‘Bím faoi dhraíocht ag an sean-nós’ – Mairéad Ní Fhlatharta ceaptha ina hamhránaí cónaitheach in Ollscoil na Gaillimhe 

Tá Mairéad Ní Fhlatharta, arb as Baile an tSléibhe sa Spidéal di, ag amhránaíocht ó thosaigh sí ag freastal ar ranganna sean-nóis sa Ghaelacadamh agus í seacht mbliana d’aois 

‘Bím faoi dhraíocht ag an sean-nós’ – Mairéad Ní Fhlatharta ceaptha ina hamhránaí cónaitheach in Ollscoil na Gaillimhe 

Tá Mairéad Ní Fhlatharta, amhránaí as Gaeltacht Chonamara, ceaptha ina hAmhránaí Cónaitheach ag Ollscoil na Gaillimhe. 

Tá Mairéad Ní Fhlatharta, arb as Baile an tSléibhe sa Spidéal di, ag amhránaíocht ó thosaigh sí ag freastal ar ranganna sean-nóis sa Ghaelacadamh agus í seacht mbliana d’aois. I measc na múinteoirí a bhí aici, bhí Pat Phádraic Tom Ó Conghaile agus Peatsaí Ó Ceannabháin nach maireann agus deir sí chomh maith gur fhág ceol Sheosaimh Uí Éanaí, Dharach Uí Chatháin, Dara Bán Mac Donnchadha agus Caitlín Maude a lorg uirthi mar amhránaí.  

Dúirt  sí go mbíonn sí “faoi dhraíocht” ag na hamhráin sean-nóis “idir fhoinn agus fhocail” agus go raibh sí ag súil go mór lena ról nua.  

“Is fada liom go mbeidh deis agam saibhreas filíochta na nGael, chomh maith leis an ngrá agus na téamaí éagsúla eile as amhráin na ndaoine a roinnt go fial le linn mo sheal mar amhránaí cónaitheach ag Ollscoil na Gaillimhe.” 

Dúirt an Dr Méabh Ní Fhuartháin gur rud fíorthábhachtach “an nasc beo” atá ag Ollscoil na Gaillimhe leis an traidisiún amhránaíochta agus an cultúr dúchais béil i nGaeltacht Chonamara.  

“Bhí sé de phribhléid againn cuid de na hamhránaithe ba chumasaí ar fad a bheith ag obair lámh ar láimh linn ó bunaíodh an scéim seo 20 bliain ó shin agus níl aon amhras orm ná go gcuirfidh Mairéad Ní Fhlatharta leis an oidhreacht shaibhir sin.” 

Beidh sraith ceardlann saor in aisce á múineadh ag Mairéad Ní Fhlatharta san Ollscoil san earrach agus sa bhfómhar.  

Fág freagra ar '‘Bím faoi dhraíocht ag an sean-nós’ – Mairéad Ní Fhlatharta ceaptha ina hamhránaí cónaitheach in Ollscoil na Gaillimhe '