Bíonn saol ag carachtair fhicseanúla ‘ar shiúl ón leathanach’

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: agus saothar ficsin á scríobh agat, is fiú a léiriú go mbíonn comhráite ag na carachtair nach bhfuil le fáil sa téacs. 

Bíonn saol ag carachtair fhicseanúla ‘ar shiúl ón leathanach’

Nach aisteach an chaoi a dtagann scríbhneoir ar thuiscintí agus ar theicnící nua, fiú agus blianta caite aige i mbun na ceirde?

An lá cheana, agus bailchríoch á cur agam – den uair dheiridh an iarraidh seo, dáiríre! – ar an úrscéal úd ar chaith mé seacht mbliana ina bhun, bhí mé ar tí líne chainte a bhí curtha isteach agam ag an nóiméad deiridh a bhaint amach arís nuair a dúirt glór éigin ar chúl m’aigne liom í a fhágáil ann.

Ar an gcéad radharc, líne thar a bheith fánach a bhí inti.

Bhí duine de na carachtair thánaisteacha, buachaill sé bliana d’aois, díreach tar éis ceist a chur ar leannán fir nua a athar (ní ghabhfaidh mé isteach sa scéal sin anois) an bhféadfadh sé cuairt a thabhairt lá éigin ar an oifig ina mbíonn a leasathair nua, ar trácht-eolaí é, ag obair. Ansin, mar aguisín, deir sé: ‘Nach bhfuil ceamaraí agaibh ansin a ligeann daoibh súil a choinneáil ar an gcathair ar fad?’

Tharla an comhrá sin faoin oifig toisc go raibh mé ag iarraidh a thaispeáint go raibh caidreamh agus dáimh ag fás idir an leaidín óg agus a leasathair nua, agus chuir mé isteach an líne sin faoi na ceamaraí tráchta ag an nóiméad deiridh toisc gur shíl mé go raibh sé saghas aisteach go gcuirfeadh buachaill sé bliana d’aois oiread suime in oifig de chuid chomhairle na cathrach.

Ach cén fáth nach gcuirfeadh, a shíl mé ansin. A Alex, as ucht na mBé ort, éirí as a bheith ag iarraidh chuile shórt a mhíniú!

Bhí mo chorrmhéar os cionn an chnaipe ‘scrios’ agam cheana féin nuair a rith sé liom go raibh feidhm iomlán éagsúil agus iontach spéisiúil ag an líne fhánach úd faoi na ceamaraí.

Ba é an chaoi gur thug an líne úd le tuiscint go raibh comhrá ag an mbeirt faoin ábhar sin cheana féin, comhrá nach bhfuil le fáil i dtéacs an úrscéil – comhrá a tharla, i bhfocail eile, ‘ar shiúl ón leathanach’.

Ar an bpointe boise, d’éirigh ‘domhan’ an úrscéil i bhfad níos mó. Bhí saol príobháideach ag na carachtair taobh amuigh de na leathanaigh, ba léir; saol ina labhródh buachaill sé bliana d’aois agus a leasathair faoi cheamaraí tráchta agus iad ag ní na ngréithe, mar shampla, nó ar a mbealach go dtí an siopa – is cuma, faoin léitheoir a fhágtar é an comhrá úd nach bhfuil le fáil sa téacs a shamhlú ina aigne féin. Agus comhráite eile lena chois: má bhí comhrá amháin mar sin acu, luíonn sé le réasún go raibh go leor eile, leis.

Ceann de na rudaí a fhoghlaimíonn an scríbhneoir de réir a chéile agus é ag dul i dtaithí ar an gceird ná rudaí a thabhairt le fios idir na línte seachas sna línte, ach níor rith sé liom go dtí an lá cheana go bhféadfadh ceistín fánach amháin oiread oibre a dhéanamh ar bhealach chomh neamhshuntasach sin.

Ach ritheann sé liom, freisin, gur leor leidín fánach amháin den chineál seo do gach caidreamh ficseanúil. Nuair atá sé léirithe agat go mbíonn saol príobháideach ag na carachtair, ar shiúl ón leathanach, tá sé léirithe agat; ní fiú duit an rud céanna a léiriú faoi dhó, agus anuas air sin, thiocfadh cuma na rún agus na cúlchainte gan mhoill ar théacs a bheadh breac le tagairtí do chomhráite a tharla nuair nach raibh an léitheoir i láthair.

Fág freagra ar 'Bíonn saol ag carachtair fhicseanúla ‘ar shiúl ón leathanach’'