Bronntanas don uile shéasúr is ea ‘The Wild Pear Tree’ le Nuri Bilge Ceylan

Tá duine de mhórcheardaithe an cineama i mbun oibre in ‘The Wild Pear Tree’. Lig dó tú a scuabadh chun siúil leis…

Bronntanas don uile shéasúr is ea ‘The Wild Pear Tree’ le Nuri Bilge Ceylan

The Wild Pear Tree, le Nuri Bilge Ceylan                                                                                                                             

Bhuaigh ‘The Wild Pear Tree’ Gradam an Palme d’Or i mbliana ag Féile Scannán Cannes. Eipic as tobar na gcaidreamh beag idirphearsanta tís agus pobail sna dúichí iargúlta gar do chuan Canakkale na Tuirce sa lá atá inniu ann.

‘Ní leasc liom an t-oideachas. Ach seo í An Tuirc!’

Ní trí thimpiste a roghnaigh Ceylan suíomh Canakkale dá thaipéis aoibhinn dhaonna. Ba ann a chloígh arm impiriúil Ottoman arm impiriúil na Breataine le linn fheachtas Gallipoli sa Chogadh Mór. Agus tá Canakkale luaite le láthair na Traí sa bhéaloideas chomh maith céanna. Tá an talamh féin san áit seo ar tinneall le tuar agus comhchuimhne.

Céimí óg is ea Sinan, mac an mhúinteora bunscoile áitiúil. Agus é fós gan jab, filleann sé abhaile ón mórchathair ollscoile. Idéalaí uaillmhianach agus scríbhneoir, tá leabhar neamhfhoilsithe faoina ascaill aige. Tá Sinan idir dhá thine Bhealtaine ag iarraidh bealach a stiúradh trí chogadh cathartha phósadh na dtuismitheoirí.

Níl bean chéile fhadfhulangach go Asuman, an mháthair. Ní thógfainn sin uirthi. Brionglóidí rómánsúil doleigheasta is ea Idris, an fear céile, atá ar tí dul ar pinsean. Fantaisí cruthanta, creideann sé go leigheasfaidh an chnapshuim atá ag dul dó gach náire agus scrios a tharraing sé ar an teaghlach de bharr a andúil sa chearrbhachas, galar a chreach iad.

Agus cumha air i ndiaidh na seanlaethanta, caitheann Idris gach deireadh seachtaine amuigh ar an iargúil ag iarraidh tobar a thochailt, d’fhonn acraí seasca sceirdiúla na sinsear a thabhairt chun féaraigh. In ainneoin dícheall na mblianta, braon uisce, mo léan, ní fhaca éinne fós. ‘Meas tú an dtuigeann tusa níos fearr ná na comharsana? Tá na tóineanna ag titim díobh ag gáire fút,’ arsa a sheanleaid féin, atá amach go mór san aois agus é ag cloí leis an ngabháltas beag baile amhail is dá mba é an bheatha féin é.

Tá an mac Sinan i ndeireadh na feide le Idris. Áirím forbairt an chaidrimh eatarthu de réir mar a ghluaiseann an scannán chun chríche i measc sheoda ceallalóide an nua-chéid go nuige seo.     

Beidh ar an scríbhneoir Sinan a oibriú amach freisin conas caidreamh nua a bhunú  leis na cairde scoile. Cairde a d’fhan sa bhaile agus é féin imithe leis ag tapú shaoirse na hollscoile, ag aibiú, ag oscailt amach is ag teacht in inmhe sa ghealchathair.

Agus conas a scaoilfidh sé dúshláin na ndualgas fola a thug abhaile é – fear óg a bhlais iontaisí an tsaoil lasmuigh is atá anois i mbaol a bháite ina mbaclainn siúd ar díobh é. Aithneoidh gach n-aon a thóg bus nó traein chuig institiúid tríú leibhéal sa chathair castacht chráite na haincheiste céanna sin.   

Agus conas a éireoidh leis ‘The Wild Pear Tree’ a fhoilsiú, gan pingin rua aige, amuigh anseo san iargúil Fhilistíneach? Idil tuaithe de leabhar, is cosúil, a ceiliúrann iontais bheaga laethúla na ndúichí ar chúl éaga, iontais as ar fuineadh agus fáisceadh é.

An bhfuil níos mó de chosúlacht idir athair is mac ná mar a thuigeann ceachtar acu?

Tá na haoibhnis chasta éagsúla ag carnadh go deas fán dtráth seo.

