Blascaodach aitheanta ar shlí na fírinne

Sár-Bhlascaodach, sár-Ghael agus sár-Mheireacánach ab ea Micheál Ó Ceárna, a deir rúnaí Fondúireacht an Bhlascaoid, Lorcán Ó Cinnéide

Michael Carney

Is ábhar mór bróin d’Fhondúireacht an Bhlascaoid an scéal gur éag an Dochtúir Micheál (Maidhc) Ó Ceárna i Springfield Massachusetts, trathnóna Dé Sathairn, an 29ú Lúnasa 2015, agus é i ngiorracht seachtainí dá 95ú lá breithe.

Ós na tríochaidí den gcéad deireanach amach, nuair a d’fhág sé an Blascaod Mór, bhí Maidhc go tréan ag stocaireacht ar son a phobail. Le tríocha bliain anuas, thacaigh sé go láidir  le hobair na Fondúireachta chun oidhreacht an Bhlascaoid a chaomhnú. Bhí sé ina chuairteoir bliantúil go Corca Dhuibhne le fada an lá. Scríobh sé dírbheathfhaisnéis From the Great Blasket to America – the Last Memoir by an Islander agus ba mhinic le clos é ar Raidió na Gaeltachta. Bhronn Ollscoil Mháigh Nuad céim Dochúireachta Ónórach air de thairbhe a shaothair ar son an oileáin agus na Gaeilge.

Bhunaigh an Dochtúir Maidhc ‘Sparántacht an Bhlascaoid’, ciste a thacaíonn le scoláirí as Corca Dhuibhne dul i mbun oideachais tríú leibhéal agus oidhreacht an Bhlascaoid a chur chun cinn.

Rugadh Maidhc Ó Ceárna ar an mBlascaod Mór ar an 22ú Méan Fomhair 1920. D’fhág sé an tOileán in aois seacht mbliana deag agus thug aghaidh ar dtúis ar Chathair Saidhbhín agus ina dhiaidh sin ar Bhaile Átha Cliath. Chuaigh sé ar imirce go Springfield, Massachusetts, i 1947 agus níl aon dabht ach gur bhain sé stádas amach mar an Gael-Mheireacánach is tábhachtaí in iarthar Massachusetts ins na blianta fada a chaith sé sa chathair sin.

Bhí Maidhc ar an bpríomhionspioráid taobh thiar d’athnuachan an John Boyle O’Reilly Club i Springfield, i gcur chun cinn cluichí Gaelacha ansan agus ag síorchothú nasc idir Ghael-Mheireacánaigh agus a bhfód dúchais.

Bhí Maidhc páirteach le déanaí i ndéanamh sraith nua cláracha faisnéise  bunaithe ar chuimhní na n-iar-Bhlascaodaigh atá le craoladh ar TG4 agus go dtí laethanta beaga roimh a bhás, bhí sé i dteagmháil leis an bhFondúireacht maidir le curaimí an oileáin.

Fear gníomhach, tuisceaneach, misnúil agus eisceachtúil ab ea Maidhc Ó Ceárna: sár-Bhlascaodach, sár-Ghael agus sár-Mheireacánach.

Deineann an Fhondúireacht comhbhrón lena chlann, a mhac Maidhc ‘An Bleachtaire’ Ó Ceárna, a iníonacha Máirín, Nóirín agus Caitlín, fear céile Mháirín, an t-údar Gerard Hayes (The Last Blasket King), a dheirfiúr Máirín,  a sliocht siúd, a ghaolta agus a chairde ar fad i gCorca Dhuibhne agus ins na Stáit Aontaithe.

Déanfar an Dr. Maidhc Ó Ceárna a thóramh ar an Déardaoin seo chughainn agus cuirfear é ar an Aoine, an 4ú Meán Fomhair i Springfield, Mass, i dteannta chumann a chléibh, a bhean céile Máirín, a cailleadh roinnt blianta roimhe.

D’iarr an Dr. Maidhc, in ionad cártaí aifrinn ná bláthanna, má thograíonn daoine é, síntiús a thabhairt do Sparántacht an Bhlascaoid/Blasket Island Bursary, fé chúram Fondúireacht an Bhlascaoid.

Ar dheis Dé go raibh a anam.

Fág freagra ar 'Blascaodach aitheanta ar shlí na fírinne'