Breis is €10 milliún fágtha gan caitheamh ag Roinn na Gaeltachta anuraidh

De réir tuarascáil nua de chuid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, níor chaith Roinn na Gaeltachta 10% den mhaoiniú a bhí sna meastacháin dóibh in 2024

Breis is €10 milliún fágtha gan caitheamh ag Roinn na Gaeltachta anuraidh

Níor chaith Roinn na Gaeltachta €10.054 milliún a cuireadh ar leataobh dóibh anuraidh le caitheamh ar scéimeanna Gaeltachta agus Gaeilge.

B’ionann sin agus thart ar 10% den airgead a cuireadh ar fáil sna meastacháin don Roinn in 2024.

Deirtear i dtuarascáil nua de chuid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste gur ‘shábháil’ Roinn na Gaeltachta €3.864 milliún den €13.849 milliún a cuireadh ar leataobh do scéimeanna Gaeltachta sna meastacháin.

Deirtear gurb í an chúis ba mhó nár caitheadh an t-airgead seo ná “moilleanna a bhí ar mhórthionscadail chaipitil chomh maith le laghdú ar an líon iarratas a fuarthas”.

Chomh maith leis sin níor caitheadh €3.842 milliún den €14.2 milliún a cuireadh ar leataobh sna meastacháin anuraidh do scéimeanna tacaíochta Gaeilge, scéimeanna do thograí lasmuigh den Ghaeltacht.

Deirtear gur tharla an “coigilteas” de bharr “moilleanna i ndul chun cinn roinnt mórthionscadal”.

Tugadh cead do Roinn na Gaeltachta €2.2 milliún den mhaoiniú sin a thabhairt ar aghaidh chuig 2025.

Ní bhfuair Foras na Gaeilge cuid den mhaoiniú a bhí curtha ar leataobh dóibh in 2024. Ní bhfuair an Foras Teanga – Foras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise – €1.54 milliún den €19.078 milliún a bhí sna meastacháin ag Roinn na Gaeltachta dóibh.

Tharla seo, a deirtear, toisc nárbh fhéidir an maoiniú a fhaomhadh gan maoiniú a bheith ar fáil chomh maith don eagraíocht trasteorann ón Roinn Pobal sa Tuaisceart.

Cé gur fhill Stormont in 2024 lean cuid den aighneas polaitiúil ba chúis lena thitim ar aghaidh.

De réir thuarascáil an Ard-Reachtaire níor chaith an Roinn níos mó ná leath den €1.5 milliún a cuireadh ar leataobh dóibh do “tionscnaimh seirbhíse poiblí”. Bhain an maoiniú cuid mhaith le hiarrachtaí an stáit cur le líon na gcainteoirí Gaeilge a mbítear á n-earcú chuig an státchóras.

Níor caitheadh €808,000 den €1.5 milliún mar gheall ar mhoill ar thaighde a bhí beartaithe de bharr fadhbanna le baill foirne a earcú agus mar gheall ar mhoill le mórfheachtas feasachta poiblí.

Deirtear i dtuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste go mbeadh an feachtas feasachta ag tarlú in 2025 ach níl sé tarlaithe fós.

Chaith Roinn na Gaeltachta níos mó airgid in 2024 ar an bpróiseas pleanála teanga ná mar a bhí ceaptha dóibh sna meastacháin. €7.55 milliún seachas €6.55 milliún a caitheadh sa réimse seo “ar mhaithe le roinnt tionscadal straitéiseach a bhaineann le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge a éascú”.

€100.25 milliún a cuireadh ar leataobh sna meastacháin don Ghaeilge agus don Ghaeltacht in 2024 ach níor chaith Roinn na Gaeltachta ach €91.913 milliún.

Fág freagra ar 'Breis is €10 milliún fágtha gan caitheamh ag Roinn na Gaeltachta anuraidh'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Is léir anois go bhfuil mí-éifeacht córasach i Roinn na Gaeltachta. Ní éirionn leo an t-airgead a chaitheamh mar nach bhfuil mórán scéimeanna á bhfeidhmiú a thuilleadh sna Gaeltachtaí, mar a bhíodh, seachas An Pleanáil Teanga.

    Diúltaíonn Roinn na Gaeltachta Scéim Labhairt na Gaeilge nua a chur ar bun le teaghlaigh sa nGaeltacht a mhealladh lena bpáistí a thógáil le Gaeilge, cé go mba é sin ceann de na príomh mholtaí a bhí sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch, a coimisiúnadh le moltaí a chur ar fáil don Roinn agus don Rialtas faoi na beartais is na gnímh a theastódh leis an nGaeilge a choinneáil beo sna Gaeltachtaí.

    Diúltaíonn an Roinn don bhaint a bheith acu le réiteach a fháil ar na deacrachtaí a bhíonn ag cainteoirí Gaeilge áit chónaithe a aimsiú sna ceantair ina labhartar Gaeilge: níl aon scéim tacaíochta ag an Roinn a fhéadfadh cúnamh a thabhairt do chainteoirí Gaeilge tithe a thógáil, a cheannach nó a athchóiriú sa nGaeltacht, cé go bhfuil de chumhacht ag an Roinn scéimeanna tacaíochta den chineál sin a fheidhmiú faoin reachtaíocht reatha, cumhacht nár usáideadh ó 2008, nuair a stopadh na deontais tithíochta de bharr an ghéirchéiim airgeadais. Anois tá géarchéim tithíochta sa nGaeltacht atá ag cur todhchaí na Gaeilge i mbaol, sa gcuid den Ghaeltacht ina bhfuil sí fós á labhairt ag sciar suntasach den phobal. Tá cumhacht ag an Roinn rud éicint a dhéanamh faoi agus airgead le spáráil acu. An amhlaidh go gceaptar sa Roinn go mbeadh an iomarca strus ann rud éicint a dhéanamh faoin gceist? Nó an easpa spéise is cúis leis an siléigacht seo?

    THEASTÓDH IMSCRÚDÚ A DHÉANAMH AR ROINN NA GAELTACHTA LE FÁIL AMACH CÉARD TÁ TÚ AG TARLÚ, NÓ LE FÁIL AMACH CÉN FÁTH NACH BHFUIL MÓRÁN AG TARLÚ.

  • Carraig

    Tagaim le tábhacht agus le fírinne an ráitis sin ó Dhonncha. Ba cheart fios fátha an scéil seo maidir le Roinn na Gaeltachta a thuairisciú go bun agus na torthaí a phoibliú.
    Airgead gan caitheamh??
    Nuair is ró-chaiteachas scannalach (go minic) a chuirtear i leith ranna eile nach luafam!