Bróigíní saora agus faiseanta samhraidh

Chuaigh ár gcomhfhreagraí ag lorg margadh maith agus í ar thóir bróigíní néata samhraidh a bheadh faiseanta agus saor

An tseachtain seo caite sa cholún seo phioc mé rogha bheag dheas de ghúnaí ar phraghsanna réasúnta don dea-aimsir. Inniu tá bróigíní samhraidh agus cuaráin roghnaithe agam ar phraghsanna idir €13 agus €60. Tá meascán deas dathanna agus stíleanna i gceist anseo ó chuaráin órga go espadrilles ar dhath nocht. Tá an rogha seo de bhróga ar fáil i siopaí mórshráide ar nós H&M, Zara agus River Island.

1

1. Espadrille an Áidh le Tosach ó shiopaí Office ar €50

Bróigíní leathair iad seo ar dhath nocht le bairbín dubh ach tá roghanna éagsúla dathanna le fáil sa stíl seo. Mar chomhairle don té a bheadh á n-ordú seo ar líne tá na tomhais beag go maith agus b’fhéidir nár mhiste é sin a chur san áireamh.

2

2. Cuaráin HOLLY Ankle-Tie ó shiopaí Topshop ar €29

Cuaráin atá le ceangal ag an rúitín iad seo agus iad déanta as leathar ceart. Tá dath álainn órga miotalach orthu seo a bheadh go deas le haon fheisteas samhraidh.

3

3. Pumpaí Bailé Lása ó shiopaí H&M ar €12.99

Pumpaí nó bróga bailé iad seo ar dhath neasbhán déanta as lása. Bróigíní deasa, banúil iad seo agus gan orthu ach €12.99. Tá siad ar fáil freisin i ndathanna dubh, turcaid nó bándearg éadrom.

4

4. Cuaráin Órleathair le Strapa Tráchta ó shiopaí New Look ar  €24.99

Cuaráin chlasaiceacha a bhfuil strapaí órga mar trascheangal orthu iad seo. Tá siad déanta as leathar ceart le strapa cúil mar chompord breise. Tá fáil orthu chomh maith i ndathanna dubh, donn nó i ndath an phéatair.

5

5. Bróga Dinge Leathair le Cuachóg ó shiopaí Zara ar €59.95

Bróga dinge iad seo a bhfuil sála réasúnta ard orthu i stíl espadrille. Le ribín dubh a cheanglaítear na bróga seo ag an rúitín agus tá siad an-chompordach. D’fhéadfaí iad a chaitheamh le linn an lae nó amuigh san oíche. 

6

6. Cuaráin Gliaire Oráiste ó shiopaí River Island €40.00

Leathar bréige atá sna cuaráin seo atá deartha ar stíl an ghliaire. Dath oráiste atá orthu le zip cúil. Bróigíní néata iad seo a thugann cosaint don rúitín freisin.

Fág freagra ar 'Bróigíní saora agus faiseanta samhraidh'