Bímis mórtasach as ár dteanga seachas a bheith ag sodar i ndiaidh na Gaeilge a chodail amuigh

Ní hé múineadh na teanga d’fhoghlaimeoirí bun agus barr an tsaoil Ghaelaigh

Bímis mórtasach as ár dteanga seachas a bheith ag sodar i ndiaidh na Gaeilge a chodail amuigh

Thóg sé tamall orm an baoite a shlogadh, ach tá sé scaoilte siar agam agus an duán ina theannta.

‘Sea, tá sé tar éis mé a ribeadh, agus níl aon dul as agam.

Alt a bhí ar an suíomh Meon Eile, agus scata tvúiteanna faoi ar an meaisín giolcaireachta, a chuir ag alpadh mé.

Dar le húdar an ailt, Concubhar Ó Liatháin, ba cheart domsa agus leithéidí mo chomhghleacaithe Máire Ní Fhinneadha agus Breandán M Mac Gearailt maolú ar mhaidí na teanga, ár gcnuasach focal a chrústach an doras amach agus ár gcuid Gaelainne nó Gaeilge a ‘dhíshaibhriú’. Tá ár gcuid scríbhneoireachta róchasta agus ródheacair, de réir dealraimh. Tá sí róshaibhir agus dothuigthe is baolach.

Anois, d’fhéadfainn neamhaird a dhéanamh den chaint sin ó dhuine ar léir óna chuid cabaireachta ar líne agus áiteanna eile gur beag a mheas ná a thuiscint ar an obair a bhíonn ar bun ar an suíomh seo.

Ach fág san ar leataobh agus féachfam ar an bpointe atá aige á dhéanamh faoi “chomh deacair agus is féidir leis an nGaeilge a bheith le léamh” le fáil amach an bhfuil ciall nó réasún leis mar argóint.

“Tá roinnt léite agam ar Tuairisc.ie le déanaí,” a deir an Múscraíoch ar Meon Eile, “agus gan a bheith ródhian mothaím go raibh siad deacair le léamh cé go raibh spéis agam san ábhar”. Deir sé san alt céanna gur “féidir leis an teanga a bheith róshaibhir is ródheacair le tuiscint”.

Agus a alt á phlé aige ar Twitter, dúirt sé go mbíonn air foclóir a bheith aige agus é ag léamh Tuairisc.ie.

Bhí alt faoi chúrsaí aimsire le Máire Ní Fhinneadha ar cheann de na píosaí a bhí “deacair” le léamh, dar leis. Déarfadh duine eile gur eiseamláir a bhí san alt céanna den Ghaeilge cheart dhúchasach sholéite atá breá inniúil ar an nuathéarmaíocht nuair a oireann. 

Dúirt sé ansin gur scríbhneoirí “breátha” sinn triúr “ach d’oirfeadh sé da díshaibhreoidís a gcolúin ábhairín”.

Cé dó a d’oirfeadh sé? Cé dó atá ár gcuid scríbhneoireachta róshaibhir nó ródheacair?

Bímis mórtasach as ár dteanga seachas a bheith ag sodar i ndiaidh na Gaeilge a chodail amuigh.

Bíonn gach aon lá ina lá scoile. Bím féin d’iarraidh focal nó nathanna nua a fhoghlaim gach aon lá. Tá scata daoine tar éis a rá liom go mbíonn foclóir acu agus an suíomh seo á léamh acu, mar gur an-dheis foghlama é. Ná cuireadh focal nó téarma anaithnid as duit. Ní haon ualach an fhoghlaim, go háirithe agus oiread sin áiseanna foclóireachta agus teanga ar do dheis agat. 

Ní ag maíomh asam féin atáim. Tá a fhios agamsa go rímhaith nach bhfuil an deichiú cuid de stór focal glúin m’athair agamsa, agus gur saibhre i bhfad caint na seanmhuintire ná allagar a gclainne. Ach mura n-úsáidimidne an stór focal atá againn, agus sinn ag scríobh ar phríomhshuíomh nuachta na Gaelainne, agus mura scríobhtar Gaeilge cheart chruinn nádúrtha ar Tuairisc.ie cá bhfaighir í? Bheadh sé chomh maith againn ár gcaipín a chaitheamh leis mar chúram agus paca a chasadh air.