Filleadh, ionannas, muintearas, ‘belonging’ sin an Bhéarla, is bun, barr agus bolg an scannáin. Tá duine de mhórcheardaithe an cineama i mbun oibre, agus ligim dó mé a scuabadh chun siúil leis. Cineama ilsrathach asarlaíochta Nuri Bilge Ceylan. Géillim dó le díocas, leanbh ar an gcíoch.

Agus é ag sní radharcanna draíochta ina sraitheanna os cionn a chéile, fíonn Ceylan taipéis aoibhinn iontais a chrochtar ansin ar bhalla na débhrí caolchúisí.  Snámhann íomhánna suaithinseacha isteach is amach san insint. Leanbh beag dearmadta fágtha fá bhun crainn i ngort samhraidh agus é clúdaithe le seangáin, níl ansin ach sampla amháin.

Bíonn an inchreidteacht mar bhonn leis an liriciúlacht i gcónaí, mar aon le neamhbhreithiúnas fhear a cumtha.

Seasann trí nó ceithre mhír mháistriúil amach domsa sa scannán trí uair an chloig agus ocht neomat seo, gach ceann díobh ag baint barr dá chéile. Ina measc, tá comhrá Sinan leis an scríbhneoir mór le rá ar lorg sé comhairle uaidh. Thug mo dhuine cluas dó go foighneach, ach cailleann sé an cloigeann leis ar deireadh nuair a ghriogann sotal tarcaisneach ár ndailtín drochbhéasach an fear bocht thar bharr a chéille ar fad.

Agus ansin tá an píosa cineama is cumasaí dá bhfaca le fada an lá – an chéad uair a gcasann Sinan agus a shearc óg meánscoile, Hatice, ar a chéile arís i ngarrán duilleogacha.

‘Níor aithníos thú leis an scaif,’ arsa Sinan. Claontagairt don Ioslamú is déanaí sa Tuirc. Chaith sí an t-oideachas in aer tar éis na meánscoile. Ní chreideann Sinan gur dá deoin féin a thug sí cúl leis an léann. ‘Sin a bhí uaim,’ ar sí go cosantach, ‘pósadh agus fanacht sa bhaile.’ Tá bearna idir na briathra agus na mothúcháin atá folaithe. Tost. Ansin iarrann sí toitín air.

‘Lean mise,’ ar sí, agus bogann taobh thiar de chrann chun é a chaitheamh.

Baineann sí an scaif di agus titeann a folt fada go téisiúil chomh fada lena guaillí. Ardaíonn séideán gaoithe agus ceolann duilliúr lonrach an gharráin siansa tairngreachta.

Tá deor ar a grua anois…

‘Bead ag imeacht go luath,’ ar sí.

‘Cá háit?’

 ‘Áit le hór agus airgead…teach an phósta.’

‘Do sheanghrá ón scoil?’

Croitheann a ceann.

‘Seodóir…… Réitíodar eatarthu le déanaí é.’

Tost…                                                                                       

‘N’fheadar an bhfuil scairpeanna fá bhun an óir sin uile,’ ar sise.

Tá impí agus fiafraí araon sa cheist.……                                                                                                                                   

‘Ní fhéadaim an rogha sin a dhéanamh duit,’ ar seisean.

‘Cad deir do chroí leat?’                                                                                                                                                        

‘Is fada an lá ó labhair mo chroí liom,’ arsa Hatice…                                                                                 

Tarraingíonn sí chuici é. Baineann siad póg phaiseanta dá chéile. An beart saoirse deiridh di siúd. Croíbhriseadh gan choinne do Sinan, bhraithfeá…                                                                   

‘Hatice! Hatice!! Cá bhfuilir?’ An mháthair sa tóir uirthi…                                                 

Réitíonn sí an scaif arís ar a ceann. Tá braon beag fola ar liopa íochtair Sinan.  Marc a fhanann air go deireadh an scannáin. Agus, déarfainn, i bhfad Éireann níos faide ná sin.

Má tá mír níos fearr ná sin in aon bhall cineama, ní fhaca fós é.

An bhfoilsítear an leabhar riamh? Conas a éiríonn idir Idris agus Asuman? An ritheann uisce sa tobar seasc ar deireadh? Fágaim freagra na gceisteanna sin, agus a lán eile nach iad agaibhse, an lucht féachana.

Tabhair bronntanas don uile shéasúr duit féin – suigh isteach ar The Wild Pear Tree, le Nuri Bilge Ceylan.     

Fág freagra ar 'Bronntanas don uile shéasúr is ea ‘The Wild Pear Tree’ le Nuri Bilge Ceylan'