Chroch mo mháthair an t-osclóir cannaí in airde.
‘An é seo a corcscriú?’
‘Ní hé,’ a d’fhreagair mé. ‘Sin é an t-osclóir cannaí.’
Bhí mé sa bhaile den chéad uair le bliain. Bhí turas fada curtha díom agam agus bhí mé ag súil le gloine den fhíon bán a bhí ar an mbord, ach bhí an chuma ar an scéal go mbeinn ag fanacht tamall eile.
Chroch mo mháthair gléas in airde a mbaintear úsáid as chun an croí a bhaint as úlla.
‘An é seo an corcscriú, mar sin?’
‘Ní hé, sin é an croíghearrthóir úll.’
Bliain agus ráithe ó shin, chuaigh mo mháthair ar strae in aerfort Liospóin, eachtra a chuir ar mo shúile agus ar shúile mo dhearthár óig go raibh sé thar am coinne dochtúra a dhéanamh di.
Bliain ó shin, deimhníodh go bhfuil galar Alzheimer ar mo mháthair.
Inniu, tá mo mham imithe ar strae ina cistin féin. Bíonn sí ar thóir na dtuáillí tae san íoslach, ar thóir an tsíothláin san oigheann agus tugann sí ‘tráta’ ar ubh. Níor bhean mhór chócaireachta a bhí inti riamh, ach sa lá atá inniu ann, ní réitíonn sí di féin ach an t-aon bhéile amháin: ronnach deataithe, prátaí bruite agus meascán glasraí réamhphacáistithe a dhéanann sí a shuaithfhriochadh.
Is cinnte gur ábhar imní domsa agus do mo dheartháir óg bia-aiste teoranta mo mháthar – cé go bhféadfaí béilí i bhfad níos mífholláine a shamhlú – ach is í an mhórcheist atá ag teacht idir sinn agus codladh na hoíche, dáiríre, ná cén fhad eile a bheidh ar chumas mo mháthar cónaí léi féin.
Ní fheiceann an t-oibrí sláinte a thugann cuairt ar mo mháthair go tráthrialta aon fhadhb go fóilleach, agus, tar éis dom seachtain a chaitheamh i dteach mo mham, aontaím léi. Ní fhágann mo mháthair an gás ar siúl, tá sí in ann an t-inneall espresso baile a láimhseáil go fóill. Caitheann sí tamall fada ag cuardach na nithe a bhíonn uaithi, ach sa deireadh aimsíonn sí iad.
Go hiondúil.
‘An é seo an corcscriú?’ a d’fhiafraigh mo mham.
Bhí an cnóire á chrochadh in airde aici.
Níl saoi ar bith gan locht: níor bhreathnaigh mé ar an mbuidéal i gceart go dtí an nóiméad áirithe sin.
Ní raibh corc ar bith le baint amach.
Scriúchlaibín a bhí air.
‘Fág é, a mham. Cuardóimid an corcscriú lá éigin eile. Beidh gloine fíona againn.’
Máiread
Alex,
Is brónach an scéal.
Mick
Ní rud éasca a bheith san idirghlúin, go háirithe nuair a bhíonn do thuismitheoirí ag dul in aois agus go háirithe nuair a bhíonn siad ag streachailt le drochshláinte.