Blúirín lámhscríbhinne aimsithe ag scoláirí a bhféadfadh baint a bheith aige le Leabhar Cheanannais

Tá sceitimíní ar shaineolaithe a bhfuil blúirín de lámhscríbhinn aimsithe acu atá an-chosúil go deo le Leabhar Cheanannais

22/01/2014. Trinity College Dublin. Pictured the famous Book of Kells in the Trinity College Dublin Long Room. Photo: Sam Boal/RollingNews.ie
Leabhar Cheanannais Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie

Ceaptar go mb’fhéidir gur leis na húdair a thrascríobh Leabhar Cheanannais blúirín lámhscríbhinne atá aimsithe i ndroim leabhar Gearmánach.

Deir scoláirí, áfach, go raibh lámhscríbhinní eile ann ag an am céanna le Leabhar Cheanannais a bhí ar aon mhéid leis agus go bhfuil an scéal á fhiosrú acu.

Thug Ollamh le Stair in Ollscoil Aberdeen, David Dumville, le fios do RTÉ go dtagtar ar bhlúiríní den chineál seo go minic toisc gur nós le daoine lámhscríbhinní a ghearradh suas agus a chaitheamh i dtraipisí dá gceapfaidís nach mbeadh aon fheidhm leo níos mó nó dá mba rud é nach mbeidís ag teacht le stíl dearaidh na linne.

“Mar sin féin, tá rud éigin speisialta ag baint leis an mblúirín áirithe seo,” a dúirt an tOllamh Dumville, a bhfuil foireann scoláirí curtha le chéile aige chun scrúdú a dhéanamh ar an mblúirín atá faighte acu.

Deir coimeádaí na Lámhscríbhinní i gColáiste na Tríonóide, Bernard Meehan go bhfuil “sceitimíní” air faoin scéal.

An chéad chúram a bheidh ar an bhfoireann ná a dhéanamh amach an bhfuil aon cheangal idir an blúirín agus Leabhar Cheanannais.

Fág freagra ar 'Blúirín lámhscríbhinne aimsithe ag scoláirí a bhféadfadh baint a bheith aige le Leabhar Cheanannais'