‘Bronntanas na Nollag gan choinne’ – Aire Stáit nua na Gaeltachta ag súil le feabhas a chur ar a chuid Gaeilge

Deir Aire Stáit nua na Gaeltachta go bhfuil an Ghaeilge agus an Ghaeltacht ‘an-tábhachtach’ dó agus go raibh sé ‘ag tnúth go mór’ lena phost agus le feabhas a chur ar a chuid Gaeilge

‘Bronntanas na Nollag gan choinne’ – Aire Stáit nua na Gaeltachta ag súil le feabhas a chur ar a chuid Gaeilge

Deir Aire Stáit nua na Gaeltachta Patrick O’Donovan go bhfuil a chuid Gaeilge “beagnach caillte” aige agus go bhfuil sé chun dul go dtí Gaeltacht Chorca Dhuibhne le linn saoire na Nollag le tús a chur le hathfhoghlaim na teanga.

Dúirt sé go raibh an Ghaeilge agus an Ghaeltacht “an-tábhachtach” dó agus go raibh sé “ag tnúth go mór” lena phost agus le feabhas a chur ar a chuid Gaeilge.

Bhíodh “an-chuid” Gaeilge aige nuair a bhíodh sé ina mhúinteoir ach “ar nós go leor daoine” chaill sé go leor di, a dúirt sé.

Is é O’Donovan an dara duine as Luimneach a bhfuil príomhchúram aireachta na Gaeltachta air.

Bhí Tom O’Donnell, arb as Cill Mocheallóg i gcontae Luimnigh dó, ina aire Gaeltachta idir 1973-1977, le linn chomhrialtas Liam Cosgrave.

In agallamh le TG4 agus Raidió na Gaeltachta, thug an tAire Stáit Gaeltachta nua le fios nach raibh tuairim dá laghad aige go raibh cúram na Gaeltachta i ndán dó.

Dúirt sé go ndúirt an Taoiseach Leo Varadkar leis go raibh “bronntanas na Nollag” aige dó, is é sin go raibh cúram na Gaeltachta á chur aige lena chúram mar aire stáit d’Oifig na nOibreacha Poiblí.

Dealraíonn sé gur ag na nóiméad deireanach a socraíodh cá rachadh aireacht stáit na Gaeltachta.

Tháinig ceapachán O’Donovan, arb as an gCaisleán Nua i Luimneach dó, aniar aduaidh ar dhaoine agus tuairimíocht láidir ann gurb í an Príomh-Aoire nua Hildegarde Naughton, a comhghleacaí Brendan Griffin nó Thomas Byrne Fhianna Fáil a thiocfadh i gcomharbacht ar Jack Chambers.

Dúirt Brendan Griffin gur dhiúltaigh sé d’aireacht stáit mar gheall ar chúinsí teaghlaigh.

Tuairiscítear gur tairgeadh rogha post dó.

Bhí Patrick O’Donovan, iarmhúinteoir scoile atá 45 bliain d’aois, ar dhuine den 35 Teachta Dála a dúirt le Tuairisc aimsir an toghcháin dheireanaigh go raibh sé ar a gcumas agallamh beo a dhéanamh leis na meáin chraolta Ghaeilge.

Cé nach é is líofa i nGaeilge, tá ráitis déanta i nGaeilge aige sa Dáil agus sna meáin.

Bhí sé ina aire stáit don OPW, Oifig na nOibreacha Poiblí roimhe seo, cúram a choimeádfaidh sé, agus roimhe sin bhí sé ina aire stáit don spórt.

Toghadh chun na Dála ar dtús é in 2011 agus bhí sé ina chomhairleoir contae do cheantar an Chaisleáin Nua idir 2003-2011.

Maireann sé i Móin Achaidh Ghae i Luimneach lena bhean Eileen agus a dtriúr páistí.

Tá Hildegarde Naughton, an Teachta Dála do Ghaillimh Thiar, ceaptha ina haire stáit sa Roinn Sláinte.

Beirt chúlbhinseoirí nua atá ceaptha ina n-airí stáit, Jennifer Carroll MacNeill (FG) agus Kieran O’Donnell (FG). Beidh O’Donnell ina aire stáit sa Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus beidh Jennifer Carroll MacNeill ina haire stáit nua sa Roinn Airgeadais.

Ar na daoine eile a bhfuil post nua faighte acu tá Peter Burke (FG) atá ceaptha ina Aire Stáit do Ghnóthaí Eorpacha.

Fág freagra ar '‘Bronntanas na Nollag gan choinne’ – Aire Stáit nua na Gaeltachta ag súil le feabhas a chur ar a chuid Gaeilge'

  • Seán Mag Leannáin

    Más fíor go bhfuil an Ghaeilge agus an Ghaeltacht “an-tábhachtach” dó, cén fáth go bhfuil a chuid Gaeilge “beagnach caillte” aige? An chuma air gur ‘athsmaoimeamh’ a bhí ann an jab a thabhairt don fhear Luimnigh. Mar is gnáth aireacht na Gaeltachta fágtha in áit na leathphingine.

  • An tEisreachtach

    Seo é an gamal a dúirt go poiblí, roinnt blianta ó shin, gur Poblachtaigh ba chúis le buamáil Bhaile Átha Cliath agus Mhuineacháin in 1974, nuair atá a fhios ag an saol mór, agus é admhaithe, nach mór, ag an mBreatain, gur Dílseoirí faoi stiúir ‘fhórsaí slándála’ na Breataine ba chúis seo.
    Is dócha freisin nach bhfuil a fhios aige go bhfuil MI6 gníomhach sa stát seo le fada an lá; ach, ar ndóigh, tá sé féin agus a pháirtí chomh gallda sin gurb amhlaidh a d’fháilteodís rompu anseo.
    Go bhfóire Dia ar an nGaeltacht agus an óinseachín gan oideachas, gan oiliúint seo i gceannas uirthi.

  • Seán Mag Leannáin

    Is cuimhin liom an botún sin a rinne an gaotaire seo (féach an trácht thuas) ach is cuimhin liom freisin an óráid a thug Liam ‘Og’ Mac Cosgair don ‘náisiún’ an oíche sin tar éis na buamála. Dúirt sé go gcaithfí cuid den locht a chur ar na paramíleataigh phoblachtánacha is cuma cé a leag na buamaí! Bhí mé féin i lár na cathrach an lá uafásach sin agus nuair a chuala mé caint Mhic Chosgair, a bhí ina Thaoiseach ag an am, cheap mé gurbh an-ait é sin – go raibh an chuma air go raibh sé níos buartha faoin IRA ná faoina fórsaí a leag na buamaí a mharaigh agus a ghortaigh a chuid saoránach féin. Ní nach ionadh mar sin go bhfuil an port céanna á chanadh ag O’Donovan beagnach caoga bliain ar aghaidh.