B’iomaí sin cluiche fíochmhar a fearadh i nGarraí an Football…

Ar feadh blianta chreid mé go daingean murach ‘siobáil’ go mbeinn i mo pheileadóir i bhfad níos cruthanta

B’iomaí sin cluiche fíochmhar a fearadh i nGarraí an Football…

Focal nach mbeadh as áit sa gcúinne den tseirbhís seo atá leagtha amach do nathanna deasa cainte – cuid mhaith acu nach gcloistear an-mhinic sa lá atá inniu ann de bharr meath agus caolú na teangan.

Aisteach go leor ní móide gurb é maolú na Gaeilge as féin is cúis lena raibh i ndán don fhocal atá i gceist agamsa. Na hathruithe as cuimse atá tagtha ar an saol mór féin a d’fhógair bás na siobála. I gceist leo siúd bhíodh na cúraim bheaga a bhíodh le déanamh sa teach agus ar na feirmeacha beaga.

Chuir an nua-aoisiú deireadh lena mbunáite.

Sa gceantar inar tógadh mise, ní raibh aon bheithíoch le seoladh abhaile níos mó, rud a d’fhág nach raibh bearnaí le leagan ná le tógáil. Ní raibh siad ann le bleán agus bhí na buidéil ina raibh bainne an tsiopa sciúrtha cheana féin. Chuir an ola an ruaig ar an móin, ní raibh greim le caitheamh ag an asal bocht féin mar nach raibh a leithéid ann. Fágadh na toibreacha faoi na froganna.

Ní hé go raibh an oiread sin siobála le déanamh sa teach inar tógadh mise mar nach raibh aon talamh againn. Fós bhíodh uisce le tarraingt, corrfhata le baint agus boscaí móna le tabhairt isteach as an tseid.

Liosta gairid go leor ach fós dóthain acu ann a choinnigh buachaillí óga an tí ón gcineál oibre ab ansa leo – ag ciceáil liathróide.

‘Garraí an Football’ a bhí ar an áit a mbailíodh muid in íochtar an bhaile lenár gcumas a léiriú agus lenár scileanna a neartú. Ní raibh áit ar domhan ba lú a thuill a ainm.

Bhí sé dona go leor nach raibh sé mórán le 50m ar a fhaid agus go raibh moghlaeir mhóra chloiche anseo agus ansiúd ann, ach bhí draein ag rith trasna trína lár ó thaobh go taobh. Aisteach go leor níl aon chuimhne agam a bhaineann le haon nduine a bheith gortaithe ann. Má fágadh fuil sróine ar aon duine seans go mba dhuine daonna eile ba chúis leis.

Ós rud é gurbh fhurasta mo chuid cúraimí baile-sa a dhéanamh, ba mé ba thúisce i gcónaí a bhaineadh an garraí amach. Is leor cúíg nóiméad dá chomhluadar féin d’ógánach ar bith agus nuair a bhíodh sin caite bhí sé in am a dhul ag bailiú meithle.

“Caithfidh tú ceathrú huaire eile a thabhairt dóibh. Níl an tsiobáil críochnaithe fós. Tá na beithígh le bleán ag Jimmy, gabháil le caitheamh acu ag Mattie agus tá Pádraic imithe ag an tobar,” a deireadh mo chomharsa Nan Phaddy liom agus mé i mbun earcaíochta.

Nuair a chuimhním anois air, b’fhoighdeach an bhean í nár dhíbir ar fad mé – gan sa mbaile aici ach a clann mhac formhór na bliana mar go mbíodh a fear céile ar an mBeet i Sasana.

Is iondúil go mba é an freagra céanna a bhí le fáil i chuile theach. Ní bhíodh ann ach filleadh ar an gceannáras agus a dhul ag déanamh aeir nó go mbailíodh an chomplacht.

Ar feadh blianta ina dhiaidh chreid mé go daingean murach ‘siobáil’ go mbeinn i mo pheileadóir i bhfad níos cruthanta. Tharlódh go mbeadh freisin dá mba ag cleachtadh na scileanna a chaith mé an t-achar a mbíodh orm fanacht le comhluadar. Ar ndóigh bhíodh sé i bhfad níos taitneamhaí a bheith ag cuimhneamh ar a bheith ag tabhairt na liathróide anuas as ard na spéire i bPáirc an Chrócaigh ná a bheith ag coraíocht le moghlaeir agus leis an draein.

As nó ann dóibh siúd, b’iomaí sin cluiche fíochmhar a fearadh i nGarraí an Football, ba san El Clásico a d’fheictí an iomaíocht ba ghéire – an chuid thoir den bhaile agus an chuid thiar in aghaidh a chéile. Bí cinnte gur maith luath a bhíodh an tsiobáil déanta na tráthnóntaí sin.

Ag breathnú dom sa bhfoclóir feicim go n-úsáidtear na focail ‘fútráil’, ‘cipiléireacht’, agus ‘gíotáil’ in áiteacha eile ar an gcineál oibre atá i gceist agam. Bíodh do rogha agat. Focail dheasa iad araon, ach fanfaidh mise leis an tsiobáil.

Fad agus nach dtagann sí salach ar an imirt peile!

Fág freagra ar 'B’iomaí sin cluiche fíochmhar a fearadh i nGarraí an Football…'

  • jpmorley0@gmail.com

    Tá ‘patanáil’ ann chomh maith;
    ‘ag patanáil timpeall an tí’.
    Tá súil agam nach aon ‘sraimleáil’ a bhí ar siúl agat, ach go raibh tú críochnúil, cnuaisciúnta i mbun do ghnó…
    rud is a bhí, mo mhórthuairim.