Más Gaeilge níos ‘simplí’ atá ó dhuine, tá tarrac ar leabhair bhreátha dhea-scríofa ag Futa Fata.

Ní ag freastal ar fhoghlaimeoirí a bhíonn gach gné de shaol seo na Gaelainne, nó ní cheart gur mar sin a bheadh i bpobal ilghnéitheach. Cuireann sé i gcuimhne dom an méid a d’imigh ar bhean a chuaigh isteach in oifig turasóireachta an Daingin lá, agus d’fhiafraigh de lucht na hoifige cá bhfaigheadh sí blaiseadh de theanga agus de chultúr beo na mbundúchasach. Síneadh bileog eolais do ranganna Gaelainne chuici, amhail is gurb é múineadh na teanga d’fhoghlaimeoirí bun agus barr, tús agus deireadh an tsaoil Ghaelaigh.

Má úsáidim focal ar nós ‘alfraits’, focal a chuir as d’fhear Mhúscraí, b’fhéidir go gcuimhneodh léitheoirí i gCorca Dhuibhne nó in Uíbh Ráthach nó i Múscraí féin go raibh an focal sin níos coitianta ina gceantar tamall agus go n-úsáidfidís féin aríst é. Bímse ag scríobh na teangan fé mar a chloisim im’ thimpeall í, i dTigh Khrúgair, ar an mBuailtín nó i nGallaras.

Nach bhfuil ‘nótálta’ chomh cruinn le ‘an-mhaith’ agus alfraits chomh maith le hamadán?

Tá an scríbhneoir atá d’uireasa shaibhreas a theanga ar chuma an té a bheadh ag d’iarraidh cluiche snúcair a imirt le téadán.

Bheadh sé chomh maith aige iompú ar an Sacs-Bhéarla agus a chuid peannaireachta a dhéanamh sa teanga sin.

B’fhéidir go dtuigfeadh gach éinne ansin é.

Fág freagra ar 'Bímis mórtasach as ár dteanga seachas a bheith ag sodar i ndiaidh na Gaeilge a chodail amuigh'

  • Éibhear

    Aontaím go huile agus go hiomlán leat. Ní thuigim gach focal sa Bhéarla agus bíonn orm foclóir Bhéarla a bheith le m’ais. Lá foghlama is ea dea-lá.

    Bail ó Dhia ar chainteoirí dúchasacha agus ar shaibhreas na Gaeilge.

  • Róisín Ni Dhúshláine

    Fan innti a Dhaithí. An ceart ar fad agat anseo. Maith sibh!

  • Seán Míchaél Ó Donnchadha

    Hi Daithi,

    An ceart ar fad agat. Is foghlaimeoir mise a fhoghlaim an-chuid Gaolainne ó bheith ag léamh Tuairisc.Nil aon suim agam i “bpigeon Irish” na bhfoghlaimeoirí.Is daoine uaillmhianacha freisean na bhfoghlaimeoirí a bhfuil suim acu sa teanga ársa a bhí ag fiú Peig Sayers agus muintir Corcha Duibhne. Tá an iomarca béim ar an “dumming down” mar atharla leis na scruduithe stáit.Oireann sé seo leis na bpolaiteoirí mar gur féidir leo a rá nach bhfuil an cúpla focal ag sinn go léir.

  • Mairéad

    Léiríonn an téarma eilíteach diùltach sotalach seanfhaiseanta “Gaeilge a chodail amuigh” drochmheas ar an ghlún óg de dhéagóirí Gaeltachta nár labhair a dtuistí, a gcomhaoisigh ná go leor dá múinteoirí riaimh leo i nGaeilge. Tá an síorthagairt don “Gaeilge a chodail amuigh” ag cur lagmhisneach ar thuismitheoirí atá ag iarraidh an óige sa nGaeltacht a spreagadh leis an “Gaeilge nua” neamhtradisiúnta a labhairt mar gurb shin atá acu. An rud is fearr ná ní thuigeann daoine óga Gaeltachta an sean-nath diúltach sotalach sean-fhaiseanta tarcaisneach “Gaeilge a chidail amuigh”.

