‘Bóthar na smaointe’ – seó a bhí mar a bheadh splanc thintrí agus a d’fhág i mo staic mé

Corraíodh mo chroí agus mo shamhlaíocht ar chaoi nach rabhthas ag súil leis agus mé ag déanamh mo bhealach go Stiúideo Cuan

‘Bóthar na smaointe’ – seó a bhí mar a bheadh splanc thintrí agus a d’fhág i mo staic mé

Bóthar na Smaointe le Aoife Ní Bhriain
Stiúideo Cuan, An Spidéal
Curtha i láthair ag Aoife Ní Bhriain, Cormac McCarthy, Mick O’Brien, Dan Bodwell agus Stephanie Keane.
Léirithe ag Darach Mac Con Iomaire

‘Bóthar na Smaointe’ a thug Aoife Ní Bhriain ar a saothar nua ceoil, saothar a chum sí agus í faoi choimisiún ag Stiúideo Cuan sa Spidéal i mbliana. Is mór a fheileann an teideal seo don saothar; agus mé i mo shuí sa lucht féachana, tugadh ar thuras mé, síos bóithrín amháin agus bóithrín eile, suas cnoc síos cnoc, ar bhóthar réidh agus ar bhóthar casta cúng.

Cé nár fhág mé mo shuíochán, chuaigh mé ar aistear le Aoife agus lena comhcheoltóirí a mhúscail rud éigin ionam nár músclaíodh le fada an lá; bhí an seó mar a bheadh splanc thintrí ann a tháinig agus a d’imigh, agus a d’fhág i mo staic mé. Corraíodh mo chroí agus mo shamhlaíocht ar chaoi nach rabhthas ag súil leis agus mé ag déanamh mo bhealach go Stiúideo Cuan an oíche dhorcha ghruama sin.

Sular cuireadh saothar Aoife i láthair, tháinig ealaíontóirí cónaitheacha Stiúideo Cuan ar an stáitse agus chas siad ceol is dúirt siad dánta in ómós do Phádraig Ó hAoláin. Ba dheas é mar thús leis an seó agus bhraith mé go raibh mé timpeallaithe ag daoine cruthaitheacha, cumasacha, a bhí tagtha le chéile in aon áit amháin. Ach ní raibh mé faoi réir don méid a tharla ina dhiaidh sin. Is deacair cur síos a dhéanamh air; bhí sé spreagúil spraíúil, fuinniúil nuálach, cliste cumasach. Saothar ceannródaíoch a chuaigh i bhfeidhm go mór orm.

Meascán mearaí de gach cineál ceoil atá sa saothar seo, an ceol clasaiceach agus an ceol traidisiúnta sníofa le chéile go máistriúil cumasach. Bhí Aoife féin ar an bhfidil, Cormac ar an bpianó, Mick O’Brien, athair Aoife, ar na píobaí uilleann, Dan Bodwell ar an olldord, agus Stephanie Keane ag damhsa, í ar nós sióg ach ina fathach ag an am céanna, ag cur gné bhreise luachmhar leis an dtaispeántas. Casadh cúig sheit ceoil éagsúil mar chuid den seó – Siar an Bóthar, I Blame the Parents, Ómós do Charlie Lennon, Ag Taisteal na hEorpa agus Ó Bhaile Átha Cliath go Leipzig.

Darach Mac Con Iomaire a bhí ina léiritheoir, agus rinne sé féin agus an fhoireann léirithe ar fad éacht chun taispeántas den chéad scoth a chur inár láthair – d’fhéadfaí é a léiriú in áit ar bith ar domhan, bhí sé chomh snasta, gairmiúil agus daonna sin.

Bhí mé i mo shuí ar thaobh na láimhe clé, an-ghar don áit a raibh Cormac McCarthy ag seinm ar an bpianó. Tá mé tar éis neart daoine a chloisteáil ar an bpianó i gcaitheamh na mblianta, ach ní ar an gcaoi seo. Bhí Cormac ina mháistir ar gach a ndearna sé, agus ba gheall le draíodóir é agus é ag baint fuaimeanna agus ceol as an bpianó a d’fhágfadh do bhéal ar leathadh. Dáiríre. Ach bhí beirt acu ann, agus iad i gcomhrá lena chéile ar feadh dhá uair an chloig; Aoife agus Cormac, ise ar an bhfidil agus eisean ar an bpianó, é ar nós go raibh ceangail dofheicthe eatarthu. Ba é an comhrá ceolmhar sin croílár an tsaothair ealaíne seo.

Bhí teanga dhaonna agus uilíoch an cheoil chomh cumhachtach sin nach raibh gá le caint ach corruair – Aoife ag roinnt scéilín beag linn ó am go ham idir na seiteanna, í ag baint gáire asainn agus í ag insint dúinn gur ‘I blame the parents’ a thug sí ar an dara píosa ceoil, agus ag tiomnú píosa ceoil ar leith do Charlie Lennon. Ba ríléir go raibh meas thar na bearta aici ar Charlie, agus an-chuid gean agus grá aici dó. Is cinnte go bhfuil a háit féin saothraithe ag Aoife anois i ndomhan an cheoil; beag beann ar sheánraí, srianta nó bacanna.

