Captaen na Gaeltachta Colm Ó Muircheartaigh ag ardú an choirn agus Craobh Idirmheánach na Mumhan buaite acu.
PJ Mac Láimh, An Ghaeltacht, ar an ionsaí
Tomás Ó Sé, An Ghaeltacht, agus Dan Conroy, Naomh Seanán
An chéad chúl don Ghaeltacht ag Brian Ó Beaglaoich
Colm Ó Muircheartaigh, captaen na Gaeltachta, agus greim daingean ar an gcaid aige
Maurice Fitzgerald, Naomh Seanán, agus súil ghéar á coimeád ag Roibeard Mac Gearailt air
Iarracht ar chúl ó Dhara Ó Sé blocáilte ag David Finnerty, Naomh Seanán
James Bridgeman, Naomh Seanán, agus é faoi bhrú ag Éanna Ó Conchúir
Tomás Ó Sé ag tabhairt faoi chúl ach cúl báíre Naomh Seanán, Anthony Russell, roimhe
Brian Ó Beaglaoich is túisce a léim don bhriseadh
Roibeard Ó Sé, An Ghaeltacht, ag tabhairt na gcosa leis ó Mauruce Fitzgerald, Naomh Seanán
Seán M Ó Conchúir, An Ghaeltacht, agus David Finnerty agus Ian Ryan ag iarraidh é a chur dá bhuille
Tomás Ó Sé ar ruathar eile
Seo leo arís! Pádraig Ó Sé ar tí tús a chur le hionsaí eile
Pádraig Ó Sé, An Ghaeltacht, ag scaoileadh leis an gcaid, agus Séamus Mac Suibhne, Naomh Seanán á fhaire
David Finnerty, Naomh Seanán, ag iarraidh éalú ó Éanna Ó Conchúir agus Seán M Ó Conchúir
An dara cúl don Ghaeltacht á scóráil ag Roibeaird Ó Sé
Roibeard Ó Sé ag ceiliúradh a chúil
An bhratach ghlas á hardú sa bháísteach
Iarracht Thomáis Uí Shé á blocáil
Brian Ó Beaglaoich agus Ollie Wallace, Naomh Seanán, sa tóir air
An liathróid curtha san eangach ag PJ Mac Láimh agus an tríú cúl ag an nGaeltacht
Seán Ó Bambaire, An Ghaeltacht, in aghaidh Adam Kearns, Naomh Seanán
Súil ghéar ag Óigí Ó Sé, An Ghaeltacht, ar an gcaid
Ciarán Ó Coileáin agus seilbh na liathróide aige
Cathal Ó Luing agus an chaid seolta uaidh aige
Droch-theaicil déanta ar Chathal Ó Luing
Cúram a dhéanamh do Chathal Ó Luing
Bualadh bos ón slua do Chathal Ó Luing
Séideadh na feadóige deiridh
An fhoireann, a lucht bainistíochta agus cuid de lucht tacaíochta óg na Gaeltachta ag ceiliúradh
Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: An Ghaeltacht ag ceiliúradh arís agus Craobh na Mumhan tugtha leo acu'