  • Seán Mac Gearailt

    Tá an ceart go huile is go hiomlán ag Daithí; cé go dtuigim do Chonchubhar. Measaim go scríobhann daoine áirithe Gaeilge atá doiléir doléite. Ní cainteoirí dúchais iad siúd don chuid is mó .Daoine iad a d’fhoghlaim an Ghaeilge agus atá anois ag iarraidh a gcumas sa teanga a léiriú. Tá luí agam féin le Gaeilge na Mumhan agus bainim an-taitneamh as altanna Dhaithí, Mháire agus Dhara. Táimid ag brath ar a leithéidí caighdeán na Gaeilge a choimeád ard agus gan ligean di dul i ndísc.. Bíonn an foclóir le mo thaobh. Fiú ansin ní i gcónaí (ná baol air) a thuigim gach a bhfuil scríofa. Is fiú an tairbhe an trioblóid. Gura fada buan iad ag scríobh Gaeilge bhinn bhlasta ár sinsir.

  • Concubhar Ó Liatháin

    Is sampla alt Dháithí den sotal a chuireann go leor daoine ar fán ón nGaeilge.
    An fáth gur thógas ceist faoi ‘alfraitsí’ go raibh mé tar éis a bhrí a lorg le haip foclóra Tuairisc agus sa chéad áit dúradh liom gurb é an leagan iolra de ‘alfraits’ agus moladh dom sin a bhrú chun an brí an bhunfhocail a aimsiú. Nuair a bhrúigh mé ar sin fuaireas toradh Earráid 404. Nuair a thógas an cheist ar Twitter dúirt giolcaire Tuairisc liom an cnáipe a bhrú ‘mar a comhairlíodh dom’. Ní gur dhein Kevin Scannell idirghabháil sa scéal gur thit an phingin go raibh fabhra theicniúil i gceist.
    Is maith liom bheith ag léamh ailt Dháithí agus an bheirt eile ach má mhothaím go mbíonn siad téann le focail is náthanna ar nós ‘alfraits’ agus ‘prislíneacht’ is ‘Gaeilge a chodail amuigh’ is léiriú é gur féidir go bhfuil scríbhneoirí ag cur saibhreas teanga chun tosaigh ar chumarsáid is intuigtheacht.
    Is mó uair ráite é ar an suíomh seo agus in áiteanna eile go bhfuil an Ghaeilge ar tí an bháis mar theanga phobail sna Gaeltachtaí agus gur tubaiste a bheadh ansin. Má chreideann tú sin tá sé riachtanach a aithint go bhfuil orainn cúram ar leith a dhéanamh d’fhoghlaimeoirí. Ní chiallaíonn sin an saibhreas teanga atá ag Dáithí is a chomh scríbhneoirí a chur ar neamhní ach d’oirfeadh sé dár liom iarracht a dhéanamh bheith níos tuisceanaí ar an lucht léitheoireachta ná mar atá le braistint faoi láthair. Dála an scéil b’fhiú m’alt ar Mheon Eile a léamh ina hiomláine mar go bhfuil tagairtí ann freisin do nósmhaireacht na n-údarás úsáid a bhaint as Google Translate le leaganacha raiméisis de shuíomhanna, cháipéisí is chomharthaí a chur ós comhair an phobail amhail is gur Gaeilge iad. Tá siad do thuigthe agus léiríonn siad sotal na ndaoine a bhíonn ag cinneadh ar chaiteachas is leas an phobail.

  • Feardorcha

    Ár ré dhearóil.

  • Éilís

    Tagaim le hÉibhear le Róisín agus an dá Sheán thuas agus dar ndóigh leat féin a Dháithí, treise leat. Is mór liom léirmheasanna Bhreandáin agus pléisiúr amach is amach iad altanna Mháire.

    Scéal thairis – ag aistriú cáipéisí oifigiúla tráth dúradh liom nach féidir fiú ar mhaithe le soiléireachta dul ró-fhada ón mbun rud fiú ‘Béarla a chodail amuigh’, nath nua a bhain gáire asam.