Rud a chuaigh i bhfeidhm go mór orm faoin seó ná an chaoi go raibh sé ag síorathrú; ó cheol bog séimh go ceol láidir fíochmhar, an fhuaim ag ardú agus ag ísliú go nádúrtha ach gan choinne ag an am céanna. Bhí mé gafa le fuinneamh agus beocht do-inste Aoife, leis an teacht i láthair tarraingteach a bhí aici; ach freisin leis an gcaoi ar éirigh léi cead a gcinn a thabhairt do na healaíontóirí eile ar fad agus í ag cumadh an tsaothair seo.

Bhí an spotsolas ar gach uile ealaíontóir aonair ag pointe éigin den oíche, ach iad uilig fite fuaite ina chéile ag an am céanna. Nach éacht ann féin é sin? Bhí ról acu ar fad sa scéal sainiúil seo agus bhí cumhacht ag baint leis an gcaidreamh agus an t-idirphlé eatarthu ar fad, go háirithe idir Aoife agus Cormac. Ba mhinic a bhreathnaigh siad i dtreo a chéile, gur chlaon siad a gceann, gur fhéach siad sna súile ar a chéile; amhail is go raibh siad ag déanamh cinnte de go raibh siad ar an mbóthar céanna, sular ghlac siad an chéad choiscéim eile.

Bhí leochaileacht le brath i gcuid de na píosaí ceoil, mar aon le láidreacht, fearg, fiántas agus fuinneamh thar na bearta. Bhí Aoife teasaí in amanna agus í ag seinm ana fidle, na súile dúnta, í ag cur a croí agus a hanam isteach sa cheol. Amanna eile, bhí sí séimh, bog, lách; pioc, pioc, pioc ar théada na fidle, muid uilig á dtarraingt isteach, muid uilig faoi gheasa aici. B’amhlaidh do na ceoltóirí eile, freisin, agus níor fhéad mé mo shúile a bhaint den stáitse.

Bhí an seomra ag pléascadh le ceol nóiméad amháin, agus chomh ciúin le luch nóiméad eile. Coiscéimeanna Stephanie mall tomhaiste, agus ansin beocht ag líonadh a coirp ar fad agus a cuid gluaiseachtaí ar nós léiriú fisiciúil ar an méid a bhí ag titim amach sa cheol. Thug an t-olldord agus na píobaí uilleann doimhneacht dá gcuid féin don seó freisin, agus bhraith mé don dhá uair an chloig seo nach raibh a fhios ag éinne sa lucht féachana céard a bhí ar tí tarlú. Más ag caint ar fhéinléiriú ealaíonta atá muid, sin a bhí anseo agus tuilleadh. Bhí nuálaíocht agus dánacht ag baint le saothar Aoife; bhraith mé gur rug sí greim lách láidir ar mo lámh ó thús deireadh an tseó. Speisialta ar fad.

D’fhéadfá a rá gur seó, cur i láthair, léiriúchán nó míle rud eile atá i gceist le Bóthar na Smaointe; ach i bhfírinne, is scéal é seo nár insíodh riamh cheana. Agus, mar a tharlaíonn sé, cuireadh an chéad léiriú domhanda den scéal sin i láthair i Stiúideo Cuan. Ní nach ionadh gur sheas gach éinne sa lucht féachana suas ag deireadh an tseó, agus go raibh na deora le cuid acu. Agus ní nach ionadh, ach an oiread, go raibh leagan vinile d’albam nua Aoife agus Chormaic, Cosán Casta, faoi m’ascaill agam ar imeacht abhaile dom.

Tá an méid nach deirtear lán chomh tábhachtach leis an méid a deirtear, agus cruthaíodh sin dom an oíche sin. Chonaic mé an chumhacht a bhaineann le tú féin a chur in iúl tríd an ealaín amháin – gan aon ghá le haon cheo eile. Tá sé cloiste agam go minic gur cheart do shaothar ealaíne a bheith maith go leor le seasamh as féin, agus nár cheart go mbeadh ar ealaíontóir míniú a thabhairt ar an méid atá déanta acu. Bíonn an méid sin intuigthe más fíorshaothar ealaíne é. Sin a bhí i gceist leis seo. Sheas sé ann féin agus as féin. Nach ormsa a bhí an t-ádh a bheith i láthair do Bhóthar na Smaointe, agus do gach ar bhain leis.

* Craolfar Bóthar na Smaointe ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Lá Nollag agus ar chainéal YouTube Stiúideo Cuan https://www.youtube.com/@stiuideocuan.

Tá sé fógartha freisin gurb é Steve Cooney an chéad chumadóir eile a bhfuil Coimisiún Charlie Lennon bronnta air, agus go mbeidh a shaothar á chur i láthair in 2026.

Fág freagra ar '‘Bóthar na smaointe’ – seó a bhí mar a bheadh splanc thintrí agus a d’fhág i mo staic mé'