Brú ag géarú ar an Rialtas scrúduithe na hArdteiste a chur ar ceal

Agus pleananna seachas na scrúduithe traidisiúnta á mheas, tá gráid réamh-mheasta ar cheann de na moltaí atá á bplé

Brú ag géarú ar an Rialtas scrúduithe na hArdteiste a chur ar ceal

Tá brú níos mó á chur ar an Rialtas gan scrúduithe traidisiúnta na hArdteistiméireachta a reáchtáil i mbliana agus ceaptar go ndéanfar cinneadh as seo go ceann seachtaine conas is fearr measúnú a dhéanamh ar an 61,000 scoláire atá i ranganna Ardteiste 2020.

Agus pleananna eile á mheas, tá gráid réamh-mheasta ar cheann de na moltaí atá á bplé ag cruinniú idir an tAire Oideachais Joe McHugh, oifigigh a Roinne, múinteoirí, daltaí agus bainisteoirí na scoileanna sa Roinn Oideachais inniu.

Fógraíodh cheana féin go gcuirfear tús le scrúduithe na hArdteiste ar an 29 Iúil ach mar gheall ar na himpleachtaí a bhaineann leis an scoitheadh sóisialta a chur i bhfeidhm sna hionaid  scrúduithe tá éiginnteacht go leor ag baint le cúrsaí.

Tá amhras ann chomh maith an bhféadfaí go praiticiúil na scrúduithe a reáchtáil agus cloí le comhairle sláinte phoiblí na tíre.

Tá éileamh déanta ag Fianna Fáil go gcuirfí na scrúduithe ar ceal ar mhaithe leis an “imní mhór” atá ar dhaltaí cheana féin a mhaolú.

Tá an t-éileamh céanna ag Neart le Chéile/Pobal Seachas Brabús agus ag na Daonlathaithe Sóisialta agus tá soiléiriú faoi reáchtáil na scrúduithe i mbliana á lorg ag Sinn Féín agus ag Páirtí an Lucht Oibre.

Gheall an tAire Joe McHugh cheana go mbeadh tuilleadh sonraí faoi na scrúduithe á bhfógairt i dtús an Mheithimh, ach tá an-bhrú ag teacht ar an Roinn anois gan scrúdú na hArdteiste a reáchtáil i mí Lúnasa.

Ar ndóigh beidh impleachtaí ag an gcinneadh faoi na scrúduithe seo ar an gcéad scoilbhliain eile, ar na coláistí tríú leibhéal agus na scoileanna dara leibhéal. Má reáchtáiltear na scrúduithe i Lúnasa, caithfear feitheoirí a earcú, na páipéir a cheartú agus comhdhálacha marcála a eagrú. Tá sé ina imní chomh maith nach mbeadh múinteoirí ar fáil le scripteanna a cheartú má bhíonn na scoileanna dara leibhéal oscailte athuair. 

Anuas air sin, tá imní ann faoin dara ráig den aicíd.

Dúshlán eile ná nach mbeadh na tascanna praiticiúla críochnaithe ná measúnaithe sna scoileanna agus bheadh a lán scoláirí nach ndearna tascanna ó dhún na scoileanna cheal teacht ar an teicneolaíocht nó cheal tacaíochta.

Fág freagra ar 'Brú ag géarú ar an Rialtas scrúduithe na hArdteiste a chur ar ceal'