Bí ag obair go cliste seachas go dian agus ní chlisfear ort le rúin na hathbhliana

Níor mharaigh an obair dhian aon duine riamh, a deirtear, ach íoctar go géar aisti

Bí ag obair go cliste seachas go dian agus ní chlisfear ort le rúin na hathbhliana

Pé rún a roghnaíomar do thús na bliana 2018, tá iarracht ar siúl againn feabhas a chur ar ghné éigin den saol – nósanna agus iompar nua a dhaingniú a chuireann ar bhóthar ár leasa sinn, nó a dhéanann maitheas do dhuine éigin.

Gníomh chun feabhais.

I measc na rún a dhéantar, bíonn cuid mhaith dírithe ar bhainistíocht ama agus cothromaíocht níos fearr a fháil idir an saol gairmiúil agus an saol pearsanta. Ar thaobh amháin tá an obair, agus ar an taobh eile, an teaghlach, an tsláinte, am saor, fóillíocht, agus aon chúraimí eile. Nó go deimhin, saoirse ó na cúraimí sin.

Ach tá teachtaireacht áirithe le clos go minic le tamall anuas, agus is fiú é a chur san áireamh an tráth seo bliana agus an rún á roghnú. Is gá oibriú níos cliste, seachas níos déine, a deir na cóitseálaithe saoil, iad siúd a thugann comhairle mar gheall ar conas tabhairt faoi spriocanna an tsaoil a bhaint amach ar shlí a mhaolaíonn an dua agus a mhéadaíonn an rath.

Agus a chabhraíonn le cothromaíocht mhaith sa tslí sin idir an saol gairmiúil agus an saol pearsanta.

Obair go héifeachtach?  Is ea, ach…

Dhealródh gur gá idirdhealú tábhachtach a dhéanamh anseo. Obair éifeachtach is ea an obair a chríochnaíonn leis an toradh fónta a bhí mar sprioc. Tá éifeacht leis an obair sa chás sin.

Ach san aois seo ina bhfuil an-trácht ar bhainistiú áiseanna (áiseanna daonna, ábhar, am, agus araile), tagann ceist eile isteach in aigne an duine; arbh fhéidir an toradh fónta céanna a bhaint amach ar chaiteachas níos lú? Conas is féidir an t-ídiú áiseanna a laghdú gan baint den toradh?

Tá dhá chur chuige ann. D’fhéadfaí an bhó a chur thar abhainn ach a bheith cortha tnáite ina dhiaidh. Nó d’fhéadfaí í a chur trasna agus go leor fuinnimh a bheith fós agat chun tabhairt faoi chúraimí eile. Dul ag iascaireacht – mar phléisiúr!

Ní leor mar sin díriú ar an toradh fónta a bhaint amach agus a bheith beag beann ar an dua agus an dícheall a chaitear leis an modh a úsáidtear chun déanamh amhlaidh.

Gan amhras, tá an-mheas ar a bheith ag obair go dian, mar fhealsúnacht saoil. Níor mharaigh an obair dhian aon duine riamh, a deirtear. Ach is iomaí sin cás ina n-íoctar go géar aisti. Agus costas amháin a íoctar i gcásanna áirithe is ea easpa ama do chúraimí tábhachtacha eile. Fágtar cathú ar dhaoine dá bharr, agus méadaítear ar an gcathú sin agus deireadh an tsaoil ag druidim leat.

Ní foláir don té nach bhfuil láidir a bheith glic. Ach dhealródh go gcaithfidh gach éinne, láidir nó lag, a bheith glic sna cúrsaí seo. Conas tabhairt fúthu go glic mar sin?

Cinnte, tugann an trealamh agus an teicneolaíocht deis dúinn cuid den treabhadh agus an obair throm a chur ar leataobh. Ach tá go leor moltaí ar fáil ó na cóitseálaithe saoil ina theannta sin.

Cuimhnigh ar an toradh atá ag teastáil uait, a mholann siad, agus dírigh ar thasc amháin ag an am, go dtí go mbeidh a bhfuil idir lámha agat críochnaithe. Tógáil ar an méid atá déanta cheana féin, agus is féidir teacht i dtír air sin. Éirigh as an roth a chumadh as an nua. Luigh ar an luamhán agus laghdaigh an dícheall. 

Meabhrú atá sa mhéid seo do thasc ar bith. Ach baineann tábhacht ar leith leis ag an tráth seo bliana.

Tá sé in am rún a rith mar sin. Smaoinigh ar obair go cliste, seachas go dian. Agus ní chlisfidh ort le rún na hathbhliana. Ná go deimhin féin, le rún na hadhmhaidine.

Fág freagra ar 'Bí ag obair go cliste seachas go dian agus ní chlisfear ort le rúin na hathbhliana'