50 duine ar a laghad maraithe in ionsaí ar stáisiún traenach in oirthear na hÚcráine

Thug an tAontas Eorpach a mbeannacht inniu do bhabhta smachtbhannaí eile, ina measc cosc ar iompórtáil ghual na Rúise

50 duine ar a laghad maraithe in ionsaí ar stáisiún traenach in oirthear na hÚcráine

Maraíodh ar a laghad 50 duine agus gortaíodh os cionn 100 in ionsaí diúracáin ar stáisiún traenach i gcathair Kramatorsk in oirthear na hÚcráine, a deir údaráis na tíre.

Tuairiscítear go raibh na mílte sa stáisiún ag an am agus iad ar tí teitheadh ó ionsaithe na Rúise sa chuid sin den tír a bhfuil géarú á dhéanamh ar an ionradh.

Bhí na hardáin sa stáisiún plódaithe le daoine le cúpla lá anuas agus iad ag iarraidh imeacht faoi dheifir go dtí ceantair níos sábháilte sa tír.

I ngrianghraif a chuir údaráis na hÚcráine ar fáil bhí daoine le feiceáil sínte amach ar an talamh agus bagáiste agus smionagar timpeall orthu.

Shéan urlabhraí de chuid na Creimile inniu go raibh baint ag an Rúis leis an sléacht agus dúirt sé nach raibh aon mhisin beartaithe sa cheantar sin.

Dúirt ceannasaí pholasaí gnóthaí Eachtracha an AE, Josep Borrell, atá le cuairt a thabhairt ar Kyiv inniu le hUachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Ursula von der Leyen,  gur “ionsaí gan idirdhealú” a bhí ann ar thug an Rúis faoi chun bealaí éalaithe a iamh ar dhaoine a raibh orthu teitheadh ón bhforéigean.

Idir an dá linn, thug an tAontas Eorpach a mbeannacht inniu do bhabhta smachtbhannaí eile, ina measc cosc ar iompórtáil ghual na Rúise agus cosc ar longa atá cláraithe sa Rúis teacht le cé i gcalafoirt an AE.

Tá smachtbhannaí le cur i bhfeidhm chomh maith ar scata Rúiseach mór le rá, ina measc beirt iníon de chuid an Uachtaráin Vladimir Putin.

Tá na smachtbhannaí is déanaí á gcur i bhfeidhm tráth a bhfuil an Rúis ag imeacht ó thuaisceart na hÚcráine chun cur go mór lena gcuid ionsaithe ar an gceantar Donbas in oirthear na tíre.

Deineadh tréanionsaithe ar chathracha in Donbas aréir, mar a bhfuil daoine ar foscadh faoi thalamh.

Ghéill an Rúis gur maraíodh líon “suntasach” dá gcuid saighdiúirí dá dtrúpaí ó cuireadh tús lena n-ionradh seacht seachtaine ó shin.

Nuair a fiafraíodh de Dmitry Peskov, urlabhraí de chuid na Creimile, an údar náire don Rúis a bhí sa mhéid sin, dúirt sé gur “tubaiste mhór a bhí ann dúinn”.

Agus níos mó agus níos mó fianaise ann faoi choireanna cogaidh a bheith á ndéanamh ag an Rúis, dúirt Volodymyr Zelensky, Uachtarán na hÚcráine, gur tharla sléacht in Borodyanka, baile atá siar ó thuaidh ó Kyiv, a bhí “níos uafásaí” fiú ná sléacht Bucha.

Fág freagra ar '50 duine ar a laghad maraithe in ionsaí ar stáisiún traenach in oirthear na hÚcráine'