Binse fiosrúcháin le bunú chun déileáil le héilimh chúitimh CervicalCheck

Ceaptar go mbeidh sé amach i ndeireadh na bliana 2019 nuair a bheidh an binse bunaithe

Binse fiosrúcháin le bunú chun déileáil le héilimh chúitimh CervicalCheck

An tAire Sláinte Simon Harris

Tá sé socraithe ag an Rialtas binse fiosrúcháin a bhunú faoi Chathaoirleacht an Bhreithimh Mary Irvine chun déileáil leis na héilimh ar chúiteamh a bhaineann leis an gconspóid faoi CervicalCheck.

Ní mór reachtaíocht a ullmhú chun an binse a bhunú agus ceaptar go mbeidh sé amach i ndeireadh na bliana 2019 nuair a bheidh an binse bunaithe.

Táthar ag súil go n-éireoidh leis an mbinse fiosrúcháin déileáil le ceist an chúitimh ar bhealach nach mbeidh an oiread sáraíocht ag baint leis agus a bhaineann le cás cúirte agus go mbeidh na héisteachtaí ar siúl go príobháideach. 

Dúirt urlabhraí de chuid an Aire Sláinte Simon Harris go mbeifí ábalta déileáil leis na cásanna ar fad níos gasta nuair a bheadh an binse bunaithe agus gur próiseas deonach a bheadh i gceist do gach páirtí sa chás.

Bunófar scéim chomh maith chun íocaíochtaí ex gratia a íoc leis na mná a bhí thíos leis an gconspóid a bhain leis na tástálacha ailse.

Fógraíodh bunú an bhinse fiosrúcháin tráth a bhfuil cás á thabhairt san Ard-Chúirt ag mná atá ag iarraidh sleamhnáin a dtástálacha smearaidh a fháil ó na saotharlanna.

Tá ar a laghad 18 bean a bhí thíos leis an gconspóid CervicalCheck fós ag fanacht ar na sleamhnáin ó na saotharlanna. Thug an HSE le fios cheana gur 22 lá an meántréimhse fanachta ar a leithéid ach tá mná áirithe ag fanacht suas le hocht mí ar na sleamhnáin a fháil.

Dúirt an Teachta Dála comhcheannaire na nDaonlathach Sóisialta Catherine Murphy go ngoilleann an mhoill seo go mór ar na mná agus go bhfuil fearg mhór ar go leor daoine.

Fág freagra ar 'Binse fiosrúcháin le bunú chun déileáil le héilimh chúitimh CervicalCheck'