Breis is 30 uair níos mó caite ag comhlachtaí poiblí ó thuaidh ar aistriúcháin Ghaeilge ná ar aistriúcháin Ultaise

Tá an bhearna idir líon na gcáipéisí a aistrítear go Gaeilge agus iadsan a aistrítear go hUltais níos mó ná mar a léiríonn an t-airgead a caitheadh orthu

Breis is 30 uair níos mó caite ag comhlachtaí poiblí ó thuaidh ar aistriúcháin Ghaeilge ná ar aistriúcháin Ultaise

Chaith comhlachtaí poiblí i dTuaisceart Éireann breis is 30 uair níos mó ar cháipéisí a aistriú go Gaeilge ná mar a caitheadh ar aistriúcháin Ultaise le bliain anuas.

Faoin gcomhaontú Ré Nua, Cur Chuige Nua, bunaíodh mol aistriúcháin ó thuaidh i mí Aibreáin 2021 chun aistriúcháin Ghaeilge agus Ultaise a chur ar fáil do chomhlachtaí poiblí.

De réir eolais atá curtha ar fáil don BBC ag an Roinn Pobal, a reáchtálann an mol, tá £30,342.32 caite ar aistriúcháin Ghaeilge ag comhlachtaí pobail ó shin i leith, agus gan ach £953 caite ar aistriúcháin Ultaise le linn na tréimhse céanna.

Tá an bhearna idir líon na gcáipéisí a aistrítear go Gaeilge agus iadsan a aistrítear go hUltais níos mó ná mar a léiríonn an t-airgead a caitheadh orthu.

Tá foireann aistriúcháin Ghaeilge ag obair sa mhol chun aistriúcháin a chur ar fáil saor in aisce do chomhlachtaí poiblí. Ní bhíonn ar chomhlachtaí poiblí íoc ar aistriúcháin Ghaeilge ach sa gcás go mbíonn sé thar acmhainn na foirne tabhairt fúithi agus cuirtear an obair sin chuig aistritheoirí seachtracha.

Níl foireann aistriúcháin Ultaise ag obair sa mhol faoi láthair agus mar sin, caitear aistritheoir seachtrach a íoc aon uair a bhfuil cáipéis le haistriú.

Rinneadh an cinneadh gan aistritheoir Ultaise a fhostú sa mhol mar nárbh eol ag an am cén t-éileamh a bheadh ar an tseirbhís. Dúirt ionadaí ón Roinn Pobal gur “éileamh íseal” a bhíodh ar aistriúcháin Ultaise san am a caitheadh.

Dúradh go rabhthas ag súil go dtiocfadh ardú ar an éileamh sin amach anseo agus deimhníodh go bhfuil sé i gceist oifigeach a bheadh in ann an obair aistriúcháin Ultaise a dhéanamh a fhostú sna míonna amach romhainn.

Bhí an mol aistriúcháin ar cheann de na beartais teanga a aontaíodh sa gcomhaontú Ré Nua, Cur Chuige Nua. Tá pobal na Gaeilge ó thuaidh fós ag fanacht ar an reachtaíocht teanga atá le tabhairt isteach faoin socrú sin.

De réir tuairisc an BBC, conspóid faoin teideal a thabharfaí ar choimisinéir nua na hUltaise ceann de na cúiseanna leis an moill ar an reachtaíocht.

Fág freagra ar 'Breis is 30 uair níos mó caite ag comhlachtaí poiblí ó thuaidh ar aistriúcháin Ghaeilge ná ar aistriúcháin Ultaise'