‘Bíodh meas againn ar an nGaeilge’ – ceannasaí nua Eaglais na bPreispitéireach in Éirinn

Dúirt modhnóir nuacheaptha na hEaglaise, an tUrramach Noble McNelly, gur cheart smaoineamh ar an mbaint mhór a bhí ag Preispitéirigh le slánú na Gaeilge

‘Bíodh meas againn ar an nGaeilge’ – ceannasaí nua Eaglais na bPreispitéireach in Éirinn

Tá ráite ag ceannasaí nua Eaglais na bPreispitéireach in Éirinn gur údar imní dó go bhfuil “mí-úsáid” á baint as an nGaeilge ar mhaithe leis an bpolaitíocht agus gur trua leis nach léirítear “meas mar ba chóir” ar an teanga.

“Is é an trua é, sílim go bhfuil leas bainte ag daoine áirithe as an teanga chun aidhmeanna polaitiúla a chur chun cinn. B’fhearr liomsa mura mbeadh an scéal amhlaidh agus go gcuirfí fáilte roimh an teanga agus go léireofaí meas uirthi mar theanga.”

Mheabhraigh modhnóir nuacheaptha na hEaglaise, an tUrramach Noble McNelly do dhaoine chomh maith go raibh baint mhór ag Preispitéirigh le slánú na Gaeilge nuair a bhí sí i mbaol san 18ú haois déag.

“Go stairiúil, bhí baint thábhachtach ag Preispitéirigh leis an nGaeilge agus is minic ráite gur chabhraigh Preispitéirigh leis an teanga a thabhairt slán. Is dóigh liom go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh meas ceart uirthi agus go dtabharfaí urraim di.”

Is as an gCrois Ghearr i gContae an Dúin ó dhúchas don Urramach McNeely. Is é an 178ú modhnóir ar Eaglais na bPreispitéireach in Éirinn.

Tá ceist na teanga go mór i mbéal an phobail faoi láthair agus aighneas toghcháin ann go háirithe faoi Acht Gaeilge agus faoi dhearcadh an DUP i leith na teanga.

Dúirt ceannaire an DUP Arlene Foste Dé Luain nach dtacóidh sí le hAcht Gaeilge a thabhairt isteach mar choinníoll le hathbhunú fheidhmeannas Stormont i ndiaidh an toghcháin.

I ráiteas uaithi a chuir leis an aighneas ba chúis le titim Stormont, dúirt Arlene Foster nach ionann a cur chuige féin agus géilleadh do Shinn Féin ar mhaithe leis an bpáirtí sin a chur ar a shuaimhneas.

Ag tagairt di do cheist an Achta Teanga, dúirt an t-iarChéad-Aire, “Má thugann tú bia do chrogaill, fillfidh siad arís agus arís eile ag iarraidh a thuilleadh”.

Tá ceist na Gaeilge i lár an aonaigh ó d’fhógair an tAire Pobal Paul Givan nach mbeadh na sparánachtaí Gaeltachta ‘Líofa’ ar fáil in 2017. Luaigh an t-iarLeas-Chéad Aire Martin McGuinness “biogóideacht” an DUP i leith na Gaeilge ina litir éirí as an mhí seo caite agus tá agóidí agus feachtais teanga ar bun ó thuaidh agus ar fud na tíre ó shin.

Idir an dá linn, bhí Conradh na Gaeilge os comhair na hArd-Chúirte i mBéal Feirste inné agus cás in aghaidh an Fheidhmeannais ó thuaidh á ghlacadh acu.

Maíonn an eagraíocht teanga nach bhfuil a dhualgais i leith na Gaeilge á gcomhlíonadh ag an bhFeidhmeannas.

Fág freagra ar '‘Bíodh meas againn ar an nGaeilge’ – ceannasaí nua Eaglais na bPreispitéireach in Éirinn'

  • Mánus

    Is cóir cuimhniú urthu na Preisbitéirigh. Ó bhunú Seimineár Mháigh Nuadhait an plean a aontaíodh idir an Vatacáin agus Londain ná go mbeadh an Béarla in uachtar in Éirinn