Tá léiriú ar an tóir atá ag an bpobal ar ábhar Gaeilge sna meáin léirithe i dtaighde a rinne an Coimisiún um Thodhchaí na Meán.
Mar chuid de thuarascáil an Choimisiúin, a foilsíodh an tseachtain seo, rinneadh suirbhé ar thuairimí agus roghanna an phobail i dtaca leis an soláthar Gaeilge agus cultúir sna meáin.
De réir an tsuirbhé, tá breis is 80% de phobal na tíre ag iarraidh méadú a fheiceáil ar an ábhar Gaeilge agus cultúir sna meáin, nó ar a laghad, go bhfanfadh sé ag an leibhéal ag a bhfuil faoi láthair.
Breis is 1,000 duine a ghlac páirt sa suirbhé, a chuir an comhlacht Core i gcrích don Choimisiún.
Daoine óga idir 18-24 bliain d’aois is mó a léirigh tacaíocht don teanga agus dúirt 93% díobh siúd san aoisghrúpa sin go rabhadar ag iarraidh an t-ábhar Gaeilge agus cultúir sna meáin a choinneáil mar atá faoi láthair nó cur leis.
An dream is óige, idir 13-17 bliain d’aois, a léirigh an tacaíocht is lú d’ábhar Gaeilge ach, mar sin féin, bhí 73% acusan ag iarraidh nach dtiocfadh aon laghdú ar ábhar Gaeilge sna meáin.
Deirtear sa tuarascáil go léiríonn an difríocht 22% sin i dtorthaí na n-aoisghrúpaí cóngaracha sin “cuid de na miondifríochtaí maidir leis an ábhar a bhfuil pobal na hÉireann ag iarraidh tuilleadh de ó thaobh úsáid a bhaint as na meáin”.
I gceist eile, léirítear dearcthaí freagróirí maidir leis an tábhacht atá leis an nGaeilge agus cultúr na hÉireann.
Dúirt 46% díobh siúd a ghlac páirt sa suirbhé go raibh an Ghaeilge agus cultúr na hÉireann ábhairín tábhachtach nó an-tábhachtach dóibh go pearsanta.
Dúirt 50% díobh siúd sna haoisghrúpaí 18-24 agus 25-34 go raibh teanga agus cultúr na tíre tábhachtach dóibh. An aoisghrúpa is sine, 65+, a léirigh an tacaíocht is lú don teanga agus gan ach ag 39% díobh a dúirt go raibh an Ghaeilge agus cultúr na tíre tábhachtach dóibh. 41% a bhí i gceist leo siúd idir 13-17 bliain d’aois.
“Arís, léirítear difríochtaí suimiúla idir déagóirí, aosaigh níos óige agus aosaigh níos sine,” a dúradh sa tuarascáil. “Rátáil déagóirí idir 13-17 mbliana d’aois níos lú tábhachta bheith ag baint le hábhar Gaeilge agus cultúrtha ná mar a rátáil aosaigh i gcoitinne. Rátáil líon suntasach níos mó aosaigh óga idir 18 agus 44 bliain an Ghaeilge agus ábhar cultúrtha a bheith chomh tábhachtach dóibh go pearsanta agus a rátáil aosaigh 45 bliana d’aois agus níos sine.”
Fuarthas tuairimí cainteoirí Gaeilge mar chuid den suirbhé freisin. Ní nach ionadh, bhí 75% de na Gaeilgeoirí den tuairim go raibh an teanga agus cultúr na hÉireann ábhairín tábhachtach nó an-tábhachtach dóibh.
Níor thug ach 50% de na cainteoirí Gaeilge le fios go raibh siad ag iarraidh níos mó ábhair Ghaeilge agus chultúrtha a fheiceáil sna meáin amach anseo. Ní raibh ach 7% den tuairim gur cheart go ndéanfaí aon laghdú ar an ábhar sin, – 11% níos lú ná an daonra i gcoitinne.
Deir lucht na tuarascála go léiríonn na torthaí go bhfuil “tacaíocht láidir ann maidir le soláthar Ábhar Seirbhíse Poiblí a choinneáil nó a mhéadú maidir leis na healaíona, an Ghaeilge agus ábhar atá ina léiriú ar shaol, cultúr agus luachanna na hÉireann.”
Maidir leis na healaíona agus cultúr, taispeántar sa Tuarascáil go gcuireann pobal na hÉireann luach suntasach ar na hEalaíona agus an Cultúr, agus 53% de na haosaigh ar fad á lua go bhfuil na hEalaíona agus Cultúr “tábhachtach go maith” nó “an-tábhachtach” dóibh. Is amhlaidh an cás sna haoisghrúpaí éagsúla, cé go bhfuil an rátáil ábhairín níos ísle i measc déagóirí (13-17 d’aois) agus daoine san aoisghrúpa 45-54.
Bhí tacaíocht fhorleathan i measc na n-aoisghrúpaí ar fad ag líon na gclár Ealaíon agus Cultúir a choinneáil mar atá nó a mhéadú. Bhí an leibhéal tacaíochta don líon cláir agus ábhair Ealaíon agus Chultúir a mhéadú an-ard i measc aosaigh óga 18-24 bliain d’aois agus 41% acu ag iarraidh tuilleadh cláir Ealaíon agus Chultúir a fheiceáil amach anseo.
Kevin ÓTuathaigh
Táim ar muin na muice faoin nuacht seo! Nach bhfuil sé seo go hiontach ar fad.
Beidh lá eile ag an bPaorach, agus tá seans ann go mbeidh todhchaí i bhfad níos gealaí ag ár dteanga álainne, má bhfuil an méid seo tacaíocht a thabhairt ag an cosmhuintir.
-Kevin Ó Tuathaigh, Co. Chorcaí.