Bua sa ngearrthéarma ag an DUP, ach cad faoin bhfadtéarma?

Déanfaidh an chéad cheannaire eile ar na Tóraithe dianmhachnamh ar an scéal sula bhfágann sé nó sí cinniúint an pháirtí faoin DUP

Bua sa ngearrthéarma ag an DUP, ach cad faoin bhfadtéarma?

Chuir an DUP gothaí troda orthu féin, cáipéis dar teideal ‘Standing Strong’ i nglac gach duine acu ag bun an staighre i Stormont agus iad ag fógairt ar an bPríomh-Aire Theresa May nach gceadódh siad an margadh a bhí sí ar tí a aontú le 27 ballstát eile an Aontais Eorpaigh.

Nach iad a bhí láidir. Gan dabht bhí neart iontu i gcomparáid le Theresa May a ghéill dóibh. Léirigh siad go raibh siad níos láidre ná Príomh-Aire tréithlag, spíonta. Arb é an smachtú a rinne siad uirthi, beart nach ligfear i ndearmad thall, a bheidh ina bhuille maraithe dá príomh-aireacht? Léirigh siad go raibh deichniúr feisirí an DUP in ann margadh nár thaitin leo a chur de dhroim seoil. Léirigh siad dá lucht leanúna féin nach ligfidís d’éinne bob a bhualadh orthu, rialtas na Breataine ná rialtas na hÉireann. Léirigh siad go gcosnóidís ‘sláine críche’ na Ríochta Aontaithe mar a fheictear dóibhsean í thar aon ní eile. Sheasfadh siad an fód don Ríocht Aontaithe fiú in aghaidh na bunaíochta sa Ríocht sin. Léirigh siad gur thábhachtaí an síolteagasc aontachtach ná ceist ar bith a bhí ag dó na geirbe ag móramh i dTuaisceart Éireann.

Díth céille agus amaidí ab ea é, ar ndóigh, gan an DUP a bheith coinnithe ar an eolas faoin bplean a bhí á aontú. Níor shéan an DUP gur insíodh dóibh roimh ré cad a bhí aontaithe. De réir scéil bhí siad sásta, nó ar a laghad leathshásta, leis an méid a insíodh dóibh. Sin nó gur chuala siad go raibh Baile Átha Cliath sásta. Nuair a chonaic siad an fhoclaíocht spréach siad ar fad.

Díol suntais ab ea maíomh Arlene Foster gurb é rialtas na hÉireann a d’éiligh nach dtaispeánfaí an fhoclaíocht don DUP. Dúirt sí ar RTÉ gur idirbheartaí de chuid na Breataine a thug an méid sin le fios. Más fíor na líomhaintí nó na leithscéalta a bhí á ndéanamh ag an idirbheartaí? Shéan lucht Bhaile Átha Cliath é ar an toirt. Is fíor gur thagair an Taoiseach Leo Varadkar agus an tAire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney go poiblí don DUP mar aon pháirtí amháin as scata a bhí i dteideal éisteacht a fháil. Ach bac a chur ar rialtas na Breataine labhairt le páirtí atá á choinneáil i gcumhacht? Cibé ealaín faoi ndear an tuaiplis, is iad na Tóraithe ba cheart a bheith ag cuimilt meala leis an DUP, óir  sin iad an dá dhream atá ag luí le chéile.

Ní hiontas é gur ar rialtas an hÉireann a bhí an DUP ag cur milleáin faoi gach rud. Is fearr lena lucht tacaíochta iad a bheith ag tabhairt aghaidh ar an ‘sean-namhaid’ ná iad a bheith ag titim amach leis an mBreatain. Bhí sé an-áisiúil gur deineadh líomhaintí a léirigh ‘drochrún’ an rialtais i mBaile Átha Cliath. Bhí ‘sárú’ ar a gcumhacht ar bun ag Varadkar agus Coveney agus ‘athscríobh’ á dhéanamh acu ar Chomhaontú Aoine an Chéasta, a dúirt Arlene Foster. Bhí Leo Varadkar róchinnte de féin, ba eisean a dhéanfadh an dochar agus Éire a bheadh thíos leis, dar le Nigel Dodds. Ba é Varadkar a bhí ag cur moill ar réiteach ar chéim a haon den idirbheartaíocht idir an Bhreatain agus an tAontas Eorpach, dar le leascheannaire an DUP. Ní bodhaire Uí Laoire go dtí é – cé a chuir gobán i Theresa May?

