Bíodh an fheamainn againn! Tá sí go maith dúinn!

De réir taighde nua, bhí an fheamainn agus fásra farraige ar cheann de na hábhair a chuidigh go mór le forbairt inchinn an chine daonna ón tráth ar fhág an chéad duine saol an ápa na cianta ó shin

Bíodh an fheamainn againn! Tá sí go maith dúinn!

D’fhéadfadh eolas atá tagtha chun cinn faoi na buntáistí sláinte a bhaineann le cineálacha éagsúla feamainne agus fásra cladaigh borradh a chur faoin tionscal atá bunaithe ar na hamhábhair sin.  Cuireadh taighde atá déanta ag eolaithe aitheanta – M. Lynn Cornish, Alan T. Critchley agus Oleg G. Mouritsen – faoi bhráid comhdháil i gCóbanhávan agus foilsíodh é i bhfoinsí údarásacha, leithéidí an Journal of Applied Psychology agus an láithreán Science Daily le tamall anuas.  As Ceanada é Michael Cornish, as an Danmhairg é 0leg G Mouritsen agus tá Alan T. Critchley ag obair i dtionscal Acadian Sea Plants i gCeanada.  Is iad Acadian Sea Plants úinéirí an chomhlachta Arramara Teo i gConamara.

Creideann na heolaithe go raibh an fheamainn agus fásra farraige ar cheann de na hábhair a chuidigh go mór  – a bhí cinniúnach b’fhéidir – i bhforbairt inchinn an chine daonna ón tráth ar fhág an chéad duine saol an ápa na cianta ó shin.

Téann na heolaithe i bhfad siar sa stair agus sa saol.  Míníonn siad gur scar an chéad chineál den chine daonna ón ainmhí is gaolmhaire leis – an simpseansaí – idir cúig mhilliún agus seacht milliún bliain ó shin.  Rinne an cineál nua seo den chine daonna a bhealach chomh maith agus a d’fhéad sé i réigiúin na hAfraice nó gur tháinig athrú aeráide agus nach raibh mórán uisce fanta.  Ba ansin a bhuail sé leis sa tóir ar uisce agus ar bheatha.  Ceapann na saineolaithe gur dóigh gurbh í an fheamainn agus fásra an chladaigh ba mhó a d’ith ár sinsir na milliúin bliain ó shin. Is ar éigean, ceaptar, a bheidís sách sciliúil ar an saol san am sin le go mbeadh tuiscint acu ar nádúr na farraige agus ar an iascaireacht.  Dá réir sin, i bhfásra an chladaigh a b’fhearr a bhí an soláthar beatha le fáil.

Thug fásra an chladaigh cothú do cholainn agus d’inchinn shinsir chine daonna an lae inniu na cianta ó shin.  Cuid den adhmad atá le baint as seo, a deirtear, ná go raibh an fheamainn ina cuid bhunúsach d’fhorbairt inchinn an chine daonna.

Tugann na saineolaithe cuntas ar bhia cladaigh agus mara a chuidíonn le forbairt na  hinchinne: Taurine, Sinc  (an-tábhachtach don chuimhne), Vitimínn B12 agus aigéid a bhfuil geir fholláin iontu. 

Tá siad seo le fáil go fairsing i gcineálacha feamainne agus fásra cladaigh agus i gcineálacha éagsúla sliogéisc, a deirtear. 

Ar an tairbhe a deirtear a bhaineann leo, tá go dtugann siad cosaint áirithe in aghaidh cliseadh cuimhne, an galar Alzheimer, ísle brí, agus galair eile a bhaineann le lagan ar an gcóras néarógach.

Tá comhlachtaí feamainne ag cur suim mhór sa taighde agus san eolas seo agus féachfaidh siad le leas a bhaint as ina gcuid margaíochta amach anseo.  Tionscal tábhachtach Gaeltachta í an fheamainn agus tá ceanncheathrú an comhlachta feamainne is mó in Éirinn, Arramara Teo, lonnaithe i  gCill Chiaráin i gConamara.   Tá sé sa bplean ag na húinéirí, Acadian Sea Plants, a raibh baint indíreach acu leis an staidéar nua seo, béim a chur ar tháirgí sláinte. 

Gealladh go mbeadh roinnt milliúin á chaitheamh ar an ngné sin den fhorbairt i gCill Chiaráin agus saineolaithe gafa leis.  Ach ceaptar  go bhfanfaidh dream Cheanada go bhfeicfear cén socrú a bheidh ann faoi cheadúnais agus faoi chearta feamainne ar chladaí an iarthair sula ndéanfaidh siad mórán eile infheistíochta sa tionscal in Éirinn. 

Fág freagra ar 'Bíodh an fheamainn againn! Tá sí go maith dúinn!'

  • Mánus

    Is mór an trua gur dhíol Údarás na Galtachta an comhlucht Arramara le hollchomhlacht nach bhfuil dílseacht ar bith acu don tír seo. Is scannal náisiúnta an caoi a bhfuil ceadúnais bainte feamainne á roinnt le comhlachtaí idirnáisiúnta. Foraoiseacha ceilpe na hÉireann curtha ar fáil do chreachadóirí coporáideacha ag an Stáitín lofa NuaLiobarálach seo. Beidh cás na feamainne ina Shell to Sea (babhta 2) amach anseo. Níl suim ag iriseoirí BÁC sa scannal náisiúnta seo fós. Thosaigh Gandhi le salann a bhaint ón sáile (gan cáin a íoc air) chun cur in aghaidh na Impireachta. D’fhéadfadh an fheamainn a bheith ina shiombal fós ar Chósta an Atlantaigh Fhiáin.