Brúnn tú cnaipe. Tagann gearrscéal amach…

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. Coincheap nua ón bhFrainc atá san inneall gearrscéalta, gléas a scaipeann litríocht in áiteanna nach mbeadh súil léi

Brúnn tú cnaipe.  Tagann gearrscéal amach…

Samhlaigh. Tá tú i do shuí in oifig an dóil, i seomra feithimh an dochtúra nó ag deasc fáiltithe halla na cathrach. Tá fanacht fada romhat agus ní fheiceann tú rud ar bith a chuirfeadh an ruaig ar an leadrán ach eagrán 18 Lúnasa 2012 de Ireland’s Own. Ach ansin, meallann gléas aisteach in aice leis an bhfuaraitheoir uisce d’aird. Sall leat. Tá dearadh slachtmhar ar an inneall anaithnid, cuaille dúliath agus barr oráiste air.

Brúnn tú cnaipe.

Tagann gearrscéal amach.

As sliotán, mar a thiocfadh admháil as inneall bainc. Saor in aisce, dúch neamhthruaillitheach ar pháipéar inmharthana. Rogha ag an léitheoir idir scéalta a thógfadh nóiméad, trí nóiméad nó cúig nóiméad air. An t-inneall a phiocann an t-údar. Cuid den chraic is ea gné an tseans: deis don léitheoir aithne a chur ar shaothar scríbhneora nach mbeadh iomrá cloiste aige air, b’fhéidir.

I gcathair Grenoble na Fraince a tháinig an t-inneall gearrscéalta ar an saol, sa bhliain 2015. Tá siad ag éirí coitianta sa Fhrainc, sna Stáit Aontaithe agus i gCeanada ó shin, á gcur ar fáil in aerfoirt, i scoileanna agus, fiú amháin, i gcaifé a bhunaigh an stiúrthóir scannán, Francis Ford Coppola i gcathair San Francisco.

D’fhonn an gearrscéal Fraincise a chur chun cinn a bunaíodh an gnólacht as Grenoble a chum an t-inneall gearrscéalta, Short Edition an chéad lá riamh, ach tá sé i gceist ag an gcomhlacht ‘gréasán domhanda scríbhneoirí agus léitheoirí a chothú’ amach anseo.

Caithfidh mé a rá gurbh ait liom coincheap an innill ghearrscéalta ar dtús, nuair a léigh mé faoi ar an suíomh litríochta LitHub. Dá neamhthruaillithí an dúch agus dá inmharthana an páipéar, nach fearr a d’oirfeadh tionscnamh den chineál seo don ghuthán cliste? Nach bhféadfaí aip a thógáil a scaipfeadh gearrscéalta?

Ach ansin, rith sé liom go mb’fhéidir go bhfuil lucht Short Edition tar éis piocadh suas ar athrú meoin atá san aer le tamall gairid. Idir scannal Facebook agus an tuiscint go bhfuil dochar dáiríre á dhéanamh dár scileanna sóisialta agus go deimhin dár sláinte mheabhrach ag na meáin shóisialta, tá go leor againn ag déanamh iarrachtaí ár ngutháin phóca a fhágáil i leataobh níos minice, gan dul ar líne a luaithe is a théimid isteach i seomra feithimh nó a sheasaimid i scuaine. Santaímid an fhíortheagmháil fhisiciúil seachas an teagmháil fhíorúil. Titeann an t-inneall gearrscéalta isteach go seoigh leis an meon sin.

Seans gur céim siar atá san inneall gearrscéalta ó thaobh na teicneolaíochta de, ach ó thaobh na daonnachta de, dar liom gur céim mhór chun tosaigh atá sa choincheap.

 

Fág freagra ar 'Brúnn tú cnaipe. Tagann gearrscéal amach…'

  • Máire Uí Dhufaigh

    An- spéisiúil! Is iontach an coincheap é. Nár dheas an rud é dá dtiocfaidh an lá a mbeadh ceann acu i seomraí feithimh na tíre seo?