Breandán Ó Doibhlin – 90 bliain faoi shéan inniu!

Tá an scríbhneoir Breandán Ó Doibhlin 90 bliain d’aois inniu. Gura fada buan é ‘ag déanamh an eolais chun an tobair seo do Chlanna Gael’

Breandán Ó Doibhlin – 90 bliain faoi shéan inniu!

portraidí.ie

Fíorchorr-theacht le chéile nó comhdháil in aon láthair atá ar bun ag lucht léinn, litríochta ná ealaíne ó tháinig ann don ráig mhór seo. Ach dá mbeadh na gnáthnósanna dá gcleachtadh, is cinnte go mbeadh ócáid cheiliúrtha ar bun an deireadh seachtaine seo in onóir an ollaimh Breandán Ó Doibhlin atá 90 bliain d’aois.

Ba dual go mbeadh an litríocht, cúrsaí teangacha, diagachta agus staire á gcíoradh ag an ócáid, réimsí a shaothraigh an Doibhlineach agus ar fhág sé a rian orthu trína chuid foilseachán agus a chuid teagaisc. Ní hí an aimsir chaite a fheileann ar chor ar bith mar tá sé fós i mbun machnaimh agus pinn agus ag roinnt a léargais agus a chuid eolais linn.

Ní fada ó foilsíodh an t-úrscéal is deireanaí dá chuid, Sliocht ar Thír na Scáth (2018), scéal atá lonnaithe ina cheantar dúchais féin le linn Chogadh Uí Néill agus Uí Dhomhnaill in aghaidh na nGall. Tréimhse í an 17ú aois ar fhill Ó Doibhlin uirthi arís eile, ar nós úrscéalaithe Gaeilge eile le scór bliain anuas. Tréimhse inar bearnaíodh saíocht na hÉireann agus ar briseadh ar institiúidí an tsaoil Ghaelaigh.

Ar bhealaí is é atógáil na saíochta sin agus líonadh an bhearna móraidhm an Doibhlinigh ina shaothar. Cion deichniúir atá déanta aige sa mhéid sin, i bhfráma tagartha atá Eorpach, ní nach ionadh óir fuair sé a oiliúint sa Róimh agus i bPáras. Tá machnamh fealsúnta ar chás an duine agus an chultúir Ghaelaigh déanta aige ina chuid úrscéalta, aistí agus léirmheasanna – fealsúnacht nár tháinig chun cinn san 18ú ná san 19ú aois as Gaeilge ar chúiseanna stairiúla.

Chuir sé uirlisí foclóireachta nua-aimseartha ar fáil le foclóirí comhfhocail (Gaoth an Fhocail, 1998) agus diagachta agus le gluaiseanna de théarmaí litríochta. Tá Gaeilge curtha aige ar mhórshaothair ó litríocht na Fraincise agus Fraincis ar dhíolaim litríochta Gaeilge ón 16ú aois (sa tsraith Patrimoine Littéraire Européen), mar mhaithe le comhrá a chothú idir na litríochtaí Eorpacha.

Chuidigh sé le tiontú Gaeilge a chur ar chaiticeasma na heaglaise agus cuid den Bhíobla. Ábhar eile nach bhfuil lucht léite na Gaeilge chomh heolach sin air, b’fhéidir, an tráchtaireacht as Béarla ar cheisteanna cultúir agus chúige Uladh atá scaipthe i gcuid mhór eagrán de The Furrow. Is fiú é a léamh le léargas a fháil ar fhairsinge a chuid smaointeoireachta. Duine ar bith ar mian leis/léi tuiscint a fháil ar na coranna a bhain do litríocht na Gaeilge agus don phobal as ar eascair sí ní fearr beart ná tosú ar an tsraith Manuail de Litríocht na Gaeilge (6 imleabhar, foilsithe ag Coiscéim ó 2003 ar aghaidh). Tá fáil ann ar ghrinnscagadh ar chúrsaí staire na tíre seo chomh maith le cúrsa litríochta spreagúil.

Bhí sé de phribhléid agam a bheith ag obair leis an Doibhlineach ar feadh roinnt blianta. Ba bheag comhrá a bheadh agat leis gan rud éigin a fhoghlaim. Cheapfainn gurb amhlaidh do na mic léinn a bhí aige siar san am ar tháinig léirmheastóireacht Irisleabhar Mhaigh Nuat chun cinn. Duine é nár lig do chúrsaí riaracháin dul in uachtar mar atá tarlaithe sna coláistí anois. Ach bhí sé in ann páipéarachas agus taidhleoireacht íogair a láimhseáil agus Coláiste na nGael Pháras á thabhairt ar ais aige féin agus dornán dá chairde i seilbh mhuintir na hÉireann.

Trína shaothar, tá cor curtha sa chinniúint ag Breandán maidir le saíocht na tíre, mar a dúirt reacaire Sliocht ar Thír na Scáth. Tugadh léargas ar ilghnéitheacht a shaothair sa chnuasach As Tobar an Doibhlinigh (Coiscéim, 2015). Tá sé ag saothrú leis i gcónaí agus gura fada buan é ‘ag déanamh an eolais chun an tobair seo do Chlanna Gael’ mar a dúirt scríbhneoir Ultach eile.

Fág freagra ar 'Breandán Ó Doibhlin – 90 bliain faoi shéan inniu!'

  • Colm Ó Cearúil

    Gaisce bainte amach ag an laoch comhaimsire seo. Gníomhaí pobail beo feasta. Duine de bhunaitheoirí Glór na nGael. Comhairleoir dúinn le linn nascadh bhaile le Canet en Rousillion.
    Is dealbh go deo ní rabhar. Ag tnúth leis an chéad saothar is eachtra eile.

  • Antoine Ó Coileáin

    Léargas ar leithne an léinn atá á shaothrú ag an Doiblineach agus spreagadh tugtha dúinn tuilleadh de a léamh. Tá léann na Gaeilge go mór faoi chomaoin ag an scoláire mór – treise leis!

  • alan titley

    Comhghairdeachas mór le Breandán, duine de laochra móra na hÉireann. Sinn go léir faoi chomaoin aige ar iliomad slí. Píosa álainn ó Éamon, ach mar a d’aithneodh sé féin, gan ann ach an chaolchuid bheag dá bhfuil bainte amach ag Breandán luaite ann. Go maire tú an céad, a Bhreandáin, agus thairis!

  • Pádraig

    Breithlá Shona … mar scrúdaitheoir seachtrach agam …iontach an spreagadh a thug sé dom agus mé faoi dhraíocht ag a shaothar

  • Cluain Sceach

    Ana-bhreá. Fear eisceachtúil é an Doibhlineach.