Céard is cuimhin leat faoi do chéad Oireachtas?
Bhuel, bhí mé ag mo chéad Oireachtas anuraidh, an gcreidfeá é sin? Is cuimhin liom go maith é mar sin! Bhí mé ar bís le bheith thíos ann le tuiscint cheart a fháil ar an ócáid seo a bhíonn á plé ag chuile dhuine beo i bpobal na Gaeilge! Bhí ‘whiplash’ de shaghas éigin orm agus mé thíos ann den chéad uair – bhí an oiread sin rudaí difriúla ar siúl agus an oiread sin daoine ann a d’aithin mé ó na meáin shóisialta – tháinig mé abhaile ina dhiaidh leis na mílte cairde nua.
Céard é an rud is fearr faoin Oireachtas?
An rud is fearr faoin Oireachtas ná an pobal, an cairdeas agus an muintearas, 100%. An chaoi ina ndéanaim cur síos ar an Oireachtas do dhaoine nach raibh riamh ann ná go bhfuil sé ar nós bainis teaghlaigh agus ceapaim go bhfuil an cur síos cruinn go leor.
Céard é an rud is measa faoin Oireachtas?
An rud is measa faoin Oireachtas ná an easpa codlata; teastaíonn ocht n-uaire uaim chuile oíche agus níl seans ar bith go bhfaighfeá é sin ag an Oireachtas!
Cill Airne arís?
Tá Cíll Airne arís go breá liomsa, ní raibh mé ann ach uair amháin ach ag an am céanna bhí mé ag éirí cineál bréan de bheith ag siúl suas agus anuas na hallaí agus na staighrí céanna chuile lá beo ‘s mé ann anuraidh! Ach tá mé réidh he haghaidh tús nua i gCill Airne i mbliana!
Comhairle don té atá ag freastal ar a chéad Oireachtas?
Freastal ar an méid is mó ócáidí / imeachtaí gur féidir leat – is fiú breathnú ar chlár na n-imeachtaí roimh ré le plean a chur le chéile duit féin ionas go mbeidh tú in ann freastal ar an méid atá tú ag iarraidh.
Club na Féile nó Corn Uí Riada?
Club na Féile – is breá liomsa a bheith ag grúváil!
Dá mbeifeá i bhfeighil ar an Oireachtas céard iad na hathruithe a dhéanfá?
Hmmmmmm – b’fhéidir tuilleadh imeachtaí sóisialta le go mbeadh daoine in ann aithne a chur ar dhaoine nua? I mo thuairimse – glactar leis go bhfuil aithne ag formhór phobal na Gaeilge ar a chéile ach bheadh sé go hálainn spás a chruthú do nua-chainteoirí nó daoine atá díreach tosaithe ag labhairt na Gaeilge.
Céard is comhartha Oireachtas maith ann?
Is comhartha Oireachtas maith ann má tá do ghlór imithe is tú ag fágáil, nó más gá duit an carr a stopadh ar thaobh an bhóthair le nap nó néal beag a dhéanamh ar an mbealach abhaile. (Ní dhearna me féin é sin ach is scéal é atá cloiste agam ó dhuine de mo chairde!)
Céard iad na seifteanna atá agat le teacht slán as an Oireachtas?
STREPSILS. STREPSILS. AGUS TUILLEADH STREPSILS le do ghlór a chosaint. Nó tae luibhe le mil chuile mhaidin.
Cén tOireachtas ab fhearr leat agus cén fáth?
Oireachtas 2024 toisc go raibh gúna ÁLAINN agam le caitheamh ag na Gradaim Chumarsáide!
Fág freagra ar 'Bhí ‘whiplash’ de shaghas éigin orm agus mé ag mo chéad Oireachtas – bhí an oiread sin rudaí difriúla ar siúl '