‘Blascaod eile’ a bheidh in Inis Meáin cheal tacaíochta ón Roinn Oideachais

Cuirfear deireadh le pobal beag bríomhar Inis Meáin mura gcuirtear an dara hoide ar fáil don scoil ann, arsa grúpa tuismitheoirí atá i mbun stocaireachta ar pholaiteoirí inniu

Minister of State for the Department of Arts, Heritage and Gaeltacht Affairs, Joe McHugh TD, with Orlaith Breathnach, principal of Scoil Náisiúnta Inis Meáin (right); Peadar Mac Fhlannchadha, Language Protection and Representation Manager with Conradh na Gaeilge (left); and primary school children from Scoil Náisiúnta Inis Meáin (front) at a meeting with parents, teachers, TDs and Senators from various political parties in Buswells Hotel, Dublin, this afternoon (15 July 2015). The school's principal and only teacher is faced with the prospect of being the only adult responsible for nine pupils enrolled in Scoil Náisiúnta Inis Meáin, Co. Galway, come September. The meeting today called on Minister for Education and Skills, Jan O'Sullivan TD, to reinstate a second teacher to ensure the survival of the school and the island. Contact: Orlaith Breathnach, Principal, Scoil Náisiúnta Inis Meáin, 086 8941227
Aire Stáit na Gaeltachta, Joe McHugh TD, le hOrlaith Breathnach, príomhoide Scoil Náisiúnta Inis Meáin (ar dheis) agus Peadar Mac Fhlannchadha,  Conradh na Gaeilge (ar chlé) le daltaí scoile ó Inis Meáin ag an gcruinniú le baill Thithe an Oireachtais inniu.

Beidh ar dhaoine ar Inis Meáin an baile a thréigean chun scolaíocht cheart a fháil dá leanaí, rud a chuirfeadh deireadh le pobal beag bríomhar an oileáin.

B’shin cuid dá raibh le rá inniu ag grúpa tuismitheoirí ó Inis Meáin atá i mBaile Átha Cliath inniu chun stocaireacht a dhéanamh ar bhaill an Oireachtais mar chuid dá bhfeachtas chun an dara oide a fháil don scoil náisiúnta ann.

I ráiteas a d’eisigh an grúpa tuismitheoirí ar maidin, dúradh gurb ionann an feachtas scolaíochta agus feachtas le Inis Meáin féin a choimeád beo.

“Is cosúil go bhfuil sé de pholasaí ag an Roinn Oideachais Scoil Náisiúnta Inis Meáin a chur de dhroim seoil,’ a dúirt an grúpa tuismitheoirí.

Scoil Náisiúnta Inis Meáin...Dublin meeting.

Tá Inis Meáin 20 km ón míntír, rud a fhágann, dar leis na tuismitheoirí, nach féidir leis an Scoil Náisiúnta a bheith “ag brath ar aon chúnamh ón taobh amuigh”.

Naonúr a bheidh ar rolla na scoile i mí Mheán Fómhair seo chugainn agus gan aon fhocal Gaeilge ag a leath acu siúd, rud a chruthaíonn fadhbanna teagaisc ann féin.

Tugadh le fios go mbíonn fadhbanna éagsúla eile ag an scoil toisc gan an dara hoide a bheith ann, ina measc fadhbanna a bhaineann le maoirseacht, curaclam agus sábháilteacht.

Tá  Scoil Náisiúnta Inis Meáin ar cheann de thrí scoil déag atá ar oileáin amuigh ó chósta na hÉireann. Is scoileanna aon oide amháin cúig cinn acu seo, Scoil Náisiúnta Inis Meáin san áireamh, agus tá beirt oidí sna scoileanna eile i láthair na huaire.

Chaill Scoil Náisiúnta Inis Meáin an dara oide i 2012 nuair nach raibh cláraithe inti ach seisear. Ní raibh an múinteoir sin ábalta glacadh le post ar bith eile a thairg an Roinn Oideachais di mar go mbeadh uirthi an t-oileán agus a clann a fhágáil.

“Ag an am, rinne an Bord Bainistíochta ‘chuile iarracht cúnamh a fháil don scoil agus don dara hoide. Chuaigh muid chuig an Roinn Oideachais, chuig an INTO, chuig an Ombudsman do Leanaí agus chuig an Easpag. Ní bhfuair muid aon tacaíocht uathu,” a dúirt tuismitheoirí Inis Meáin.

Ní fada eile a mhairfidh an Ghaeilge ar an oileán d’uireasa an dara hoide, a dúirt an grúpa tuismitheoirí, a bhfuil a gcás a dhéanamh inniu acu in Óstán Buswells i mBaile Átha Cliath.

“Tá an bhunscoil an-tábhachtach le pobal beo a choinneáil slán in Inis Meáin. Tá sé theaghlach óga ar an oileán anois agus tá sé riachtanach go bhfanfaidh siad ann má tá todhchaí ar bith i ndán don oileán.

“Tá sé ríthábhachtach go mbeadh muid in ann an t-oideachas caighdeánach bunscoile atá dlite do na páistí agus mar atá ar fáil ag a gcomhscoláirí ar an mórthír a thairiscint do na gasúir ar an oileán le go bhfanfaidh siad. D’fhéadfadh sé tarlú an-sciobtha gur Blascaod eile a bheadh san oileán seo mura dtógtar céim anois lena chinntiú go mairfidh an pobal beo san oileán.”

Fág freagra ar '‘Blascaod eile’ a bheidh in Inis Meáin cheal tacaíochta ón Roinn Oideachais'