tada níos fearr a dhéanamh chun tús a chur lena thréimhse mar bhainisteoir ná an ceann is fearr a fháil ar na comharsana, áfach.
Níl aon chluiche éasca ag Gaillimh sna chéad seachtainí ach an oiread agus turais go Ard Mhacha agus Trá Lí le déanamh acu i ndiaidh an chéad bhabhta agus tá brú ar Phádraic Joyce torthaí maithe a fháil tar éis an chríoch leamh a chuir Gaillimh le craobh na bliana seo caite i gcoinne na Mí.
Tá seanfhadhb fós ag cur as don fhoireann, áfach, agus Shane Walsh agus Damien Comer ar iarraidh do thús na sraithe de bharr gortuithe. Fágann sin go mbeidh brú ar Rob Finnerty an beart a dhéanamh i measc na dtosaithe ach b’fhéidir go bhfaigheadh sé cabhair ó Cholm Costello agus Shea McGlinchey, beirt imreoirí óga cumasacha a bheidh ag súil lena seans.
Mar atá feicthe againn le blianta beaga anuas, beidh obair mhór le déanamh ag na foirne a bhain an t-ardú céime amach ó Roinn 2 anuraidh, Ros Comáin agus Muineachán, más leo fanacht sa bpríomhroinn.
Coinneofar súil ghéar ar obair Ger Brennan in Áth Cliath chomh maith agus an fear nua ag iarraidh dul i bhfeidhm ar a chontae dúchais tar éis dó gaisce a dhéanamh le contae Lú anuraidh. Beidh Kieran McGeeney agus Ard Mhacha ag iarraidh leibhéal 2024 a bhaint amach arís i ndiaidh bliain a bhí thuas seal thíos seal anuraidh.
Thíos i Roinn 2, caithfidh Corcaigh agus contae na Mí an t-ardú céime a bhaint amach chun an leibhéal eile a bhaint amach i bhforbairt na bhfoirne sin ach caithfidh gach rud dul i gceart dóibh nuair is beag atá idir na foirne uile sa dara roinn.
Tá deich mbliana ann anois ó d’imir Corcaigh sa bpríomhroinn agus cé go dtugann siad taispeántas nó dhó uathu sa gcraobh gach bliain a thugann le fios go bhfuil siad réidh chun an chéad chéim eile a ghlacadh, teipeann orthu cúpla toradh maith as a chéile a fháil sa tsraith agus iad fágtha sáinnithe i Roinn 2. Tabharfaidh filleadh Stephen Sherlock spreagadh dóibh agus má éiríonn le Corcaigh trí bhua a fháil sa gcéad trí chluiche i gcoinne an Chabháin, Lú agus Uíbh Fhailí, bheadh an ghaoth ina seolta faoi dheireadh.
Bhí laethanta iontacha ag foireann na Mí anuraidh agus Áth Cliath, Ciarraí agus Gaillimh sáraithe ag foireann Robbie Brennan ach níor bhuaigh siad tada agus briseadh croí a bhí i ndán dóibh ar na laethanta ba mhó, i gcoinne Lú i gcluiche ceannais Laighean agus stánáil a thug Dún na nGall dóibh i gcluiche leathcheannais na hÉireann. Is i bPáirc an Chrócaigh a bhí an dá chluiche sin, droch-chomhartha don Mhí agus iadsan ag imirt a gcluichí baile uile ansin toisc obair forbartha ar bun ar Pháirc Tailteann.
Is ag bun Roinn 4 a chríochnaigh peileadóirí Phort Láirge anuraidh agus gan ach aon chluiche amháin buaite ag na Déisigh in 2025 idir an tsraith agus an chraobh. Tá Ephie Fitzgerald tugtha isteach mar bhainisteoir arís ach tá obair mhór roimhe chun suim sa bpeil a mhúscailt sa gcontae arís.
Fág freagra ar 'Díograis Jacko, ógánaigh Dhún na nGall, téarnamh na Gaillimh – súil chun cinn ar thús na sraithe peile'