‘Bíodh leabhar Gaeilge ar liosta na hÉireann do World Book Day feasta’

Cé gur cuireadh dhá leabhar Breatnaise ar fáil do dhaltaí na Breataine Bige do World Book Day, níor cuireadh leabhar Gaeilge ar bith ar fáil do dhaltaí na hÉireann

‘Bíodh leabhar Gaeilge ar liosta na hÉireann do World Book Day feasta’

Tá “deis caillte” ag World Book Day “beart fíordhearfach” a dhéanamh ar son litríocht na Gaeilge. Sin a bhí le rá ag an té atá i bhfeighil an fheachtais ‘Love Leabhar Gaeilge’ faoin scéala nach raibh oiread agus leabhar Gaeilge amháin ar liosta leabhar Lá Leabhair an Domhain nó  ‘World Book Day’, féile bhliantúil a reáchtáiltear chun an léitheoireacht a spreagadh i measc na n-óg.

Bhí ‘World Book Day’, a bhíonn á reáchtáil in Éirinn agus sa Bhreatain ar an 5 Márta, agus é ar an  “ócáid is mó a spreagann léitheoireacht ar mhaithe le pléisiúr in Éirinn”, de réir shuíomh idirlín na hócáide féin.

Mar chuid de ‘World Book Day’, bronntar dearbhán ar gach dalta scoile sa tír chun leabhar a fháil ón liosta.

An Roinn Oideachais a bhíonn ag dáileadh na ndearbhán ar scoileanna na tíre.

Is féidir le daltaí leabhar amháin ón liosta  a fháil saor in aisce nó an dearbhán a úsáid le lascaine €1.50 a fháil ar aon leabhar eile.

Tá na leabhair chéanna ar liosta na hÉireann agus na Breataine, seachas leabhar breise Béarla atá ar liosta na hÉireann amháin agus dhá leabhar sa Bhreatnais atá ar liosta na Breataine Bige amháin.

Leabhar Béarla eile, Where Are You Puffling? le Erika McGann agus maisithe ag Gerry Daly (The O’Brien Press), atá sa leabhar breise atá á thairiscint ag World Book Day do dhaltaí na hÉireann.

Dúirt Breandán Ó hEaghra, stiúrthóir MeasMedia, atá i mbun an fheachtais ‘Love Leabhar Gaeilge’, go raibh “deis caillte” ag World Book Day “beart fíordhearfach” a dhéanamh ar son litríocht na Gaeilge.

“Beart fíordhearfach a bheadh ann do litríocht na Gaeilge dá bhféadfaí sampla na Breataine Bige a leanúint agus leabhair Ghaeilge a chur ar liosta World Book Day.

Dúirt Ó hEaghra go raibh neart leabhar Gaeilge nua ar ard-chaighdeán á bhfoilsiú agus go raibh súil aige go gcuirfí leabhair Ghaeilge ar liosta World Book Day an bhliain seo chugainn.

Dúirt Ó hEaghra freisin go mbeadh Love Leabhar Gaeilge agus foilsitheoirí na Gaeilge lánsásta cuidiú leis an eagraíocht World Book Day “ar gach bealach” le cinntiú go mbeadh leabhair Ghaeilge ar an liosta amach anseo.

Thug tuismitheoir atá ag tógáil a gcuid páistí le Gaeilge le fios do Tuairisc.ie go ndearna sí gearán leis an eagraíocht ‘World Book Day’ faoin easpa leabhar Gaeilge.

Mar fhreagra ar ghearán a rinne sí anuraidh, dúirt urlabhraí ón eagraíocht ‘World Book Day’ go raibh iarrachtaí ar bun acu leabhar Gaeilge a chur ar liosta leabhar na hÉireann in 2o20.Dúradh áfach go raibh ‘go leor’ i gceist le teideal nua a chur ar liosta World Book Day agus go raibh go leor d’obair na heagraíochta in Éirinn á dhéanamh go deonach.

I ráiteas a chuir urlabhraí ó World Book Day ar fáil do Tuairisc.ie, dúradh go dtuigeann World Book Day an tábhacht a bhaineann le “réimse ilchineálach leabhar” a chur ar fáil in Éirinn agus sa Bhreatain ar luach an dearbháin.

“Tá muid ag obair i gcomhar le foilsitheoirí agus dreamanna eile lena chinntiú go mbeidh leabhar Gaeilge ar a liosta in 2021,” a dúirt urlabhraí World Book Day le Tuairisc.ie.

Tá ráiteas iarrtha ag Tuairisc.ie ar an Roinn Oideachais mar gheall ar an scéal seo.

Fág freagra ar '‘Bíodh leabhar Gaeilge ar liosta na hÉireann do World Book Day feasta’'

  • Gabriel Rosenstock

    Dá mbeadh tuairisc.ie lándáiríre faoi chúrsaí leabhar agus foilsitheoireachta bheadh léirmheasanna ar leabhair agaibh uair sa tseachtain ar a laghad. Tá na leabhair ann . . . tá na léirmheastóirí ann .
    Cuireadh imeachtaí spóirt ar ceal ach níor chuala mé gur cuireadh an léitheoireacht ar ceal, mar sin ar aghaidh libh!

  • Con Ó Murchú

    Roinn Oideachas i dtaisce! Iontas go n-iontas.