  • Seán Ó Floinn

    Cé go dtaitníonn formhór ailt Dhaithí liom, sílim uaireanta go mbíonn cuid dá ndeir sé beagáinín foclach agus é ag baint úsáide as téarmaí canúnacha nach mbíonn le feiceáil sa Ghaeilge caighdeánach. Is sampla maith é alfraits – sílim go mb’fhearr téarma cosúil le bithiúnach a úsáid, focal atá neamhchoitianta freisin ach atá níos intuighte. Ní dóigh liom gur dísaibhriú mór é bithiúnach a úsáíd sa chás seo, mar shampla. Ar ndóigh is iontach an rud é saibhreas foclóra, ach is féidir dul thar fóir leis uaireanta. Uaireanta cuireann an saibhreas leis an méid atá á rá ag an gcolúnaí ach uaireanta eile ní chuireann sé leis an alt ar chor ar bith ach cuireann sé frustrachas ar an léitheoir. Agus mé ag léamh roinnt alt ar Tuairisc.ie feictear dom nach bhfuil mórán á rá ag an údar taobh thiar den imeartas focal agus an fhoclaíocht agus bíonn an chuma ar an scéal go mbíonn téasaras taobh leis an údar agus é/ í i mbun pinn (ní ag tagairt do Dhaithí atáim don chuid is mó). Tá an fhadhb seo ann i dteangacha eile freisin ar ndóigh – síleann na colúnaithe is mó le rá gur gá dóibh focail mhóra a úsáid chun a ngrád agus stádas a chur in iúl: https://www.huffingtonpost.com/ben-cohen/david-brooks-and-big-word_b_136050.html. A cholúnaithe de chuid Tuairisc.ie, creid uaim é nach gá daoibh é seo a dhéanamh – tuigimid go bhfuil scoth na Gaeilge agaibh agus ní gá daoibh é seo a chur in iúl i ngach abairt!

  • Carraig

    Fág na síntí fada ar lár freisin le do thoil, cuireann siad…amu..me. Agus satail ar an Goddamn Tuiseal Ginideach agus tu ag siul trasna an bothar. Rás go grinneal agus an Liathánach i dtús cadhnaíochta!

  • John Woods

    Glúin óg cainteoirí faoi dhrochmheas? Má tá, ní hé ‘sotal’ an scríbhneora is ciontach, ach lagmhuinín an lucht tráchta.

    Cuir i gcás ‘an Ghaeilge a chodail amuigh’. Tá sé ráite anseo nach bhfuil cainteoirí óga cleachtach ar an leagan sin, agus thiocfainn libh gur dócha nach bhfuil sé cloiste ag a bhformhór.

    Ach tá intinn an duine inniúil ar leaganacha úra a thuiscint, is gan iad léite sa bhfoclóir roimhré. An duine bocht seo a chloisfeadh ‘a chodail amuigh’ don chéad uair, tuige a gceapfá nach mbeadh sé in ann ag an dúshlán? Ní bheadh glacadh ar bith aige leis an leagan nua seo mar chaint litriúil. Go deimhin féin thuigfeadh sé ar an bpointe gur rud eicínt eile atá i gceist seachas teanga amuigh faoin aer istoíche. Agus ar ndóigh ní bheadh sé i bhfad eile ag baint céille as na focla.

    Tá inniúlacht den tsórt seo ginte sa duine. Cuid é den nádúr atá againn leis an gcaint. ‘Prislíneacht’ féin, dá dtuigeá go bhfuil sin ina ainmfhocal, gur cáineadh seachas moladh atá ar siúl, agus dá dtiúrfá leat ciall na bhfocal eile a bheadh in éindí leis, gheobhfá isteach ar an bhfocal ach a chloisteáil cúpla uair.

    Tá togha na n-áiseanna sholáthar eolais in aice láimhe againn, agus contúirt dá bharr go ndallfar muid ar chumhacht na hintinne.

  • Mise Áine

    ‘Bíonn gach aon lá ina lá scoile. Bím féin d’iarraidh focal nó nathanna nua a fhoghlaim gach aon lá.’

    Aontaím. Níl aon fhocal, ná nath, nach dtaitníonn liom, má thugann sé deis dom ‘rud nua’ a fhoghlaim. Agus, bím ag foghlaim…de shíor!