Ní theastódh ón DUP a mheabhrú dá lucht leanúna go raibh imní orthu nach bhféadaidís brath ar an mBreatain. Cuimhnigh nach bhfuil an £1 billiún faighte go fóill acu, ná aon bhlas de, as a gcuid tacaíochta do rialtas Westminster agus leathbhliain caite ó rinneadh an margadh. Táim cinnte gur chuala na Tóraithe caint bhorb agus foláirimh nach bhféadfaí talamh slán a dhéanamh de thacaíocht an DUP, ach údar iontais ab ea é nárbh iad na Tóraithe a bhí faoi ionsaí acu go poiblí. Ní thógfadh éinne orthu a bheith feargach faoi chiotaíl na dTóraithe, an dream atá ina dtuilleamaí ach a rinne neamhshuim díobh.

An ndeachaigh siad thar fóir, áfach? An ndearna siad, mar is dual dóibh aimsir thoghcháin ‘deamhan scanrúil’ a ainmniú chun a thaispeáint go bhféadfaí brath orthusan chun an Ríocht a choinneáil slán. Níor léirigh siad d’éinne taobh amuigh dá gcampa féin go raibh an Ríocht i gcontúirt.

Creideann go leor i dTuaisceart Éireann, mar a raibh móramh ag iarraidh fanacht san AE, gur chaill an DUP guaim orthu féin de bharr na cumhachta atá acu i Westminster. B’fhéidir é, d’admhaigh ionadaí sinsearach dá gcuid go ndearna siad sin i Stormont tar éis an toghcháin in 2016 agus nach beag an bhaint a bhí aige sin le titim an Fheidhmeannais agus an Tionóil.

Measann go leor abhus gur chuir an DUP ó rath margadh a ghabhfadh chun leasa na tíre, thuaidh agus theas. Ar mhaithe le hidé-eolaíocht? Ag déanamh neamhshuim de thuairim aon duine nach n-aontaíonn leo féin? Sa Pharlaimint chuir Nigel Dodds i leith Sylvia Hermon, feisire aontachtach neamhspleách, go raibh sí ag obair i gcomhar le rialtas na hÉireann. Ó tharla nach nglacann Sinn Féin lena suíocháin, is í an Bhantiarna Hermon an t-aon fheisire ón tuaisceart sa Pharlaimint a vótáil in aghaidh an Bhreatimeachta.

Mar atá ráite go minic sa cholún seo, tá nós ag an DUP iad féin a iompar amhail is go bhfuil siad i gceannas ar rialtas (cé nach ann dó). Sa ról sin maíonn siad go labhraíonn Arlene Foster thar ceann mhuintir an tuaiscirt. Déanann siad amhlaidh in ainneoin fianaise leithéid an tsuirbhé a rinne Lucid Talk don ghrúpa Eorpach lena mbaineann Sinn Féin, suirbhé a léirigh gur theastaigh socrú speisialta do Thuaisceart Éireann ó 58%. Díobh sin a rinne an phobalbhreith. Beag an seans go mbeadh éinne den mhóramh sin sásta le hobair an DUP le seachtain anuas  fiú agus margadh déanta anois sa Bhruiséil.

Ní hamháin go bhfuil an DUP ag cur olc ar náisiúnaithe ach tá roinnt mhaith aontachtaithe eile ar buile faoin a n-iompar. Anuas air sin, ní dhéanfaidh na Tóraithe (in ainneoin iad a bheith báúil leis an DUP) dearmad ar uirísliú an Phríomh-Aire agus í thar lear. Déanfaidh an chéad cheannaire eile dianmhachnamh sula bhfágann sé nó sí cinniúint an pháirtí faoi Arlene, Nigel Jeffrey nó a gcairde. Bua sa ngearrthéarma (nó 24 uair an chloig) ach sa bhfadtéarma, seans gur bua Piorrach a bhí ann.

Fág freagra ar 'Bua sa ngearrthéarma ag an DUP, ach cad faoin bhfadtéarma?'

  • Bart

    Iontach maith.