Bonn Óir Uí Riada buaite ag fear as Ráth Chairn agus bean as Gaillimh

Bronnadh na boinn ar Éanna Ó Cróinín agus Úna Ní Fhlannagáin ag comórtas an Bhoinn Óir in Óstán Pháirc Bhaile an Róistigh i gCorcaigh le linn an deireadh seachtaine

Bonn Óir Uí Riada buaite ag fear as Ráth Chairn agus bean as Gaillimh

Tá Bonn Óir Sheáin Uí Riada buaite ag an bpíobaire Éanna Ó Cróinín as Ráth Chairn agus an cruitire Úna Ní Fhlannagáin as Contae na Gaillimhe. Bhí an comórtas ceoil ar siúl i gCorcaigh ag an deireadh seachtaine agus craoladh beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta é.

Bhí 14 ceoltóir san iomaíocht ar stáitse Óstán Pháirc Bhaile an Róistigh, iomaitheoir as Meiriceá ina measc.

Is as Gaeltacht na Mí ó dhúchas Éanna Ó Cróinín atá ina mhúinteoir matamaitice agus ceoil sa mheánscoil ina bhaile dúchais. Is iomaí duais atá buaite ag fear Ráth Chairn ó thosaigh sé ag casadh ceoil agus é an-óg agus tá Céim an Mháistir sa cheol bainte amach aige in Ollscoil Luimnigh. Cé gur ar an bhfeadóg stáin a thosaigh sé ag casadh ceoil is é a chuid ceoil ar an bpíb is mó a thuill aitheantas don Chróiníneach.

Tógadh Úna Ní Fhlannagáin i gCreachmhaoil in oirthear chontae na Gaillimhe ach tá sí anois ina cónaí i mBearna i nGaeltacht na Gaillimhe. Is múinteoir ceoil í i gColáiste an Eachréidh, scoil lán-Ghaeilge i mBaile Átha an Rí, ach bíonn sí ag múineadh ceoil ar fud an chontae le Scoil Cheoil Bhaile Átha an Rí, scoil a bhunaigh sí féin.

Bronnadh bonn an duine ar Ní Fhlannagáin agus Ó Cróinín agus roinnfidh siad an duaischiste €2500 eatarthu.

Chuir an ceoltóir aitheanta as Gaeltacht Chorcaí, Peadar Ó Riada, an comórtas ar siúl sa bhliain 2010 in ómós dá athair, an cumadóir agus an ceoltóir Seán Ó Riada. Craoladh an comórtas ar chlár Pheadair, Cuireadh Chun Ceoil, ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Fág freagra ar 'Bonn Óir Uí Riada buaite ag fear as Ráth Chairn agus bean as Gaillimh'

  • Séamus Barra

    Tháinig cáithníní ar chúl mo chinn ag éisteacht leis an dteaspántas san. mo sheasamh ar an gCróiníneach – agus tabhair fé ndear go bhfuil dúchas na Mumhan ann… Ardoíche agus ceoltóirí nótáilte ar fad a raibh ar ardán