Bonn óir buaite ag Rhys McClenaghan d’Éirinn agus bua stairiúil aige ar an gcapall corr

Tá sé bhonn buaite ag foireann na hÉireann ag na Cluichí Oilimpeacha, an líon céanna bonn is a buadh i Londain in 2012, an líon ab airde riamh go dtí seo

Bonn óir buaite ag Rhys McClenaghan d’Éirinn agus bua stairiúil aige ar an gcapall corr

Tá bonn óir buaite ag Rhys McClenaghan d’Éirinn ag na Cluichí Oilimpeacha agus an chéad áit faighte aige sa bhabhta ceannais ar an gcapall corr.

Thug gleacaí na hÉireann taispeántas a bhí beagnach gan locht agus scór 15.533 aige. Is é McClenaghan an chéad ghleacaí as Éirinn riamh a bhuaigh bonn ag na Cluichí Oilimpeacha.

Nariman Kurbanov na Casacstáine a bhí sa dara háit le 15.433 agus Stephen Nedoroscik Stáit Aontaithe Mheiriceá a ghnóthaigh an bonn cré-umha le 15.300.

Bhain crá croí ceart leis na Cluichí Oilimpeacha i dTóiceo do McClenaghan nuair a thit sé den chapall corr sa bhabhta ceannais ach a mhalairt de scéal a bhí aige i bPáras tráthnóna.

Thug McClenaghan leis bonn óir ag craobhacha an domhain in 2022 agus in 2023 agus rinne sé amhlaidh tráthnóna sa Bercy Arena ag na Cluichí Oilimpeacha.

Fágann sárthaispeántas fhear chontae an Dúin sa ghleacaíocht ealaíonta go bhfuil sé bhonn buaite ag foireann na hÉireann ag na Cluichí Oilimpeacha, an líon céanna bonn is a buadh i Londain in 2012, an líon ab airde riamh go dtí seo.

Rhys McClenaghan ©INPHO/James Crombie

Bhuaigh Paul O’Donovan agus Fintan McCarthy an bonn óir i gcomórtas bád beirte éadrom na bhfear inné agus tá bonn óir agus bonn cré-umha buaite ag  snámhaithe na hÉireann Daniel Wiffen agus Mona McSharry. Tá bonn cré-umha ar a laghad buaite ag an dornálaí Kellie Harrington a bheidh ag troid sna babhtaí leathcheannais i rannóg 60kg na mban anocht.

Beidh Harrington in aghaidh Beatriz Ferreira ón mBrasaíl, an trodaí ar bhuaigh bean na hÉireann uirthi sa bhabhta ceannais i dTóiceo.

Bhí Daniel Wiffen ar ais sa linn snámha inniu tar éis dó an bonn óir a bhuachan sa snámh saorstíle 800m ag tús na seachtaine.

Bhí bua cuimsitheach ag Wiffen ina bhabhta cáilithe den snámh saorstíle 1500m agus beidh an-seans ag fear Ard Mhacha a dhara bonn óir sa rás ceannais amárach.

Ben Healy ©INPHO/Ryan Byrne

I rás bóthair na bhfear sa rothaíocht bhí rás den scoth ag Ben Healy a chríochnaigh sa deichiú háit, an taispeántas is fearr riamh ag rothaí as Éirinn ag na Cluichí Oilimpeacha.

Sa ghalf bhí lá maith ag Rory McIlroy a bhí cúig bhuille faoi bhun an par. Tá fear an Dúin ar -10 sa séú háit agus seans i gcónaí aige ar bhonn amárach.

Tá McIlroy ceithre bhuille taobh thiar de Xander Schauffele atá sa chéad áit.

Cúig bhuille faoi bhun an par a bhí Shane Lowry inniu chomh maith agus é sa 23ú háit.

 

 

 

 

Fág freagra ar 'Bonn óir buaite ag Rhys McClenaghan d’Éirinn agus bua stairiúil aige ar an gcapall corr'