  • Darragh Ó Caoimh

    Go sabhála Mac Dé sinn! Tá cuid des na hargóintí thuas amaideach agus áiféiseach. Munar féidir le colúnaí úsáid a bhaint as focal atá sa bhfoclóir agus iad ag scríobh do phríomh-nuachtán na Gaeilge tá rud éigin mícheart.

    Dála an scéil, bainim an-thaitneamh as léirmheasanna Bhreandáin Mhic Gearailt. Is eiseamláirí iad den dea-scríbhneoireacht. Stíl bhríomhar shaibhir a chleachtann sé agus is minic focail nua á bhfoghlaim agamsa(foghlaimeoir) uaidh. Nach iontach a rud san!

    Déantar neamhaird de lucht an chaighdeáin gur deise leo Gaeilge a chodail i saotharlann teangan. Alfraits abú!!

  • Tadhg Ó Niallagain

    Má’s Gaeilge nádúrtha den chéad scoth atá uait, léigh nó éist le Dara Ó Cinnéide. Dar liomsa níl Dáithí Ó Mórdha agus Conchubhar Ó Liatháin agus a leithéidí ach ag sodar ina dhiaidh.

  • Mairéad

    Ní bheidh an Ghaeilge sách maith riaimh ag déagóirí na Gaeltachta toisc gur “Gaeilge nua” neamhthradisiúnta a labhrann siad (sin nuair a bhíonn deis fánach acu í labhairt) dar leis an grúpa eilíteach a bhíonn i gcónaí ag caitheamh anuas ar an “Ghaeilge a chodail amuigh”. Bhíodh nath in úsáid sna coláistí Gaeilge “Is fearr Gaeilge bhriste ná Béarla cliste!” Tuistí bhochta na Gaeltachta sin an mana a theastaíonn uathu seachas an dream eilíteach go bhfuil a gcloigne sna scamaill ag labhairt go sotalach faoin “Gaeilge a chodail amuigh”. B’fhearr leis an dream eilíteach an teanga a bheith básaithe ná bheith truaillithe le Béarla díreach mar atá Fraincis na nóg sa Fhrainc.

  • Concubhar Ó Liatháin

    ‘Rás go grinneal agus an Liathánach I dtús cadhnaíochta’ – ráite ag fear nó bean ‘cróga’ nach bhfuil sásta fíor ainm a chur lena p(h)óstáil. Níor cheart d’aon suíomh a leithéid de ráiteas ‘ad hominem’ gan údar a fhoilsiú.
    Baineann m’alt ar ‘Meon Eile’ le na bealaí éagsúla atá leitheoirí na Gaeilge á n-imeallú agus ceann de comhlachtaí móra foilsitheoireachta na Gaeilge ag dúnadh de bharr nach bhfuil scoláirí ollscoile ábalta Gaeilge shaibhir a léamh. An ar a leithéid amháin an milleán? Nuair atá an Ghaeilge ar an imeall, an bhfuil gá le plé a dhéanamh ar an ngéarchéim seo agus na fathanna agus, níos tábhachtaí, cad é a dhéanfaimíd chun dul i ngleic le seo. An geallúint a rinne mé ag deireadh m’alt go mbeadh orm leabhar a scríobh mé féin chun daoine a mhealladh chun an Ghaeilge a léamh.
    https://meoneile.ie/anailis/leamh-agus-scriobh-na-gaeilge-fuinn-fein-ata-se

  • Daz

    Foc an caighdeáin

    Gaeilge thuaiscirt mhaigh eo agam fhéin agus is breá liom na hailt Ghaelinne a léamh, mar go ba mhaith liom rud éicint ó stephen fry nó irvine welsh nó will self a léamh.

    Tá a áit ann gon scéal lom leamh ach ó thaobh alt bharrúileach cuir snas uirthi

  • Mícheál

    Nuair atá deireadh ráite, scríofa agus pléite is fíor i gcónaí don seanfhocal a scríobhadh ar fhalla leithris phoiblí éigin i bhfad siar: ‘is fearr Gaeilge bhriste ná Béarla (Fraincis, Polannais, Sínis, Gúglais) c(h)liste’. Déanaigí é sin a chogaint, a chairde na teanga, a chodlaíonn istigh agus amuigh