‘Bochtán a bheadh san uile dhuine dá ndéanfaí mise a tháinseamh’ – Trump

Agus é faoi bhrú mar gheall ar choireanna airgeadais a dhlíodóra agus iarcheannasaí feachtais dá chuid, deir Uachtarán SAM go dtitfeadh an tóin as an ngeilleagar dá ndéanfaí é a tháinseamh

‘Bochtán a bheadh san uile dhuine dá ndéanfaí mise a tháinseamh’ – Trump

Tá ráite ag Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá Donald Trump go dtitfeadh an tóin as cúrsaí eacnamaíochta dá ndéanfaí é a tháinseamh.

Ag labhairt dó ar Fox News, dúirt Trump nárbh léir dó conas a d’fhéadfaí duine “a bhfuil sárjab déanta aige a tháinseamh”.

Tá an tUachtarán faoi bhrú mór ó phléadáil a dhlíodóir Michael Cohen ciontach as coireanna cánach a bhain le feachtas Trump.

“Dá ndéanfaí mise a tháinseamh riamh, is dóigh liom go dtitfeadh an tóin as an margadh. Bochtán a bheadh san uile dhuine,” arsa Trump.

Dúirt an tUachtarán gur ar éigean a chreidfí méad an dochair a dhéanfaí don gheilleagar dá ndéanfaí é a tháinseamh.

“N’fheadar mé conas a d’fhéadfaí duine a bhfuil sárjab déanta aige a tháinseamh,” a dúirt sé.

Le linn an agallaimh ar Fox & Friends inniu, chuir Trump i leith Cohen go ndúirt sé an méid a dúirt sé chun margadh níos fearr a fháil ó lucht a chúisithe.

Thug Cohen le fios don chúirt gur ordaigh “an t-iarrthóir” (Trump) dó íocaíocht a dhéanamh le beirt bhan a mhaígh go raibh caidreamh acu le Trump ar mhaithe le hiad a choinneáil ina dtost.

“‘Flipping’ a thugtar air sin agus is beag nár cheart dó a bheith mídhleathach. Ní rud cothrom é, ach sin an chúis go ndearna sé é. Rinne sé margadh an-mhaith,” a dúirt Trump.

Mhaígh sé go mbíonn daoine a bhíonn ag comhoibriú leis an Rialtas “ag cumadh scéalta” agus “nach ndéanann siad ach bréaga a insint”.

“Is maith a thuigimse flipping – le 30 nó 40 bliain tá mé ag féachaint ar ‘flippers’ … Is iomaí cara liom a bhí ag plé leis an stuif seo…faigheann tú 10 mbliana sa phríosún, ach má deir tú drochrudaí faoi dhaoine, i bhfocail eile, má chumann tú scéalta faoi dhuine sa chás nach bhfuil an scéal ar eolas agat… in áit deich mbliana beidh tú i do laoch náisiúnta.”

Ciontaíodh chomh maith an tseachtain seo Paul Manafort, iarcheannasaí ar fheachtas toghchánaíochta Trump, as calaois i gcúrsaí cánach agus baincéireachta.

B’amhlaidh gur moladh a fuair Manafort ón Uachtarán as gan “géilleadh” agus gan comhoibriú leis na hionchúisitheoirí féidearálacha “mar a rinne Michael Cohen”.

Agus a bhfuil i ndán d’uachtaránacht Trump idir dhá cheann na meá, dúirt Sarah Huckabee Sanders, Rúnaí Preasa an Tí Bháin, nach raibh “aon rud as bealach” déanta ag an Uachtarán.

“Díreach mar gheall go ndearna Michael Cohen margadh pléadála, ní hé sin le rá go bhfuil aon bhaint ag an Uachtarán le rud ar bith,” a dúirt Huckabee Sanders.

Phléadáil Michael Cohen ciontach Dé Máirt in dhá choir airgeadais a bhain le feachtas Trump. Bhain ceann acu sin le híocaíocht $130,000 a íocadh leis an aisteoir i scannáin phornagrafacha Stephanie Clifford, nó Stormy Daniels. Bhain an choir eile le híocaíocht $150,000 i dtaobh socrú a rinneadh chun stop a chur le scéal Karen McDougal, iarmhainicín Playboy.

Fág freagra ar '‘Bochtán a bheadh san uile dhuine dá ndéanfaí mise a tháinseamh’ – Trump'