Bua éasca ag sóisialaí measartha António José Seguro i dtoghchán uachtaránachta na Portaingéile

Sciar is mó riamh den vóta ag Chega, páirtí André Ventura atá i bfad ar dheis

Bua éasca ag sóisialaí measartha António José Seguro i dtoghchán uachtaránachta na Portaingéile

Bhí bua éasca ag an sóisialaí measartha António José Seguro sa dara babhta de thoghchán uachtaránachta na Portaingéile ar an Domhnach.

Fuair Seguro an ceann is fearr ar André Ventura, a chéile comhraic ar an bhfíodheis cé gur éirigh lena pháirtí sin, Chega, an sciar is mó riamh den vóta a fháil.

Bhí bua soiléir ag Seguro agus 66.8% de na vótaí aige in aghaidh an 33.2% a fuair Ventura.Chuathas ar aghaidh leis an toghchán d’ainneoin an scrios a rinne trí cinn de stoirmeacha sa Phortaingéil le cúpla seachtain.

Is é Seguro, atá 63 bliain d’aois, an chéad sóisialaí a bheidh ina Uachtarán ar an tír le 20 bliain agus é agteacht i gcomharbacht ar an gcaomhach, Marcelo Rebelo de Sousa.

A San óráid a rinne sé agus é tofa dúirt sé go mbeadh sé ina uachtarán a bheadh dian agus airdeallach.

Chuir Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, fáilte roimh bhua Seguro, ag áitiú gur bua a bhí ann do “luachanna comhroinnte na hEorpa”.

Bhí an tír trína chéile le linn an fheachtais uachtaránachta ag coícís de stoirmeacha agus gálaí a d’fhág seachtar ar a laghad marbh agus a rinne luach €4 billiún de dhamáiste, ar a laghad.

Ba é André Ventura an chéad iarrthóir a bhain leis an eite ar an bhfíordheis ar éirigh leis dul chomh fada leis an mbabhta réitigh i dtoghchán sa Phortaingéil.

Bunaíodh páirtí Ventura, Chega, sa mbliain 2019 agus ba é an freasúra ba láidre in olloghchán 2025.

Fuair Seguro tacaíocht ó pholaiteoirí ar gach dath mar vótáil roinnt caomhach dósan, sóisialaí measartha de rogha ar fhear na heite fíordheise, don uachtaránacht, ról deasghnách den chuid is mó.

Fág freagra ar 'Bua éasca ag sóisialaí measartha António José Seguro i dtoghchán uachtaránachta na Portaingéile'