Bille um Chaidrimh Teaghlaigh agus Leanaí le cíoradh

Bronnfar cearta uchtaithe ar lánúineacha comhghnéis má dhéantar dlí den Bhille

00158641

Tá plé déanta sa Dáil inniu ar an mBille um Chaidrimh Teaghlaigh agus Leanaí atá curtha os comhair an Rialtais ag an Aire Dlí agus Cirt, Frances Fitzgerald.

Déantar cur síos sa Bhille ar chearta tuismitheoireachta teaghlaigh nach teaghlaigh thraidisiúnta iad agus déanfar cíoradh air sa Dáil ar an Aoine bheag seo.

Tá i gceist ag an Rialtas cearta tuismitheora agus caomhnóra a bhronnadh ar pháirtnéirí sibhialta agus ar lánúineacha atá in aontíos ar feadh tréimhsí fada.

Beidh páirtithe agus céilí a thugann aire do pháiste ar feadh dhá bhliain i dteideal iarratas caomhnóra a dhéanamh agus féadfaidh gaolta linbh iarratas dá leithéid a dhéanamh freisin má tá aire tugtha acu don leanbh ar feadh bliana.

Bronnfar na cearta céanna ar aithreacha neamhphósta más féidir leo a chruthú go raibh cónaí orthu le máthair an linbh ar feadh tréimhse leanúnach.

Beidh na cearta uchtaithe céanna ag lánúineacha comhghnéis má dhéantar dlí den Bhille agus tuairiscítear go bhfuil deifir á chur leis anois chun nach ndéanfaí an t-ábhar ann a mheascadh le ceist an Reifrinn a chuirfear os comhair an phobail sa Mheitheamh.

Maidir le ceisteanna eile ar nós giniúint shaorga agus mná ag iompar clainne do mhná eile, tuigtear go bhfuil sé i gceist ag an Rialtas bille eile a thabhairt isteach a rachaidh i ngleic leis na cúrsaí sin.

Ag caint dó ar Claire Byrne Live aréir, dúirt an tAire Sláinte, Leo Varadkar, nach bhféadfadh lánúin gnéas páiste a roghnú sa chás go n-iarrfaidís ar bhean eile leanbh a iompar dóibh, ná nach bhféadfadh a leithéid de shocrú a bheith ann ar bhonn tráchtála, is é sin, go n-íocfaí an bhean as a ucht.