Bua stairiúil gan stró don Ghaeltacht ach dúshlán mór rompu i gcluiche leathcheannais na hÉireann

Ar a gcomhairle féin a bhí an Ghaeltacht i gcluiche ceannais na Mumhan in aghaidh Naomh Seanán inné, ach ní bheidh sé chomh bog céanna acu ná baol air i gcoinne an Mhaí i gcluiche leathcheannais na hÉireann

Bua stairiúil gan stró don Ghaeltacht ach dúshlán mór rompu i gcluiche leathcheannais na hÉireann

Is iad an Ghaeltacht curaidh Chraobh Idirmheánach na Mumhan i ndiaidh dóibh slad a dhéanamh ar Naomh Seanán as Luimneach sa chluiche ceannais i dTrá Lí tráthnóna inné.

Farasbarr 21 pointe a bhí ag fir Chorca Dhuibhne, 3-21 in aghaidh 0-9, agus tabharfaidh siad aghaidh anois ar an Maigh as Tír Eoghain i gcluiche leathcheannais na hÉireann ar an 20 Eanáir.

D’fhéadfá rá go raibh a rás rite ag Naomh Seanán ag leath ama agus an Ghaeltacht 2-14 in aghaidh 0-2 chun cinn ach, i ndáiríre, bhí sé aontaobhach mar chluiche ón tús agus curaidh Chiarraí i bhfad róláidir dá gcéilí comhraic.

Chuir fir na Gaeltachta tús den scoth leis an gcluiche agus bhí siad 1-4 chun cinn sula bhfuair Naomh Seanán a gcéad scór. D’aimsigh Dara Ó Sé an chéad scór den chluiche agus gan an nóiméad féin caite agus comhartha ar a raibh le teacht a bhí ann nuair a fuair Brian Ó Beaglaoich cúl go luath ina dhiaidh sin.

D’aimsigh Ó Sé trí phointe eile sula bhfuair Ian Ryan pointe do Naomh Seanán ach ní raibh aon chosúlacht ar an scéal go raibh an Ghaeltacht chun é a thógáil go réidh.

D’aimsigh Éanna Ó Conchúir, Seán Ó Gairbhí, PJ Mac Láimh, Roibeard Ó Sé, Colm Ó Muircheartaigh agus Dara Ó Sé a thuilleadh cúilíní don Ghaeltacht agus nuair a fuair Roibeard Ó Sé an dara cúl dóibh trí nóiméad roimh leath ama, bhí siad 2-11 in aghaidh 0-2 chun tosaigh.

Brian Ó Beaglaoich is túisce a léim don bhriseadh

Bíodh gur chluiche aontaobhach a bhí anseo léiriú ar mhianach na Gaeltachta ab ea é nár tháinig ach aon phointe amháin den 2-14 a d’aimsigh siad sa chéad 30 nóiméad sin ó chic saor. Chomh maith leis sin, d’éirigh le deichniúr den fhoireann scór a aimsiú le linn an chluiche.

Is beag a bhí le déanamh ag an nGaeltacht ó thaobh na cosanta agus nuair a d’aimsigh duine de na cúlaithe, Peter Paul Sauerland, cúilín luath sa dara leath, bhí fir Chorca Dhuibhne 22 pointe chun cinn, 2-18 in aghaidh 0-2.

D’éirigh le Naomh Seanán cúpla scór a aimsiú ina dhiaidh sin ach is ag snámh in aghaidh easa a bhí siad, go háirithe nuair a d’aimsigh PJ Mac Láimh an tríú cúl don Ghaeltacht leath bealaigh tríd an chéad leath.

Bhí fir na Gaeltachta in ann é a thógáil go bog as sin go deireadh an chluiche agus ba é Éanna Ó Conchúir a fuair an t-aon chúilín eile a fuair siad as sin go deireadh.


GAILEARAÍ: An Ghaeltacht ag ceiliúradh arís agus Craobh na Mumhan tugtha leo acu


Agus iad ag ceiliúradh a gcéad bhua i gcraobh na Mumhan ó bhuaigh siad sna sinsir in 2003, ní bheidh tada bog faoin gcluiche leathcheannais atá rompu i gcoinne an Mhaí as Tír Eoghain, foireann Seán agus Colm Cavanagh. Beidh siad ag súil go mbeidh an t-imreoir idirchontae Cathal Ó Luing, ar gortaíodh inné é, ar fáil don chluiche leathcheannais, ach, idir an dá linn, beidh aghaidh á tabhairt acu ar an Daingean i gcluiche ceannais Chiarraí Thiar agus ar Chrócaigh Chill Airne i gcluiche ceannais Roinn 1 de Shraith Chiarraí. Tá na cluichí móra ag teacht go tiubh mar sin don Ghaeltacht agus gan aon stad fós ar an aistear taibhsiúil ar chuir siad tús leis i mí Eanáir na bliana seo.

Faraor, ní raibh aon chúis cheiliúrtha ag an Rinn inné agus iad ag iarraidh áit a bhaint amach i gcluiche ceannais na sinsear i bPort Láirge. Bhí mí-ádh ceart ar fhir na Rinne a ghéill cúl dhá nóiméad isteach in am cúitimh rud a d’fhág go raibh an lá le Gleann na hUidhre sa chluiche leathcheannais, 3-8 in aghaidh 2-10.

Bhí cuma na maitheasa ar an Rinn sa chéad leath agus iad sé phointe chun cinn, 2-4 in aghaidh 0-4, díreach roimh leath ama. Ba iad Lorcán Ó Cuirrín agus Liam Ó Lionnáin a d’aimsigh na cúil dóibh ach tháinig Gleann na hUidhre ar ais agus fuair siad dhá chúl díreach tar éis an bhrisidh.

Chuaigh an Rinn chun cinn arís agus iad ag iarraidh áit a bhaint amach i gcluiche ceannais an chontae den chéad uair ó 1925.

Bhí cuma na maitheasa arís orthu faoin am ar shábháil Odhrán Ó hUallacháin cic éirice Shane Ryan leath bealaigh tríd an dara leath, ach ní raibh deireadh déanta fós ag Ryan. Ba é a d’aimsigh an cúl cinniúnach lena dhorn in am cúitimh chun croí na Rinne a bhriseadh.

Fág freagra ar 'Bua stairiúil gan stró don Ghaeltacht ach dúshlán mór rompu i gcluiche leathcheannais na hÉireann'