Bíonn cluichí iontacha againn gach bliain sa chomórtas faoi-21, fíorchomórtas craoibhe

Ach oiread leis an mbainisteoir club is mór iad na dúshláin atá roimh an bhfear bocht atá i bhfeighil ar an bhfoireann faoi-21

Bíonn cluichí iontacha againn gach bliain sa chomórtas faoi-21, fíorchomórtas craoibhe

Aaron Gillane ag ceiliúradh bua Luimnigh i gcluiche ceannais Faoi-21 na Mumhan anuraidh. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Bhuel tá mí an Aibreáin, ’Mí na gClubanna’, más ea, thart agus déarfainn go mbeidh sé ar bharr liosta na n-ábhar cainte nuair a bheidh léirmheas á dhéanamh ar an fhéilire nua ag deireadh na bliana. Tá sé ráite nár imir suas le leath de na contaetha sa tír aon bhabhta craoibhe peile san Aibreán. Bhí an scéal níos fearr san iomáint. As na foirne atá i gcomórtas Liam Mhic Cárthaigh is é Contae an Chláir an t-aon chontae nár imir babhta craoibhe fós.

Gan dabht, níl sé sásúil nach bhfuil riail amháin ann do na contaetha go léir. Tá rud amháin soiléir, áfach, agus sin go bhfuil an-chumhacht ag an mbainisteoir sinsir contae.

Tá an-difríocht idir na rialacha nó na coinníollacha atá ann do na bainisteoirí club agus contae. Tá ar an mbainisteoir club, i gcoitinne, fanacht ciúin agus na cluichí craoibhe a imirt nuair a thugann an bainisteoir contae a bheannacht dóibh. Ar an taobh eile de, tá an bainisteoir sinsir contae ábalta pleananna faoi leith a chur i dtoll a chéile don séasúr ar fad. Tá máistirliosta na gcluichí aige agus go ginearálta bíonn cead a chinn aige a phleananna féin a dhéanamh. 

Faraor, ní féidir an rud céanna a rá faoi bhainisteoir na bhfoirne faoi-21. Is mór iad na dúshláin atá ag an bhfear bocht seo. Déanann seisean a chúram nuair a thugann na bainisteoirí club agus contae cead do na himreoirí freastal ar thraenáil. Ta sé thar a bheith deacair air a phainéal a thabhairt le chéile ar an bpáirc traenála, go háirithe nuair a bhíonn na himreoirí is fearr atá aige ar phainéal sinsir an contae chomh maith.

Ach bliain i ndiaidh bliana bíonn cluichí iontacha againn sa chomórtas faoi-21. Dar ndóigh is fíorchomórtas craoibhe é agus ní bhíonn aon dara seans ag an bhfoireann a chailleann. Le cúpla bliain anuas bhí foirne iontacha ag na seaimpíní. Bhí Luimneach thar barr anuraidh agus in 2015. Bhí Port Láirge dochreidte in 2016 mar a bhí  Contae an Chláir, dar ndóigh, nuair a bhuaigh siad trí chraobh i ndiaidh a chéile idir 2012-2014. In 2010 bhí Tiobraid Árann ar fheabhas agus Pádraig, Brendan agus Bonner Maher acu mar aon le Noel McGrath i lár an aonaigh arís i ndiaidh dóibh a bheith lárnach ar an bhfoireann shinsir a thug leo corn Mhic Cárthaigh sé lá roimhe sin.

Cuirfear tús le cúrsaí arís an deireadh seachtaine seo agus na seaimpíní, Luimneach ag dul chun páirce Dé Luain i gcoinne a gcomharsana i gContae an Chláir sa bhabhta ceathrú ceannais a bheidh ar siúl i bPáirc Uí Chíosóg in Inis.

Tá 15 imreoir ó phainéal buacach 2017 acu ach tá an tosaí iontach Peter Casey gortaithe faoi láthair. Bhí Casey ar an dá fhoireann as Luimneach a bhuaigh an comórtas seo, mar a bhí an cúl báire Eoghan McNamara, fear eile nach mbeidh ar fáil Dé Luain agus é ag taisteal faoi láthair. 

Níl ach beirt imreoirí a bhfuil taithí leis na sinsir acu ar an bpainéal agus tá formhór den dream a bhí ann anuraidh thar aois i mbliana. Chaill cuid den ghrúpa seo dhá chluiche i gcraobh mhionúir na Mumhan in 2015 agus chaill siad ansin i mbabhtaí ceathrú ceannais na Éireann i gcoinne na Gaillimhe, a bhuaigh an comórtas an mhí dár gcionn.

Is cosúil go bhfuil an ré órga faoi-21 críochnaithe i gContae an Chláir agus an chuid is mó de na himreoirí ón ré sin anois le foireann na sinsear. Chaill mionúir an chontae cluiche ceannais na hÉireann in 2010 ach ó shin i leith tá sé ag dul deacair orthu foireann láidir a chur chun páirce.

Ach seo cluiche idir na comharsana agus bíonn beocht, spleodar agus faobhar breise ag baint le cluichí dá leithéid i gcónaí.

Fág freagra ar 'Bíonn cluichí iontacha againn gach bliain sa chomórtas faoi-21, fíorchomórtas craoibhe'