Is iomaí duine atá ag cuimhneamh ar ranganna Gaeilge a cheannacht dá gcairde i mbliana. De réir tuairisce, tá méadú 60% tagtha ar líon na gcuardach ar Google don frása ‘learn Irish online’. Thug Conradh na Gaeilge le fios níos túisce i mbliana go bhfuil méadú faoi chúig tagtha ar líon na bhfiosrúchán atá faighte acu ar ranganna Gaeilge le bliain anuas.
Anois agus an Nollaig beagnach linn, is an bhliain nua díreach ina diaidh, nach am maith atá ann le ranganna Gaeilge a cheannacht mar bhronntanas Nollag don ‘Gaeilge-curious’ i do shaol?
Cuimhnigh, ní don Nollaig amháin í an Ghaeilge, caithfear aire a thabhairt do do Ghaeilgeoirín nua ar feadh na bliana. Ach an oiread le madra óg, caithfear a dhéanamh cinnte go bhfaigheann do Ghaeilgeoir nua neart cúnaimh agus tacaíochta. Ní fhéadfaidh tú a bheith ag ceannacht ranganna dóibh agus iad a thréigean ina dhiaidh sin. Beidh neart tacaíochta agus aire ag teastáil ó do Ghaeilgeoir nua sna míonna amach romhainn.
B’fhéidir go mbeadh siúlóidí rialta ag teastáil, cupán tae anois is arís is buille boise ar an sciathán le go gcoinneoidh siad a misneach. Cuimhnigh go mbeidh neart den mholadh ag teastáil ón nGaeilgeoir nua, abair rudaí deasa ar nós ‘Maith an bhean!” agus ‘a mhac a deoín, is iontach an mac thú!”
Bí ar d’aire freisin go mb’fhéidir go gcuirfí ceisteanna ort, ceisteanna goilliúnacha scaití nach mbeadh aon fhreagra agat orthu. D’fhéadfadh go gcuirfí ceist ort ar nós, “má bhíonn ceithre ainmfhocal i ndiaidh a chéile, an gcuirtear gach focal sa tuiseal ginideach?” nó ‘Cén Ghaeilge a chuirfeá ar ‘I wandered lonely as a cloud, that floats on high o’er vale and hill’?’.
Ní mór do chúramóir an Ghaeilgeora nua freagra éigin a bheith réitithe acu do na ceisteanna seo nuair a thagann siad. Agus, tiocfaidh siad.
D’fhéadfá d’obair bhaile a dhéanamh agus filleadh ar na leabhair ghramadaí. Nó d’fhéadfá cur chuige níos fealsúnaí a roghnú, agus breathnú uait go rúndiamhair nuair a chuirfí an cheist ort agus abair ‘ag Dia amháin atá a fhios, a dheirfiúirín, ag Dia amháin atá a fhios’.
***
An gadhar AI
Ní don Nollaig amháin í an Ghaeilge agus ní don Nollaig amháin atá an gadhar nua ach an oiread. Ach céard faoin ngadhar AI? Tá go leor fógraí feicthe agam le roinnt seachtainí anuas do ghadhar bréige ina mbaintear úsáid as córas na hintleachta saorga.
Níl a fhios agam an bhfuil na fógraí seo coitianta, nó an bhfuil siad á ndíriú ormsa mar gheall go bhfuil an guthán ag éisteacht liom is mé ag tabhairt amach faoi na gadhair atá againn cheana féin. Anois agus leath de na rudaí a fheiceann muid á rialú ag an algartam uilechumhachtach, is deacair a rá cé acu coitianta atá rud nó nach ea.
Ar aon nós, bíodh sé coitianta nó ná bíodh, tá dianmhargaíocht á déanamh orm leis an ngadhar AI a cheannacht don Nollag. Le breathnú air, tá sé cosúil le gadhar den mhianach Bichon Frisé, is é sin le rá go bhfuil sé cosúil le liathróid chadáis agus dhá shúil air. Tá ‘My Realistic Robot Puppy’ in ann siúl, a eireaball a chroitheadh, agus suí síos nuair a deirtear leis é. Tá sé i bhfad chun cinn ó thaobh scileanna dhe ná mo dhá ghadhairín ceanndána féin.
Is cosúil go bhfuil an róbógadhar in ann tafann a dhéanamh freisin, cé nach bhfuil a fhios agam an bua é sin nó laige. Is dóigh go bhfuil cnaipe air freisin gur féidir é a chasadh as.
Meas tú an bhfuil margadh ann dá leithéid? D’fhéadfaí róbatanna eile a fhorbairt, róbat iasc órga a ghabhfadh thart sa mbabhla uisce i gciorcail, róbat bó ar chúl an tí ag cogaint na círe is ag géimneach, róbat cat ag stróiceadh an toilg, róbósioráf sa zú. Is gearr uainn anois é, ní bheidh aon ní beo uainn ar chor ar bith.
***
Ag léamh…
An Saol Sona, leagan Gaeilge le Máirín Ní Mhárta den úrscéal La vie heureuse le David Foenkinos. Foilsithe ag Barzaz. Scéal comhaimseartha faoi fhear atá imithe ar strae ina shaol agus é ag iarraidh a dhéanamh amach cá ndeachaigh sé amú.
Fág freagra ar 'Bí deas leis na ‘Gaeilge-curious’ mar ní don Nollaig amháin an teanga, róbóghadhar agus AI'