Bille teanga ‘níos láidre’ roimh dheireadh na bliana geallta ag Aire na Gaeltachta

Tá Catherine Martin ‘ag tnúth’ lena céad chuairt oifigiúil a thabhairt ar an nGaeltacht go luath

Bille teanga ‘níos láidre’ roimh dheireadh na bliana geallta ag Aire na Gaeltachta

Tá bille teanga “níos láidre” roimh dheireadh na bliana geallta ag an Aire Sinsearach i Roinn na Gaeltachta.

Dúirt an tAire Meán, Turasóireachta, Ealaín, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta, Catherine Martin, go raibh “níos mó oibre le déanamh” ar an mbille teanga agus go raibh sé “fíorthábhachtach go bhfaighimid i gceart é”.

Ag labhairt di ar an gclár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, dúirt Catherine Martin go dtabharfadh sí féin agus an tAire Stáit Jack Chambers cluas le héisteacht do na moltaí atá ag an gCoimisinéir Teanga agus ag Conradh na Gaeilge maidir le conas an bille a láidriú.

Dúirt sí go mbeadh bille “níos láidre” achtaithe roimh dheireadh na bliana.

Maidir le na tosaíochtaí eile a bheidh ag an Aire Catherine Martin, luaigh sí an plean cúig bliana maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus an córas pleanála teanga.

Tá ráite cheana ag an gCoimisinéir Teanga go bhfuil  “easnaimh” ar an mbille atá in ainm is an dlí teanga a neartú, agus é míshásta go háirithe faoi chás na Gaeltachta agus faoi cheist na hearcaíochta sa bhille.

“Is fada muid ag cásamh na laigí ar an reachtaíocht mar atá agus ba cheart go dtabharfaí aghaidh orthu ag an tráth seo. Deis chaillte a bheadh ann gan sin a dhéanamh,” a dúirt an Coimisinéir Teanga nuair a foilsíodh ag deireadh na bliana seo caite í.

Bhí easaontas mór idir an Rialtas deireanach agus an freasúra faoi fhiúntas na reachtaíochta.

Mhaígh an Rialtas deireanach gur “ré úr don Ghaeilge” a bhí sa bhille atá le leasú a dhéanamh ar an acht teanga, ach dúirt an freasúra gur údar mór “díomá” a bhí ann.

Thug polaiteoirí an fhreasúra le fios go dtacóidís leis an mbille ag an dara céim sa Dáil agus go bhfanfaidís go dtí céim an choiste sula gcuirfí an scian ag obair air, ach chuir toghchán tobann le haistear na reachtaíochta i dTithe an Oireachtais.

Bhí Seán Kyne ar an tríú haire stáit Gaeltachta de chuid Fhine Gael nár éirigh leis an reachtaíocht Ghaeilge a thabhairt isteach in ainneoin na ngeallúintí go léir go ndéanfaí a leithéid le nach mór naoi mbliana anuas.

Dúirt Catherine Martin go raibh sí “ag tnúth” le cuairt oifigiúil a thabhairt ar an nGaeltacht go luath, rud nach bhfuil déanta aici ó ceapadh ina haire í nach mór trí mhí ó shin.

Fág freagra ar 'Bille teanga ‘níos láidre’ roimh dheireadh na bliana geallta ag Aire na Gaeltachta'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Is maith an scéal go bhfuil sé i gceist ag an Aire Catherine Martin cluas éisteachta a thabhairt do na moltaí atá ag an gCoimisinéir Teanga agus ag Conradh na Gaeilge maidir le conas an bille a láidriú. Ach tá mé cinnte go bhfuil moltaí ag pobail na Gaeltachta chomh maith, ar fiú éisteacht leo. I gcead do Chonradh na Gaeilge ní labhrann sé ar son na Gaeltachta.

  • Pól Ó Braoin

    An tsifleáil chéanna chainte a chuala muid ó bhí Adhamh ina ghasúr atá á spalpadh acu, cheapfainn…

  • Traolach Ó Sioradáin

    Táimid ag feitheamh leis an mbille teanga seo le fada. Tá súil agam go mbeidh éifeacht cheart leis an reachtaíocht.