Bord Údarás na Gaeltachta ag feidhmiú gan Cathaoirleach

Fógraíodh mí Mheán Fómhair go mbeadh Mary Uí Chadhain, iarstiúrthóir airgeadais TG4, ag éirí as cathaoirleacht an bhoird ag deireadh 2023

Bord Údarás na Gaeltachta ag feidhmiú gan Cathaoirleach

Tá Bord Údarás na Gaeltachta ag feidhmiú gan Cathaoirleach i láthair na huaire.

Tá sé deimhnithe ag Roinn na Gaeltachta do Tuairisc nach bhfuil aon Chathaoirleach nua ceaptha ar an mbord ó d’éirigh Mary Uí Chadhain as an ról ag deireadh na bliana seo caite.

Dúirt urlabhraí de chuid na Roinne go raibh “an cheist maidir le Cathaoirleach nua á breithniú ag an Roinn i láthair na huaire”. Aire na Gaeltachta a cheapann Cathaoirleach ar Bhord an Údaráis.

Tá folúntas do chomhalta fós le líonadh ar an mBord chomh maith

Fógraíodh mí Mheán Fómhair go mbeadh Mary Uí Chadhain, iarstiúrthóir airgeadais TG4, ag éirí as cathaoirleacht an bhoird ag deireadh 2023. Dúradh go mbeadh sí ag leanúint ar aghaidh mar ghnáthchomhalta ar an mbord go dtí deireadh na bliana seo.

Tá folúntas do ghnáthchomhalta ar an mbord fós le líonadh ón bhfómhar freisin tar éis do Debra Ní Shúilleabháin éirí as, rud a fhágann gur 11 comhalta, seachas an 12 comhalta atá leagtha síos sa reachtaíocht, atá ar Bhord an Údaráis anois.

Bhí Údarás na Gaeltachta ag feidhmiú gan bord mí Eanáir agus mí Feabhra na bliana nuair a ligeadh do thréimhse an Bhoird dul in éag gan ceann nua a cheapadh.

Ainmníodh cúigear comhairleoirí contae ar an mBord agus athcheapadh beirt chomhaltaí eile mí Feabhra. Thóg sé os cionn seacht mí an cúigear comhaltaí eile a cheapadh trí chomórtas poiblí de chuid na Seirbhíse um Ceapacháin Phoiblí (PAS).

Tá an bord reatha le bheith ann go dtí deireadh na bliana seo, ach dhéanfaí athrú ó bhonn ar an gcóras roghnúcháin dá dtabharfaí toghcháin Údarás na Gaeltachta ar ais mí an Mheithimh.

Tá amhras nach beag ann an dtarlóidh na toghcháin sin anois, áfach, agus an reachtaíocht chuí fós le tabhairt isteach ag an Rialtas. Ní raibh bille an Údaráis liostaithe i measc na bpíosaí reachtaíochta a bhfuil tús áite á thabhairt ag an Rialtas dá bhfoilsiú i mbliana.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Patrick O’Donovan le déanaí gur cinneadh do thriúr ceannairí an Rialtais a bheadh ann an mbeadh an toghchán ar siúl mí an Mheithimh.

Bhí sé féin ag súil go mbeadh an toghchán ar siúl “a luaithe” agus ab fhéidir sa samhradh ach ní fhéadfadh sé dáta a thabhairt, a dúirt sé.

Fág freagra ar 'Bord Údarás na Gaeltachta ag feidhmiú gan Cathaoirleach'