‘Botún’ a bhí ann gur leagan Béarla amháin de mhórdhráma Breatnaise a bhí ar fáil ar sheinnteoir TG4

Is é an leagan Béarla amháin de ‘Un Bore Mercher/Keeping Faith’ a bhí ar fáil ar sheinnteoir an stáisiúin ónar craoladh an chéad chlár i lár na míosa seo caite

‘Botún’ a bhí ann gur leagan Béarla amháin de mhórdhráma Breatnaise a bhí ar fáil ar sheinnteoir TG4

Tá ráite ag urlabhraí ó TG4 gur “botún” ba chúis le leagan Béarla amháin den tsraithdhráma Breatnaise ‘Un Bore Mercher/Keeping Faith’ a bheith ar fáil ar  sheinnteoir an stáisiúin. 

Tá leagan Béarla agus leagan Breatnaise den dráma mhór-ráchairte de chuid S4C á gcraoladh ar TG4 ar dhá oíche éagsúil le tamall faoin teideal ‘Keeping Faith’, ach ba é an leagan Béarla amháin a bhí ar fáil ar sheinnteoir an stáisiúin ó craoladh an chéad chlár i lár na míosa seo caite go dtí inné.

I ráiteas a d’iarr Tuairisc.ie ar TG4 faoi rogha theanga chraolta na mórshraithe Breatnaise, dúradh gur “botún” a bhí ann nach raibh an leagan Breatnaise ar fáil ar sheinnteoir an stáisiúin agus go mbeadh an scéal á chur ina cheart acu “go luath”.

Dúradh chomh maith go raibh “amanna an-láidir” sa sceideal tugtha don dá leagan, Béarla agus Breatnais, lena chinntiú go mbíonn “an t-ómós céanna” á thabhairt don dá theanga. Craoltar an leagan Béarla ar TG4 oíche Dé Máirt ag a 10.30pm, agus an leagan Breatnaise ar an stáisiún Gaeilge oíche Dé Domhnaigh ag a 11.00pm.

Ba i mBreatnais amháin a craoladh Un Bore Mercher ar dtús ar S4C sular craoladh an leagan Béarla den tsraith ar BBC Wales i mí Feabhra seo caite faoin ainm Keeping Faith.

Bhí ‘Keeping Faith’, a bhuaigh trí ghradam BAFTA Breatnaise i mbliana, ar an chlár is fearr ar éirigh leis agus a craoladh ar an BBC Wales le 25 bliain anuas.

Taispeánadh Keeping Faith, ar BBC One i rith an tsamhraidh agus tá an dara séasúr á léiriú i mbliana.

Fág freagra ar '‘Botún’ a bhí ann gur leagan Béarla amháin de mhórdhráma Breatnaise a bhí ar fáil ar sheinnteoir TG4'